Anseo atá tú: Baile > Reference > Checklists > Gluais de Théarmaí Inimirce

Print Page Send to a Friend

Gluais de Théarmaí Inimirce

Gluais de Théarmaí Inimirce

Iarrthóir tearmainn Duine atá ag iarraidh go n-aithneofaí é mar Dhídeanaí Coinbhinsiúin faoi Choinbhinsiún na Ginéive 1951
Cead gnó Seo cead scríofa ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais do náisiúnach neamh-LEE le ligeann duit tú féin a lonnú agus dul i mbun gnó in Éirinn. Is gnách go dtugtar cead gnó ar feadh bliain amháin ar dtús.
Náisiúnach nach mór víosa a bheith aige/aici, beidh víosa ag teastáil uaidh nó uaithi fós chomh maith leis an gcead gnó.
Má tá cead gnó agat déanfar an stampa cónaithe uimhir 1 ar do phas a fhormhuiniú.
Víosa C An chineál víosa a ligeann do náisiúnach nach mór víosa a bheith aige/aici teacht go hÉirinn agus é ar intinn aige nó aici fanacht ar feadh 90 lá (3 mhí) ar a mhó. Ní féidir é a athnuachan agus ní mór don sealbhóir an Stát a fhágáil nuair a éagann an víosa nó roimhe sin.
Dídeanaí Coinbhinsiúin Duine atá aitheanta mar dhídeanaí faoi na critéir atá leagtha amach i gCoinbhinsiúin na Ginéive 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, mar atá curtha i bhfeidhm ag an reachtaíocht in Éirinn.
Gheobhaidh dídeanaí Coinbhinsiúin stampa cónaithe uimhir 4 agus ní gá dó/dí le cead fostaíochtacead gnó le hoibriú in Éirinn.
Víosa D Víosa a ligeann do náisiúnach nach mór víosa a bheith aige/aici teacht go hÉirinn agus é ar intinn aige/aici fanacht níos faide ná 90 lá (3 mhí). Ní mór don sealbhóir clárú leis an oifigeach clárúcháin inimirce ábhartha.
Náisiúnach LEE

Saoránach as ceann de na ballstáit sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an AE (féach náisiúnach AE thíos) i dteannta leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Baineann socruithe cosúlacha do náisiúnaigh na hEilvéise agus mar sin is minic go n-úsáidtear an téarma náisiúnach LEE le náisiúnaigh LEE agus na hEilvéise a chlúdú.

Ní chuirtear aon stampa cónaithe ar phas náisiúnach LEE nuair a thagann sé/sí go hÉirinn.
De ghnáth ní gá do náisiúnach LEE (seachas náisiúnaigh áirithe as an mBulgáir agus an Rómáin) le cead fostaíochtacead gnó le hoibriú in Éirinn.

Cead fostaíochta Doiciméad nach mór bheith ag náisiúnaigh neamh-LEE (agus Bulgáraigh agus Rómánaigh áirithe) le cead a fháil oibriú in Éirinn. Thagair an téarma sin ar dtús do cheadanna oibre, víosaí oibre agus údaraithe oibre.
Ó 1 Feabhra 2007 tá 3 chatagóir de chead fostaíochta ann: Cártaí Glasa, ceadanna oibre, agus aistriú idirchomhlachta (pdf).
Má tá Cárta Glas nó cead oibre agat, déanfar stampa cónaithe uimhir 1 ar do phas a fhormhuiniú.
Náisiúnach AE nó saoránach AE Saoránach den Aontas Eorpach. Is iad baill an AE ná: An Ostair, an Bheilg, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Íoslainn, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe.
Ní chuirtearstampa cónaithe ar phas náisiúnach AE nuair a thagann sé/sí go hÉirinn. Is féidir le náisiúnach AE (seachas náisiúnaigh áirithe as an mBulgáir agus an Rómáin) oibriú in Éirinn gan ghá le cead fostaíochtacead gnó.
Biúro Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) freagrach as gach oibríocht de chuid an Gharda Síochána a bhaineann le hinimirce sa Stát. Eisíonn sé an deimhniú clárúcháin inimirce nó an cárta BNGSI (féach thíos) do náisiúnaigh neamh-AE.
Cárta BNGSI Ainm eile don deimhniú clárúcháin inimirce.
Cárta Glas Cineál nua cead fostaíochta do ghairmeacha in Éirinn ina bhfuil easpa scileanna. Baineann scileanna le liosta srianta gairme sa raon tuarastail bliantúil idir €30,000 agus €60,000 agus do ghairmeacha sa raon tuarastail bliantúil thar €60,000. Ó 1 Feabhra 2007 chuaigh sé in áit an víosa oibre agus an t-údarú oibre. Má tá cead Cárta Glais agat déanfar stampa cónaithe uimhir 1 a fhormhuiniú ar do phas.
Deimhniú clárúcháin inimirce

