Anseo atá tú:
Baile
>
Reference
>
Checklists
>
Seicliosta do náisiúnach nach ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
dó, atá ina chónaí lasmuigh d’Éirinn agus atá ag pósadh náisiúnach
Éireannach
Ní chaithfidh náisiúnach nach ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch dó,
agus atá ag pósadh náisiúnach Éireannach, a bheith ina chónaí in Éirinn
go dtarlódh an pósadh in Éirinn. Más náisiúnach tú nach ón Limistéar
Eorpach Eacnamaíoch duit agus gur mian leat náisiúnach Éireannach a
phósadh áfach, tá nósanna imeachta áirithe ann a chaithfear a leanúint
má tá tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn. Tá sé an-tábhachtach go
gcomhlíonfar na rialacha maidir le cónaí
in Éirinn do náisiúnaigh nach ón LEE dóibh agus na ceanglais
dlíthiúla maidir le pósadh in Éirinn.
Roimh
an bPósadh
- Caithfear a
chur in iúl don Chláraitheoir go mbeidh tú ag pósadh. Caithfear é
seo a dhéanamh 3 mhí ar a laghad roimh an bpósadh. Caithfear cead a
fháil ón gCláraitheoir don náisiúnach nach ónLEE dó chun an fógra
trí mhí a dhéanamh sa phost. Caithfidh an náisiúnach nach ón LEE dó
bualadh leis an gCláraitheoir go pearsanta 5 lá ar a laghad roimh an
bpósadh.
- Is féidir le náisiúnach nach ón LEE dó agus
a mbíonn víosa riachtanach dó chun teacht go hÉirinn cur isteach ar
víosa
gearrchónaithe (víosa ‘C’) chun cuairt a thabhairt ar Éirinn.
- Tar éis teacht i dtír in Éirinn ba chóir don náisiúnach nach ónLEE
dó cead a fháil chun fanacht trí chlárú leis an oifigeach
clárúcháin inimirce áitiúil. I mBaile Átha Cliath cláraítear ag
Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI), agus lasmuigh
de Bhaile Átha Cliath ag ceanncheathrú cheantar áitiúil an gharda
síochána. Cuirfear Stampa uimh. 3 i bpas an náisiúnaigh nach ónLEE
dó, rud a chiallaíonn nach bhfuil cead aige nó aici oibriú in Éirinn.
Is féidir leat eolas a aimsiú faoi stampaí inimirce ar
láithreán
gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIE).
- Ba chóir don náisiúnach nach ónLEE dó mar aon leis an Náisiúnach
Éireannach cuairt a thabhairt ar an gCláraitheoir go pearsanta chun an
Fhoirm Chláraithe Pósta a fháil 5 lá ar a laghad roimh an bpósadh.
- Tarlaíonn an pósadh.
Tar
éis an phósta
- Má tá víosa gearrchónaithe (C) ag an náisiúnach nach ónLEE
dó caithfidh sé nó sí imeacht as Éirinn roimh dháta éaga an
cheada gearrchónaithe arna dheonú ag na húdaráis inimirce - is í an
uastréimhse chónaithe ná 3 mhí. Má tá sé de rún ag céile an
náisiúnaigh nach ónLEE dó filleadh ar Éirinn chun cónaí lena chéile
nó lena céile Éireannach is féidir leis nó léi cur isteach ar víosa
fadchónaithe (D). Ar theacht i dtír in Éirinn don chéile nach
ónLEE dó caithfear clárú leis an oifigeach clárúcháin inimirce
áitiúil mar chéile náisiúnach Éireannach
nó
Mura gceanglaítear ar an gcéile nach ónLEE dó víosa a bheith
aige caithfear clárú leis an oifigeach clárúcháin inimirce
áitiúil mar chéile náisiúnach Éireannach.
- Ag clárú mar chéile náisiúnach Éireannach Tá sé
tábhachtach go mbíonn an chéile Éireannach i dteannta na céile nach
ónLEE dó agus iad ag déanamh iarratais ar chlárúchán leis an
oifigeach clárúcháin inimirce áitiúil. Caithfidh siad an deimhniú
pósta agus an dá phas bhailí a thabhairt leo. Beidh an stampa cónaithe
a dheonófar ag brath ar cibé an deimhin leis an oifigeach clárúcháin
inimirce áitiúil gur fíorphósadh atá ann. Má chuirtear dóthain
fianaise i láthair lena chruthú gur fíorphósadh atá ann, féadfar
stampa 4 a eisiúint don chéile nach ónLEE dó. Mura ndéantar amhlaidh,
féadfar an cás a chur ar aghaidh chuig Seirbhís Eadóirseachta agus
Inimirce na hÉireann. Ní bhíonn aon teidlíocht láithreach ag duine ar
chónaí in Éirinn tar éis náisiúnach Éireannach a phósadh. Is
féidir leat tuilleadh mionsonraí a aimsiú faoi chlárú mar chéile
náisiúnach Éireannach ar láithreán gréasáin SEIÉ.
- Ní bhíonn ceadúnas oibre ag teastáil ó náisiúnaigh nach ón LEE
dóibh agus atá pósadh náisiúnaigh Éireannacha nuair a bhíonn stampa
4 formhuinithe ar a bpas.
- Féadfaidh náisiúnach nach ónLEE dó atá pósta ar náisiúnach
Éireannach ar feadh 3 bliana agus a chomhlíonann ceanglais chónaithe
áirithe iarratas
a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach.