Cás-staidéar: Gearradh cánach ar Shochar Máithreachais
- Réamhrá
- Sampla 1: Íoctar a tuarastal iomlán le hÁine fad a bhíonn sí ar saoire mháithreachais
- Sampla 2: Ní íocann fostóir Sally aon bhreisiú fad atá sí ar saoire mháithreachais Íoctar a Sochar Máithreachais léi go díreach fad atá sí ar an tsaoire.
Réamhrá
Léiríonn an cás-staidéar seo conas a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim creidmheasanna agus bandaí cánach a choigeartú le haghaidh Sochar Máithreachais. Tabhair faoi deara nach dtagraíonn na samplaí seo do dhaoine ar a ndéantar comh-mheasúnú lena gcéile nó lena bpáirtnéir sibhialta.
Tá fostaithe i dteideal creidmheas pearsanta cánach (€1,650 in 2017) mar aon le creidmheas cánach ÁSPC (€1,650 in 2017) a fháil. Is ionann a scoithphointe ráta chaighdeánaigh agus méid a mbanda phearsanta chaighdeánaigh cánach. Le haghaidh gach tréimhse phá, íocann siad cáin ar an ráta caighdeánach (20%) a mhéid lena scoithphointe ráta chaighdeánaigh. Gearrtar an ráta níos airde cánach (40%) ar aon ioncam os cionn an scoithphointe chaighdeánaigh. Nuair a bhíonn an méid iomlán cánach ríofa, baintear a gcreidmheasanna cánach ón bhfigiúr seo leis an méid iomlán cánach atá le híoc a dheimhniú.
Nuair a ghabhann bean ar shaoire mháithreachais, féadfaidh sí cáiliú le haghaidh Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtain. Is é an méid de Shochar Máithreachais €235 gach seachtain, mar sin, íocfar le bean a cháilítear le haghaidh na híocaíochta €6,110 de Shochar Máithreachais ar an iomlán. Laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim a cuid creidmheasanna cánach agus a scoithphointe caighdeánach seachtainiúil chun an cáin atá iníoctha ar a Sochar Máithreachais a chur san áireamh. Bainfear an cháin atá le híoc ar an Sochar Máithreachais seachtainiúil (€235 x 20% = €47) óna creidmheasanna seachtainiúla cánach agus bainfear an méid iomlán de Shochar Máithreachais óna scoithphointe seachtainiúil. Mura ndéanann a fostóir a Sochar Máithreachais a bhreisiú, d’fhéadfadh aisíocaíocht cánach bheith i gceist, agus is féidir an aisíocaíocht seo a ríomh nuair a fhilleann sí ar an obair (féach Sampla 2 thíos).
| Creidmheas Cánach Duine Shingil | €1,650 gach bliain |
| Creidmheas Cánach Fostaí (ÍMAT) | €1,650 gach bliain |
| Creidmheas Cánach Seachtainiúil | €63.46 |
| Asbhaint Sochar Máithreachais | lúide €47 |
| Creidmheas cánach leasaithe | €16.46 |
| Scoithphointe caighdeánach seachtainiúil (gearrtar cáin 20% ar an ioncam) | €650 (€33,800 gach bliain) |
| Scoithphointe seachtainiúil leasaithe (an scoithphointe caighdeánach lúide Sochar Máithreachais €235) | €415 |
Sampla 1: Íoctar a tuarastal iomlán le hÁine fad a bhíonn sí ar saoire mháithreachais
Tá Áine ar saoire mháithreachais. Leanann sí lena gnáth-olltuarastal €700 sa tseachtain a fháil agus íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) Sochar Máithreachais €235 sa tseachtain go díreach le fostóir Áine.
Gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim na sonraí faoi Shochar Máithreachais go díreach ón RCS, déanfaidh siad creidmheasanna bliantúla cánach agus banda ráta Áine a laghdú faoi mhéid an tSochair Mháithreachais (féach thuas lena fheiceáil conas a dhéantar seo), agus seolfaidh siad deimhniú leasaithe creidmheas cánach chuig a fostóir. Is ionann a bheidh banda ráta leasaithe Áine agus €415 agus is ionann a bheidh a creidmheasanna seachtainiúla cánach agus €16.46.
Is éard atá i dtuarastal seachtainiúil €700 Áine fad a bhíonn sí ar saoire mháithreachais:
Sochar Máithreachais: €235
Tuarastal na Cuideachta: €465
Iomlán: €700
Déanann an fostóir cáin, MSU agus ÁSPC a asbhaint ó chomhréir thuarastal na cuideachta (€465). Bailítear an cháin atá le híoc ar chomhréir an tSochair Mháithreachais (€235) tríd an laghdú ar chreidmheasanna cánach agus banda ráta Áine. Ní féidir MSU nó ÁSPC a ghearradh ar Shochar Mháithreachais.
Seo a leanas conas a ríomhtar an cháin atá le híoc ag Áine ar chomhréir thuarastal na cuideachta (€465):
Cáin iníoctha ar €415 @ 20% |
€83 |
Cáin iníoctha ar €50 @ 40% |
€20 |
Is é an cháin iomlán €103 – lúide creidmheas cánach €16.46 |
Is é an glanmhéid cánach atá iníoctha €86.54 |
| €9.60 | |
ÁSPC ar €465 |
€18.60 |
Asbhaintí iomlána |
€114.74 |
Sampla 2: Ní íocann fostóir Sally aon bhreisiú fad atá sí ar saoire mháithreachais Íoctar a Sochar Máithreachais léi go díreach fad atá sí ar an tsaoire.
Ní íocann fostóir Sally í fad atá sí ar saoire mháithreachais, agus ar an ábhar sin, cuirtear an méid a leanas i bhfeidhm. Thuill Sally €700 sa tseachtain (€36,400 sa bhliain). D’íoc sí cáin, ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch gach seachtain. Asbhaineadh a cáin agus a Muirear Sóisialta Uilíoch ag glacadh leis go leanfadh sí leis an méid céanna a thuilleamh don chuid eile den bhliain.
Nuair a théann sí ar saoire mháithreachais agus nuair a thosaíonn sí le Sochar Máithreachais a fháil, níl sí faoi dhliteanas a thuilleadh an Muirear Sóisialta Uilíoch nó ÁSPC a íoc (mar gheall nach ngearrtar iad ar Shochar Máithreachais). Féadfaidh sí aisíocaíocht an Mhuirir Shóisialta Uilíoch a fháil. Nuair a fhilleann sí ar an obair, is dócha go dtabharfar di aisíocaíocht cánach, chomh maith, mar gheall gur mó a creidmheasanna cánach fad atá sí ar saoire mháithreachais ná an méid cánach atá le híoc ar a Sochar Máithreachais agus d’fhéadfadh gur íoc sí cáin bhreise ar a tuarastal sula ndeachaigh sí ar saoire mháithreachais.