Cárta a eisíonn Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) do gach náisiúnach neamh-LEE a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu in Éirinn agus a fhanann in Éirinn ar feadh níos faide ná 3 mhí. Má tá an Deimhniú Clárúcháin seo ag duine dearbhaíonn sé gur chláraigh siad lena n-oifigeach clárúcháin inimirce áitiúil.

Doiciméad ar an méid céanna le cárta creidmheasa atá sa chárta. Áirítear leis grianghraf den duine, uimhir an stampa chónaithe ábhartha (féach thíos) dáta éagtha agus an uimhir tagartha BNIGS.

Uaireanta tugtar cárta BNGSI nó cead cónaithe ar an gcárta seo agus d'fhéadfaí Leabhar Glas a thabhairt air freisin. Tugadh Leabhar Eachtrannach air freisin.

Tá go leor leaganacha éagsúla den chárta BNGSI ann, ag brath ar stádas an duine. Tá cur síos ar na cineálacha éagsúla cártaí thíos. Gearrtar táille €150 ar an gcárta (le heisceachtaí).

Oifigeach inimirce Ceapann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais oifigigh inimirce faoi reacht. Áirítear lena gcuid feidhmeanna agallamh a chur orthu siúd a thagann chuig an Stát le socrú an náisiúnaigh eachtrannacha iad, agus más iad, an bhfuil na doiciméid chearta acu agus an ceart cead a thabhairt dóibh tuirlingt sa Stát nó bheith ann. Is gnách go dtugtar an cead sin i bhfoirm stampa ar an bpas. Tugtar stampa cónaithe air sin de ghnáth nó d'fhéadfadh nach mbeadh ann ach stampa tuirlingthe.
Oifigeach clárúcháin inimirce

Ball den Gharda Síochána atá freagrach as náisiúnaigh neamh-LEE a fhanann in Éirinn ar feadh níos faide ná 3 mhí a chlárú.

I réigiún cathrach Bhaile Átha Cliath is é an BNGSI atá lonnaithe ar Ché an Bhúrcaigh atá freagrach as an bhfeidhm sin. Taobh amuigh den cheantar sin, is é an t-oifigeach clárúcháin inimirce áitiúil ná an Ceannfort ag ceanncheathrú dúiche áitiúil an Gharda Síochána. Tá socruithe áitiúla ar bun i ndúichí áirithe. Mar shampla, féadann daoine a bhfuil cónaí orthu i ndobharcheantair Stáisiún an Gharda Síochána i mBaile Coimín, Co. Chill Mhantáin agus Stáisiún an Gharda Síochána i Má Nuad, Co. Chill Dara clárú ag na stáisiúin áitiúla sin.

Cárta buanchónaithe An chineál cárta BNGSI a eisítear do bhall teaghlaigh saoránaigh AE a bhfuil cónaí air/uirthi sa Stát le cúig bliana nach náisiúnach LEE é/í. Tabharfaidh an cárta sin taifead gurb é an cead atá ag an mball teaghlaigh fanacht ná stampa cónaithe uimhir 4 EU-FAM. Fiú más náisiúnach nach mór víosa a bheith aige/aici, é an sealbhóir ní bheidh gá acu le víosa athiontrála nuair a fhilleann siad ar Éirinn tar éis seala thar lear. Úsáidtear an fhoirm iarratais EU 3 le cur isteach ar an gcineál sin cárta BNGSI. Ní ghearrtar aon táille.
Deimhniú buanchónaithe

Litir a eisítear doshaoránach AE a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn le 5 bliana nó níos faide.

