Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar: Uaireanta oibre do dhaoine óga

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar: Uaireanta oibre do dhaoine óga

Tá Lorraine 14 bliana d'aois agus d'oibrigh sí in ollmhargadh 6 uair in aghaidh an lae ar feadh 3 lá na seachtaine le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Mar sin fein, nuair a d'iarr sí obair ar an úinéir le linn laethanta saoire na Nollag, dúirt an t-úinéir gur dúradh di gan duine ar bith faoi 16 a fhostú. Ní fhéadfadh sí obair a thairiscint do Lorraine ar an ábhar sin. An bhfuil an ceart ag úinéir an ollmhargaidh?

Tá úinéir an ollmhargaidh mícheart ag ceapadh nach féidir léi duine atá an aois chéanna le Lorraine a fhostú. Is féidir léi í a fhostú chun obair éadrom a dhéanamh, ach le linn laethanta saoire na scoile amháin. In Éirinn, tá uaireanta oibre do dhaoine óga rialaithe ag An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996. Is é an líon uaireanta ar a mhéid in aghaidh an lae ná 7 n-uair an chloig, le seachtain oibre de 35 uair an chloig ar a mhéid. Ba chóir do Lorraine sos 30 nóiméad a fháil tar éis uasmhéid de 4 uair oibre. Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh briseadh ón obair ag Lorrainne ar feadh 3 seachtaine ar a laghad le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Níor chóir iarraidh ar Lorraine oibriú idir 8in agus 8rn agus ba chóir di sos dhá lá a fháil i dtréimhse 7 lá ar bith.

Sula bhfostaíonn sé/sí Lorraine, bá chóir d'úinéir an ollmhargaidh cóip de theastas breithe Lorraine a fheiceáil agus toiliú scríofa tuismitheora nó caomhnóra a bheith faighte. Caithfidh an t-úinéir taifead a choinneáil chomh maith d'ainm iomlán Lorraine, dáta breithe, am tosaithe agus críochnaithe gach lá, agus sonraí dá cuid íocaíochta. Ba chóir na taifid seo a choinneáil ar feadh 3 bliana ar a laghad tar éis do Lorrainne críochnú ag obair san ollmhargadh. Ar deireadh, ba chóir don úinéir achoimre den reachtaíocht maidir le fostaíocht leanaí agus daoine óga a léiriú san áitreabh, agus na ceanglais dlíthiúla maidir le téarmaí scríofa na fostaíochta a shásamh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Uaireanta oibre do dhaoine óga
    Tá na huaireanta oibre do dhaoine óg rialaithe ag reachtaíocht a leagann síos téarma íosaoise maidir le uaireanta uasoibre agus tréimhsí sosa.
  • Cearta oibrithe óga
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na rialacha a bhaineann le fostaíocht páistí agus daoine óga.
  • Cás-Staidéar: saoire bhliantúil a mheas
    Má thosaíonn tú ag obair i lár bliana saoire, tá sé an-chasta do theidlíocht saoire bliantúil a mheas. Léiríonn an cás-stáidéar seo conas a mheas saoire aon fhostaí amháin.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.