Tá Joe 67 bliain d'aois agus tá sé ag fáil Pinsin Stáit (Neamh-Ranníocach) le beagnach bliain anuas. Faigheann sé méadú ar a íocaíocht dá bhean chéile Jean. Tá Jean 62 bliain d'aois agus oibríonn sí go páirtaimseartha mar leabharchoimeádaí. Tuilleann sí €130 glan in aghaidh na seachtaine. ('Séard is brí le tuillimh ghlana tuillimh iomlána lúide déaduchtaithe i PRSI, árachais sláinte phríobháidigh, aoisliúntais agus dleachta aontais.) Níl ioncam ar bith eile acu ach tá coigilteas €56,000 acu.
Faoi láthair faigheann Joe an Pinsean Stáit uasta (Neamh-Ranníocach) de €363.70. Is iomlán a n-ioncaim sheachtainiúil €493.70 é.
Tairgeadh roinnt oibre páirtaimseartha do Joe mar fheighlí i scoil áitiúil. Má ghlacann sé leis an bpost beidh pá seachtainiúil aige de €260 Tá Jean ag machnamh ar líon na n-uaireanta a oibríonn sí a mhéadú. Bheadh ioncam seachtainiúil glan nua aici de €206.
Ba mhaith le Joe a fháil amach cén tionchar a bheidh ar a Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) má mhéadaíonn Jean a cuid laethanta oibre agus má thosaíonn sé sa scoil áitiúil.
Acmhainn inmheasúnaithe nua Joe agus Jean.
Ioncam inmheasúnaithe Joe ó obair (Féach nóta 1) €60
Móide acmhainn inmheasúnaithe Jean ó obair (Féach nóta 2)
€6
Móide ioncam ó choigilteas (Féach nóta 3) €16
Iomlán €82
÷ 2
Roinn ina dhá leath chun a n-acmhainn sheachtainiúil inmheasúnaithe a
fháil: €41
Acmhainn sheachtainiúil inmheasúnaithe iomlán (Féach
nóta 4) €41
Pinsean Stáit Seachtainiúil (Neamh-Ranníocach) (Féach
nóta 5) €342.90
€808.90 a bheas mar ioncam iomlán acu.
(Cuimsíonn an t-iomlán Pinsean Stáit Joe (Neamh-Ranníocach) agus a gcuid
ioncaim ó obair).
Nóta 1
Ioncam inmheasúnaithe Joe ó obair: Tuillfidh Joe €260 (glan) in aghaidh na seachtaine. Ní thabharfar €200 san áireamh. €60 is ea ioncam inmheasúnaithe Joe ó obair mar sin.
Nóta 2
Ioncam inmheasúnaithe Jean ó obair: Tuillfidh Jean €206 (glan) in aghaidh na seachtaine. Ní thabharfar €200 san áireamh. €6 is ea ioncam inmheasúnaithe Jean ó obair mar sin.
Nóta 3
Déantar ioncam ó choigilteas i gcomhair lánúna a ríomh mar a leanas:
| An chéad €40,000 | Nialas |
| An chéad €20,000 eile | €1 in aghaidh €1,000 in aghaidh na seachtaine |
| An chéad 420,000 eile | €2 in aghaidh €1,000 in aghaidh na seachtaine |
| De bhreis ar €80,000 | €4 in aghaidh €1,000 in aghaidh na seachtaine |
Nóta 4
Má tá tú pósta nó má tá tú ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta, áireofar do chuid acmhainne mar leath chomhacmhainn do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir.
Nóta 5
Is é ráta Phinsean Stáit pearsanta Joe (Neamh-Ranníocach) €206.50. Faigheann sé méad €136.40 sa bhreis i gcomhair Jean mar aosach cáilithe freisin. Féadfaidh tú níos mó a léamh faoin ráta pinsin a íoctar tar éis acmhainn a bheith measúnaithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.