Úsáidtear an fhoirm iarratais EU 2 le cur isteach ar an deimhniú sin. Ní ghearrtar aon táille.

Ball teaghlaigh ceadaithe

Cleithiúnach, céile nó páirtnéir sibhialta náisiúnaigh AE nach náisiúnach LEE é/í nach ball teaghlaigh cáilithe é/í (féach thíos). Líon siad foirm iarratais EU1 agus tugadh cead dóibh mar bhall teaghlaigh ceadaithe ag Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann faoi Rialachán na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008.

Gheobhaidh ball teaghlaigh ceadaithe stampa cónaithe uimhir 4 EU-FAM agus ní gá dó/dí le cead fostaíochtacead gnó le hoibriú in Éirinn.

Dídeanaí cláir

Duine ar thug an Rialtas cuireadh dó/di go hÉirinn, mar fhreagra ar ghéarchéim dhaonnúil de ghnáth agus ar iarratas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeadanaithe. Go ginearálta, bíonn na cearta céanna acu agus a bhíonn ag dídeanaithe Coinbhinsiúin.

Beidh stampa cónaithe uimhir 4 ar phas dídeanaí cláir agus ní gá dó/dí le cead fostaíochtacead gnó le hoibriú in Éirinn.

Ball teaghlaigh cáilithe

An chéile, páirtnéir sibhialta nó gaol cleithiúnach le saoránach AE nach náisiúnach LEE é/í a chleachtaigh an ceart bogadh go hÉirinn agus cónaí inti faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008.

Gheobhaidh duine a cheadaigh Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann mar bhall teaghlaigh ceadaithe agus a líon foirm iarratais EU1 stampa cónaithe uimhir 4 EU-FAM agus ní gá dó/dí le cead fostaíochtacead gnó le hoibriú in Éirinn. Is é an cárta deimhnithe clárúcháin a bheidh ann ná 4 EU-FAM (arb é cárta cónaithe baill teaghlaigh saoránaigh AE)

Cárta cónaithe

An chineál cárta BNGSI a eisítear do shaoránach neamh-LEE ar ball teaghlaigh cáilitheball teaghlaigh ceadaithe de chuid saoránaigh AE é/í faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine).

Úsáidtear Foirm EU 1 le cur isteach ar an gcárta seo. Ní ghearrtar aon táille.

Doiciméad cónaithe

An chineál cárta BNGSI a eisítear do chleithiúnaigh ar náisiúnaigh neamh-LEE iad le saoránaigh as an Íoslainn, an Iorua, Lichtinstéin agus an Eilvéis faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh) 1977 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceart Cónaithe do Dhaoine nach bhfuil Gníomhach ó thaobh an Gheilleagair de) 1997.

Eisíodh é roimhe seo do chleithiúnaigh neamh-LEE le saoránaigh an LEE go léir agus na hEilvéise. Ní eisítear é a thuilleadh do chleithiúnaigh neamh-LEE le saoránaigh AE a cháilíonn do chártaí cónaithe.

Gheobhaidh sealbhóir doiciméid cónaithe stampa cónaithe uimhir 4 EU-FAM agus ní gá dó/dí le cead fostaíochtacead gnó le hoibriú in Éirinn. Úsáidtear foirm EU 1 le cur isteach air sin freisin. Ní ghearrtar aon táille.

Stampa cónaithe nó cead fanacht

Cuirtear formhuiniú ar phas náisiúnach neamh-LEE a thugann cead dóibh fanacht in Éirinn. Sonraíonn sé a fhaide agus a bhfuil cead ag an duine fanacht agus na coinníollacha ar féidir leo fanacht fúthu (mar shampla, an bhfuil cead acu a bheith ag obair nó nach bhfuil). Ní mór an stampa a choimeád suas le dáta i gcónaí.

