Tá Gerry ag obair go páirtaimseartha (10 n-uaire in aghaidh na seachtaine) le 6 mhí anuas i mbialann mearbhia. Socraíonn sé ballraíocht a ghlacadh le ceardchumann toisc go bhfuil coinníollacha sa phost go dona. Níl duine ar bith de na fostaithe eile i gceardchumann. Tá sé ag taispeáint faisnéise a fuair sé ón gceardchumann do chomhghleacaí leis nuair a thagann a fhostóir isteach sa bhialann mearbhia agus tugann sé faoi deara cad atá ar siúl ag Gerry. Ag deireadh an lae oibre, deireann an fostóir le Gerry nach bhfuil a chuid seirbhísí ag teastáil níos mó toisc titim ar chúrsaí éilimh. Cad iad na cearta atá ag Gerry?
Tá níos lú ná bliain caite ag Gerry ag obair don fhostóir, agus faoi ghnáthchúinsí ní bheadh sé ábalta éileamh a dhéanamh maidir le dífhostú éagórach. Mar sin féin, ní bhaineann an riachtanas seo le dífhostú toisc gníomhaíocht cheardchumainn. Is cosúil go bhfuil dífhostú Gerry bainteach leis an bhfostóir ag fáil amach go raibh teagmháil aige le ceardchumann. Tá cás láidir ag Gerry dá réir le cruthú gurb í seo cúis an dífhostaithe agus ní titim ar chúrsaí éilimh.
Ba chóir do Gerry a iarratas ar dhífhostú éagórach ag eascairt ó ghníomhaíocht cheardchumainn a thabhairt chuig Coimisinéir um Chearta nó chuig an Binse Achomhairc Fostaíochta.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.