Anseo atá tú:
Baile
>
Reference
>
Checklists
>
Míchumais a fhágann go bhfuil gá le tuairisc liachta i gcomhair
ceadúnas tiomána
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar cheadúnas tiomána nó ar cheadúnas
foghlaimeora ní mór duit tuairisc
liachta (Foirm D.501) (pdf) a chur ar fáil má tá aon cheann de na galair
nó míchumais seo a leanas ort (ní mór an fhoirm a phriontáil cúl le cúl
ar aon leathanach amháin):
- Alcólachas
- Aon mhíchumas fisiciúil a d’fhéadfadh cur isteach ar chumas duine
tiomáint go sábháilte
- Aon bhreoiteacht a fhágann gur gá úsáid rialta a bhaint as
substaintí síceatrópacha
- Aon bhreoiteacht nó galar a fhágann gur gá úsáid rialta a bhaint as
cógais a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcumas tiomáint go sábháilte
- Galair chardashoithíocha, diaibéiteas, galair thromchúiseacha sa
bhfuil.
- Dioplóipe, amharc déshúileach lochtach nó caillteanas réimse amhairc
- Einceifilíteas, scléaróis iolrach, miaistéine nó galair den
néarchóras a bhíonn de mhianach i nduine agus a bhaineann le neamhoird
miótonacha ón mbroinn agus seargadh matánach forchéimnitheach
- Titimeas, galair den néarchóras imeallach, tráma den néarchóras
lárnach nó imeallach
- Galair cheirbreashoithíocha, lot le damáiste do chorda an dromlaigh
agus paraipléige iarmhartach
- Suaitheadh meabhrach mar thoradh ar ghalar, tráma nó obráid a bhain
leis an néarchóras lárnach
- Moilliú intinne tromchúiseach, síocóis, sicinéaróis nó neamhoird
phearsantachta
- Uireasa éisteachta tromchúiseach
- Galair thromchúiseacha sa bhfuil
- Aon ghalar den chóras úraiginitiúil (neamhord duánach san áireamh) a
d’fhéadfadh cur isteach ar chumas duine tiomáint go sábháilte
Féach
doiciméid maidir le ceadúnais foghlaimeora agus ceadúnais tiomána.