Tá míniú ar na cineálacha éagsúla stampa thíos.

Stampa uimhir 0 Eisítear é do náisiúnach neamh-LEE a bhfuil cead fanacht in Éirinn acu chun chríoch sonrach, sealadach agus teoranta (pdf), ar an gcoinníoll nach bhfaigheann said sochair Stáit agus go bhfuil árachas sláinte príobháideach acu.
Stampa uimhir 1 Eisítear é do náisiúnach neamh-LEE a fuair cead fostaíochta, cead gnó údarú saoire oibre. Ó 21 Meitheamh 2010 tá socruithe speisialta le haghaidh dochtúirí ag obair sa tseirbhís sláinte poiblí.
Stampa uimhir 1A Eisítear é do cuntasóir faoi oiliúint neamh-LEE (pdf).
Stampa uimhir 2 Eisítear é do mhac léinn ar náisiúnach neamh-LEE é/í a bhfuil cead aige/aici oibriú suas go 20 uair in aghaidh na seachtaine i rith an téarma agus suas go 40 uair in aghaidh na seachtaine le linn na laethanta saoire. (Ní mór go mbeadh an mac léinn ag freastal ar chúrsa lán-aimseartha a mhaireann bliain ar a laghad atá aitheanta).
Stampa uimhir 2A Eisítear é do mhac léinn ar náisiúnach neamh-LEE é/í nach bhfuil cead aige/aici oibriú.
Stampa uimhir 3 Eisítear é do náisiúnach neamh-LEE nach bhfuil cead aige/aici oibriú, mar shampla, cuairteoir; duine scortha le acmhainní neamhspleácha; ministir reiligiúin; céile agus cleithiúnaí shealbhóirí ceadanna
Stampa uimhir 4

Eisítear é do na catagóirí seo a leanas de dhaoine agus is féidir leo go léir oibriú gan ghá le cead fostaíochta:

  • *Céilí nó páirtnéirí sibhialta náisiúnaigh Éireannacha
  • *Cleithiúnaithe le náisiúnaigh LEE
  • *Daoine a bhfuil cead acu fanacht toisc gur tuismitheoir linbh Éireannaigh iad
  • Dídeanaithe Coinbhinsiúin agus Cláir
  • *Iar-iarrthóirí tearmainn ar tugadh cead dóibh fanacht
  • Náisiúnaigh neamh-LEE ar aistriú idirchomhlachta
  • Náisiúnaigh neamh-LEE a bhfuil víosaí oibreúdaraithe oibre acu

*Is féidir le daoine sa chatagóir seo marcáilte * oibriú gan ghá le cead gnó.

Stampa uimhir 4 (EU FAM)

Eisítear é do bhall teaghlaigh ar náisiúnaigh neamh-LEE iad le saoránaigh AE a chleachtaigh a gceart bogadh go hÉirinn agus cónaí ann faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008.

Is féidir le daoine a bhfuil an stampa seo acu oibriú gan ghá le cead fostaíochtacead gnó, agus féadann siad cur isteach ar chárta cónaithe faoi na Rialacháin.

Cárta uimhir 5

Eisítear é do náisiúnaigh neamh-LEE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ar feadh 8 mbliana ar a laghad agus ar thug an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead dóibh fanacht in Éirinn gan choinníoll ama.

Is féidir le daoine a bhfuil an stampa seo acu oibriú gan ghá le cead fostaíochtacead gnó.

Stampa uimhir 6

Is féidir é a chur ar phas eachtrannach saoránaigh Éireannaigh a bhfuil dé-shaoránacht aige/aici, agus ar mian leo go ndéanfaí a dteidlíocht chun fanacht in Éirinn a fhormhuiniú ar a bpas.

Dearbhaíonn an stampa go bhfuil cead ag sealbhóir an phas fanacht in Éirinn gan choinníoll.

