| Nós imeachta iomarcaíochta | Teidlíocht agus pointí le seiceáil |
| Fógra iomarcaíochta | Ar a laghad fógra de dhá sheachtain agus Fógra Iomarcaíochta (Rannóg A de RP50) ag tabhairt dáta críochnaithe na fostaíochta |
| Ag cáiliú d'iomarcaíocht |
Ar a laghad dhá bhliain de sheirbhís leanúnach leis an bhfostóir, féach breis faisnéise faoi cé acháilíonn d'iomarcaíocht anseo |
| Tairiscint d'obair mhalartach | Ba chóir gur tairiscint réasúnta a bheadh ann. (Nóta: má dhiúltaíonn tú tairiscint réasúnta d'fhéadfá do theidlíocht ar íocaíocht iomarcaíochta a chailleadh) |
| Asleagan nó gearr-am | Más i gcás asleagain nó gearr-ama atá tú, d'fhéadfá íocaíocht iomarcaíochta a éileamh ar fhoirm RP9 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre). |
| Líon na n-iomarcaíochtaí | Cé acu na fostaithe ar fad nó díreach cuid acu |
| Roghnú chun iomarcaíochta | Má roghnaítear go héagórach tú chun iomarcaíochta d'fhéadfá éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach. (Áfach, má chinneann d'fhostóir go mbeidh do chuid oibre déanta de réir modha éagsúil agus mura mbíonn tú cáilithe chun an modh oibre seo a dhéanamh, beidh cás iomarcaíochta ann.) |
Más comhiomarcaíocht atá i gceist, |
Ba chóir don fhostóir faisnéis a sholáthar ar a laghad 30 lá roimh dhífhostú. |
| Íocaíocht iomarcaíochta | An teidlíocht reachtúil amháin nó an féidir níos mó a chomhaontú leis an bhfostóir? |
| Méid an phá iomarcaíochta reachtúil | Is féidir leat an bhileog oibre Ag ríomh d'íocaíocht iomarcaíochta anseo a úsáid nó áireamhán iomarcaíochta ar líne |
Am saor chun obair a chuardach |
Le linn an dá sheachtain deiridh roimh chríochnú na fostaíochta |
| Ag fágáil roimh chríochnú na fostaíochta | Tabhair foirm chomhlánaithe RP6 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre) go dtí d'fhostóir. |
| Dáta críochnaithe na fostaíochta | Tugann an fostóir Deimhniú Iomarcaíochta duit (Rannóg B den fhoirm RP50) agus d'íocaíocht iomarcaíochta mar chnapshuim. |
| Gan aon íocaíocht iomarcaíochta tugtha | Mura bhfuil do chnapshuim iomarcaíochta íoctha ag d’fhostóir, ba chóir duit iarratas ar d'fhostóir a dhéanamh. Má dhiúltaíonn d'fhostóir don íocaíocht fós, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht díreach ón gCiste Árachais Sóisialaigh sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Caithfidh tú iarratas ar líne a dhéanamh agus foirm RP50 a úsáid. |
| Aighneas faoi iomarcaíocht | Laistigh de 12 mhí déan éileamh ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.. |
| Breis faisnéise ar fáil |
Léigh faoi nósanna imeachta iomarcaíochta nó déan teagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre. |
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.