Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar: Cead oibre do chéile

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar: Cead oibre do chéile

Tháinig Alice go hÉirinn ó na hOileáin Fhilipíneacha lena fear céile atá fostaithe ar cead Cárta Glais. Bhí sí ag cuardach oibre agus tháinig sí ar phost le teaghlach ag tabhairt aire do leanaí. Rinne an teaghlach fiosruithe faoi chead oibre a fháil do Alice, ach tá sé ráite acu léi go mbeidh sé ró-chostasach an cead oibre a fháil di. Bhí an-díomá ar Alice agus thug sí cuairt ar an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil chun breis faisnéise a fháil faoi cheadanna oibre agus na roghanna atá aici.

Is é fírinne an scéil ná toisc go bhfuil fear céile Alice cheana féin ag obair in Éirinn ar chead Cárta Glais, tá Alice incháilithe do cead oibre do chéile. Ní ghearrtar aon táille as an gcead seo agus ní chaithfidh an fostóir an ról seo a fhógairt le feiceáil an bhfuil saoránach Éireannach nó LEE ar fáil. Dúirt Alice an méid seo lena fostóirí féideartha agus tá iarratas déanta acu, agus cead oibre faighte acu do Alice. De bhrí go bhfuil Alice ag obair anois, baineann reachtaíocht cosanta fostaíochta na hÉireann léi ar an mbealach céanna le gach oibrí eile in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ceadanna oibre do chéilí agus do chleithiúnaigh shealbhóirí ceada oibre
    Mionsonraí na socruithe le teacht ar fhostaíocht a dhéanamh do chéilí, do pháirtnéirí sibhialta agus do chleithiúnaigh shaoránaigh neamh-LEE atá ina sealbhóirí ceada fostaíochta in Éirinn.
  • Ag teacht go hÉirinn chun oibriú
    Ceart na náisiúnach AE agus na náisiúnach neamh-AE chun oibriú in Éirinn. Leagtar amach critéir maidir leis an riachtanas do cheadanna fostaíochta agus áirítear faisnéis ar conas iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta.
  • Ceadanna an Chárta Ghlais
    Is cead fostaíochta an Cárta Glas d'fhostaithe i gcatagóirí ainmnithe, ag brath ar leibhéal an tuarastail. Glacann sé áit scéim an víosa oibre agus scéim údaraithe na hoibre.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.