Deimhniú cónaithe sealadaigh Doiciméad a eisíonn an Coimisinéir Iarratas do Dhídeanaithe do iarrthóirí tearmainn. Bíonn sonraí pearsanta ann agus grianghraf den duine a bhfuil tearmann á lorg aige ann. Ní doiciméad aitheantais é.
Víosa

Is é atá i Víosa Éireannach na deimhniú a shonraíonn go dtugann an rialtas cead don náisiúnach eachtrannach atá aitheanta ann bheith i láthair ag teorainn an stáit chun críocha cead isteach sa stát a lorg. Ní bhíonn víosa bailí ach má tá sé ceangailte le pas nó le doiciméad taistil.

Níl i gceist le víosa a bhronnadh ach réamh-imréiteach. Ní thugann an víosa ach cead do dhuine taisteal chuig an stát le linn na tréimhse ina bhfuil an víosa bailí. Ní thugann an víosa cead an Stát a iontráil ná cónaí ann. Tugtar an cead sin ag an oifigeach inimirce ag an bpointe iontrála, a bhfuil an t-údarás aige iontráil a bhronnadh nó a dhiúltú. Ba cheart go mbeadh pasanna iarrthóirí bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis an dáta a bhfuil sé beartaithe imeacht ó Éirinn tar éis cuairteanna.

Náisiúnach nach mór víosa a bheith aige/aici Duine nach mór víosa a bheith aige má tá sé ag taisteal go hÉirinn. Tá na stáit nach dteastaíonn víosa óna náisiúnaigh liostaithe i Sceideal 1 den Ordú Víosaí reatha. D'fhéadfadh an liosta stát athrú aon uair agus eisítear Ordú nua ansin. Ní gá go mbeadh víosaí ag Náisiúnaigh LEE. Tá thart ar 60 stát eile san Ordú nach gá go mbeadh víosaí ag a náisiúnaigh.
Údarú oibre

Cineál ceada a thugtar do náisiúnaigh neamh-LEE nach dteastaíonn víosa uathu le teacht isteach go Éirinn, agus ar táirgeadh fostaíocht dóibh i gcatagóir sonrach áit a bhfuil easpa an-ghéar scileanna. Ó 1 Feabhra 2007, chuaigh an cead Cárta Glais in áit na scéime údaraithe oibre.

D'eisíodh ambasáid nó consalacht Éireannach thar lear údaraithe oibre. Maireann siad ar feadh 2 bhliana agus d'fhéadfadh oifigeach clárúcháin inimirce iad a athnuachan. Baineann siad le hearnáil fhostaíochta faoi leith, ach féadann an sealbhóirí fostóirí a athrú laistigh den earnáil sin.

Má tá údarú oibre agat, déanfar stampa cónaithe uimhir 4 ar do phas a fhormhuiniú.

Cead oibre Cineál cead fostaíochta a eisítear do ghairmeacha sa raon tuarastail bliantúil idir €30,000 agus €60,000 agus do chúpla cineál fostaíochta le tuarastail bhliantúla faoi €30,000. Tá roinnt gairmeacha neamh-incháilithe do cheadanna oibre agus ní mór don fhostóir léiriú nach bhféadfaí an folúntas ábhartha a líonadh ó laistigh den LEE (nó den Eilvéis). Maireann sé ar feadh 2 bliana agus is féidir é a athnuachan. Má tá cead oibre agat beidh stampa cónaithe uimhir 1 ar do phas.
Víosa oibre

Cineál ceada a thugtar do náisiúnaigh neamh-LEE nach dteastaíonn víosa uathu le dul isteach in Éirinn, agus ar táirgeadh fostaíocht dóibh i gcatagóir sonrach áit a bhfuil easpa an-ghéar scileanna. Ó 1 Feabhra 2007, chuaigh an cead Cárta Glais in áit na scéime údaraithe oibre.
D'eisíodh ambasáid nó consalacht Éireannach thar lear údaraithe oibre. Maireann siad ar feadh 2 bhliana agus d'fhéadfadh oifigeach clárúcháin inimirce iad a athnuachan. Baineann siad le hearnáil fhostaíochta faoi leith, ach féadann an sealbhóirí fostóirí a athrú laistigh den earnáil sin.

Má tá údarú oibre agat, déanfar stampa cónaithe uimhir 4 ar do phas a fhormhuiniú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 December 2011

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.