Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar: Forlíonadh Cíosa a Ríomh

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar: Forlíonadh Cíosa a Ríomh

Seo sampla a thaispeánann conas Forlíonadh Cíosa a ríomh in 2011.

Cás-staidéar

Tá 2 leanbh ag Susan agus Paul atá in aois 6 agus 12. Tá Paul dífhostaithe le 2 bhliain ach tá obair faighte aige le déanaí agus tosóidh sé a phost lánaimseartha nua i gceann cúpla seachtain. An glanioncam a bheidh aige ón obair ná €440 gach seachtain.

Bhí Susan ag fáil Liúntais do Chúramóirí ar leathráta toisc go raibh Paul ag fáil Cúnaimh do Lucht Cuardaithe Fostaíochta agus ag éileamh di mar aosach cleithiúnach. Gheobhaidh sí an Liúntas do Chúramóirí ag an ráta iomlán nuair a fhilleann Paul chun na hoibre. Tá a leanbh atá 6 bliana d'aois ag fáil Liúntais Cúram Baile. An t-aon ioncam eile atá acu ná ó Shochar Leanaí. Mar sin féin, d'fhéadfaidís iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh nuair a thosaíonn Paul ag obair.

Teastaíonn ó Susan fáil amach an gcoinneoidh siad cuid ar bith den Forlíonadh Cíosa nuair a thosaíonn Paul ag obair.

€950 in aghaidh na míosa is ea an cíos atá acu. Rinne údarás áitiúil na háite measúnú orthu mar lánúin a raibh tithíocht de dhíth orthu faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos.

Céim 1: Ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil

Aimsigh a n-ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil.

Foinse ioncaim Méid in aghaidh na seachtaine
Ioncam inmheasúnaithe ó fhostaíocht €440
Liúntas do Chúramóirí (féach Nóta 1) €204
Sochar Leanaí €64.61
Liúntas Cúram Baile €71.42
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh €56.40
Ioncam Teaghlaigh Iomlán €836.43

Céim 2: Bain as ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh

Dealaigh an ráta bunúsach seachtainiúil den Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) don teaghlach ón ioncam iomlán.

IomlánIoncam Teaghlaigh (féach Céim 1) €836.43
Lúide ráta LLF (féach Nóta 2) - €370.40
Iomlán €466.03

Céim 3: Bain as ioncam ar bith nach bhfuil curtha san áireamh

Dealaigh ioncam ar bith a bhfuil neamhaird déanta de nó nach gcuirtear san áireamh go hiondúil agus bíonn tú fágtha anois lena n-ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil.

Ioncam (féach Céim 2) €466.03
Lúide Liúntas do Chúramóirí (féach Nóta 3) €79.20
Lúide Liúntas Cúram Baile €71.42
Lúide Sochar Leanaí €64.61
€250.80

Neamhaird ioncaim teaghlaigh bhreise

Dealaigh €75 ó €250.80 ar dtús (féach Nóta 4)
€175.80

Faigh 25% de €175.80 ina dhiaidh sin agus dealaigh
(Chun 25% a fháil, roinneann tú €175.80 faoi 4

€175.80 ÷ 4 = €43.95

€175.80 - €43.95 = €131.85

Ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil do Susan agus Paul ná €131.85

Céim 4: Suimigh ioncam inmheasúnaithe agus ranníocaíocht teaghlaigh

Aimsigh ranníocaíocht Susan agus Paul i dtreo a gcuid cíosa.

Ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil €131.85
Suimigh ranníocaíocht teaghlaigh (féach Nóta 5) €35
Ranníocaíocht cíosa iomlán €166.85

Céim 5: Dealaigh ranníocaíocht cíosa iomlán ón gcíos

Dealaigh a ranníocaíocht iomlán seachtainiúil ansin (féach Céim 4) óna gcíos seachtainiúil leis an leibhéal Forlíonadh Cíosa seachtainiúil a fháil dóibh.

Cíos (féach Nóta 6) €219.23

Lúide ranníocaíocht iomlán €166.85
Forlíonadh Cíosa Iomlán €52.88

Gheobhaidh Susan agus Paul Forlíonadh Cíosa seachtainiúil de €52.38

Nóta 1
D'fhéadfadh Susan Deontas Cúraim Faoisimh a fháil i Meitheamh ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Ní chuirtear an t-ioncam ó Dheontas Cúraim Faoisimh san áireamh.

Nóta 2
Tá an ráta bunúsach LLF (2011) do lánúin le 2 leanbh mar a leanas:
Ráta pearsanta €186
Méadú i leith Duine Aosaithe Cháilithe €124.80
Méadú don Leanbh Cleithiúnach (€29.80 in aghaidh an linbh) €59.60
Iomlán €370.40

Nóta 3
Níl méid an Liúntais do Chúramóirí (LC) os cionn an ráta iomchuí LLF don chúramóir tógtha san áireamh. An ráta iomchuí LLF don chúramóir ná Méadú i leith Duine Aosaithe Cháilithe (más lánúin atá i gceist) nó ráta pearsanta (más duine singil tú).

Tá Susan ag cónaí lena páirtí Paul. Bíonn an ráta LLF d'aosach cáilithe (féach Nóta 1) dealaithe ón Liúntas do Chúramóirí agus ní thógtar an fuílleach san áireamh.

Liúntas do Chúramóirí (LC) €204
Lúide QAI €124.80
LC nach bhfuil inmheasúnaithe €79.20

Nóta 4
Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise is ea méid áirithe den ioncam teaghlaigh atá agat nach bhfuil tógtha san áireamh. Ní thógtar €75 de ‘ioncam teaghlaigh bhreise' ar bith san áireamh. Ina theannta sin, ní thógtar 25% den ‘ioncam teaghlaigh bhreise’ atá agat os cionn €75 san áireamh. Níl aon uasteorainn ar an méid gur féidir neamhaird a dhéanamh de

Nóta 5
Bíonn ranníocaíocht íosmhéide de €30 ó €35 ó gach teaghlach de dhíth i gcónaí ar an leas sóisialach, chomh maith le hioncam inmheasúnaithe ar bith. D'fhéadfadh an ranníocaíocht íosmhéide seo méadú ag brath ar líon na mball neamhchleithiúnach sa teaghlach atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Sa chás seo, an ranníocaíocht íosmhéide teaghlaigh ná €35.

Nóta 6
Tá Susan agus Paul ag íoc €950 in aghaidh na míosa don chóiríocht atá acu.

Leis an bhfigiúr cíosa seachtainiúil a fháil, iolraigh €950 faoi 12 agus roinn faoi 52.

Cíos míosúil €950 x 12 ÷ 52 = 219.23


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.