Is mian le John agus Mary saoire thuismitheoirí a thógáil maidir lena mac Michael, atá 5.
Tá John ag obair dá fhostóir le 9 mí anuas agus is mian leis an saoire a thógáil i gceann 2 mhí. Tá sé ráite ag an bhfostóir le John nach féidir é a spáráil ag an am seo agus ar chaoi ar bith, nach bhfuil sé i dteideal do shaoire thuismitheoirí toisc nach bhfuil sé ag obair dó fós ar feadh bliana.
Tá fostóir John ceart faoin tréimhse seirbhíse. I ndiaidh trí mhí seirbhíse, tá John i dteideal saoire thuismitheoirí laghdaithe má tá an leanbh ag druidim i dtreo aois an uasteorainn. Cibé ar bith, os rud é nach mbeidh an leanbh 8 ar feadh 3 bliana eile, ní bhainfidh sé seo le hiarratas John. Ba chóir do John smaoineamh faoin saoire thuismitheoirí a thógáil nuair atá bliain amháin seirbhíse aige. D'fhéadfadh fostóir John ansin an saoire a chuir siar ar chúiseanna áirithe, mar shampla, nádúr na ndualgas atá ag John. Cibé ar bith, mura bhfuil John bainteach le hobair ina mbíonn athrú séasúrach, ní féidir an saoire a chuir siar ach uair amháin suas chomh fada le 6 mhí.
Tá Mary ag obair lena fostóir ar feadh 15 mí. Deir a fostóir go mbaineann saoire thuismitheoirí le cásanna éigeandála amháin agus ar chaoi ar bith, ní bhaineann sí má tá saoire mháithreachais de 14 seachtainí cheana féin tógtha ag an bhfostaí. An bhfuil sé seo ceart?
Níl, tá fostóir Mary mícheart. Níl saoire thuismitheoirí srianta do chásanna éigeandála agus an coinníoll amháin atá i gceist ná go n-úsáideann an tuismitheoir an saoire chun cúram a thabhairt dá leanbh. D'fhéadfadh go bhfuil fostóir Mary measctha suas idir saoire thuismitheoirí agus saoire force majeure. Ina theannta sin, níl aon éifeacht ag an saoire mháithreachais a thóg Mary ar a saoire thuismitheoirí, toisc gur cineálacha saoire go hiomlán ar leith iad, atá leagtha síos ag dlithe difriúla.
Mar thús, ba chóir do Mary ar a laghad 6 seachtainí fógra scríofa a thabhairt dá fostóir ag cur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici saoire thuismitheoirí a thógáil, mar aon leis an dáta tosaigh agus fad an tsaoire. Ba chóir do Mary cóip den bhfógra seo a choinneáil. Má tá deacrachtaí leanúnacha aici lena fostóir, ba chóir do Mary an cás a thagairt chuig an gCoimisinéir um Chearta.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.