Nuair atá tú ag déanamh iarratais ar dheontas cothabhála mic léinn iarrfar ort roinnt cáipéisí a sholáthar chun tacú le do chuid iarratais. Cé nach bhfuil an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais go dtí deireadh mhí Lúnasa de ghnáth (roimh thús an chúrsa) tá sé ríthábhachtach tosú ar na cáipéisí a bhfuil gá leo a chur le chéile i bhfad roimh ré. Uaireanta bíonn moill i gceist le cáipéisí áirithe a fháil, mar shampla P60 ó d'fhostóir.
D'fhéadfadh mic léinn le hioncam teaghlaigh* faoi bhun teorainneacha ioncaim áirithe (ag brath ar mhéid an teaghlaigh) a bheith i dteideal deontas cothabhála. Ní mór duitse nó do thuismitheoirí sonraí faoi ioncam an teaghlaigh a thabhairt ar an bhfoirm iarratais le haghaidh an deontais. Is iad na cáipéisí ar gá iad a sholáthar leis an bhfoirm ná fianaise faoi ioncam an teaghlaigh, agus de ghnáth baineann siad leis an mbliain roimhe sin. Mar shampla, má tá tú ag déanamh iarratais ar dheontas cothabhála don bhliain 2010/2011 iarrfar ort P60 a sholáthar don bhliain 2009.
*Más iarrthóir neamhspleách aibí thú atá i do chónaí ar leithligh ó do thuismitheoirí ar 1 Deireadh Fómhair an bhliain roimh an iarratas, déantar measúnú ort i gcomhair d'ioncam féin amháin.
| Cuid | Cáipéisí éilithe |
| Faisnéis phearsanta | Foirm fhada den teastas breithe, (ní mór d'iarrthóirí neamhspleácha aibí cruthúnas cónaitheachta, cosúil le bille fóntais, a sholáthar don 1 Deireadh Fómhair na bliana roimhe sin) |
| Ioncam ó fhostaíocht nó ó phinsean nach pinsean leasa shóisialaigh é | Ráiteas P21 faoi ioncam iomlán, ráiteas
comhardaithe ÍMAT agus P60 P45, más infheidhme Litir ó fhostóir nó ó riarthóir na scéime pinsin |
| Ioncam iomlán ó na híocaíochtaí leasa shóisialaigh/Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) uile | Ráiteas scríofa ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ón FSS más infheidhme ar a bhfuil ainm an fhaighteora, ainm na scéime, méid a fuarthas agus an dáta a thosaigh na híocaíochtaí, agus más infheidhme, an dáta a stop na híocaíochtaí |
| Ioncam ó fhéinfhostaíocht lena n-áirítear feirmeoireacht | Cóip de na cuntais do gach gnó Ríomh de bhrabús/(caillteanas) do cháin ioncaim Fógra faoi mheasúnú Cóip d'admháil ó CPCS nó soláthraí Blianachta Scoir |
| Cíos agus ioncam eile ó thalamh agus maoin | Cóip de na cuntais do gach gnó Ríomh de bhrabús/(caillteanas) do cháin ioncaim Fógra faoi mheasúnú |
| Ioncam ó airgead cothabhála, comhaontuithe scartha/colscartha | Cruthúnas faoi Shochar reatha Banchéile Tréigthe nó Íocaíocht reatha do Theaghlach Aontuismitheora nó comhaontú cothabhála/ordú/foraithne colscartha nó mionscríbhinn faoi mhionn go bhfuil sibh scartha |
| Diúscairt sócmhainní | Ríomh gnóthachain chaipitiúil don bhliain cánach roimhe sin mar a soláthraíodh nó mar a sholáthrófar don Chigire Cánach |
Is féidir níos mó sonraí faoi céard a éilítear a léamh, trí fhéachaint ar chóip shamplach den fhoirm iarratais le haghaidh deontas cothabhála agus na nótaí a ghabhann léi. Chun foirm iarratais le haghaidh deontas cothabhála a fháil ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar d'údarás áitiúil nó ar do choiste gairmoideachais. De réir an Bhille um Thacaíocht do Mhic Léinn 2008 (pdf) tá sé beartaithe go riarfaidh na coistí gairmoideachais na deontais chothabhála tríú leibhéal. Leanadh leis na socruithe reatha maidir le deontais do 2009/2010.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.