D'oibrigh Mary don fhostóir céanna le 15 bliana anuas. Cuireadh ar sheachtain trí lá í dhá bhliain ó shin ar an tuiscint go mbeadh obair lánaimseartha atosaithe. Cibé ar bith, tá sé ráite léi anois go ndéanfar iomarcach í. Le linn na mblianta, ní bhfuair sí ardú pá riamh. Cén chaoi a ndéanfar a híocaíocht a mheas?
An Freagra
Bheadh Mary i dteideal dhá sheachtain pá do gach bliain seirbhíse móide
seachtain pá sa bhreis.
Is é an t-uasteorainn reatha (ó 1 Eanáir 2005) ar thuillimh ná €600 in
aghaidh na seachtaine ( €507 in aghaidh na seachtaine roimhe sin).
Bheadh an íocaíocht ríofa go hiondúil bunaithe ar a tuillimh nuair a déanadh í a dhífhostú. Cibé ar bith, bhí sí ag obair lán-aimseartha ar feadh 13 bliana roimh a cuireadh ar uaireanta oibre laghdaithe í. 'Sé sin, seachtain trí lá. Más rud é go ndearnadh iomarcach í laistigh de bhliain amháin ó bheith curtha ar uaireanta laghdaithe, bheadh a híocaíocht iomarcaíochta bunaithe ar a cuid tuillimh do sheachtain iomlán.
Sa chás seo, tá sí á déanamh iomarcach tar éis a bheith ar sheachtain trí lá níos faide ná bliain. Tá an bealach ina measfar a híocaíocht ag brath ar cibé ar ghlac nó nár ghlac sí le bheith ar na huaireanta laghdaithe. Má ghlac sí go hiomlán lena huaireanta oibre laghdaithe mar ghnáthsheachtain agus nár iarr sí riamh filleadh ar obair lán-aimseartha, beidh a híocaíocht iomarcaíochta mar sin bunaithe ar a hollphá do na huaireanta oibre laghdaithe.
Ar an láimh eile, murar ghlac sí riamh leis na huaireanta oibre laghdaithe mar a gnáth uaireanta agus gur iarr sí go leanúnach a bheith curtha ar ais ag obair go lánaimseartha, tá sé soiléir mar sin nár ghlac sí leis na huaireanta oibre laghdaithe mar a gnáthuaireanta. Sa chás seo, ba chóir go mbeadh a híocaíocht iomarcaíochta ríofa, bunaithe ar a ráta lánaimseartha pá.
Más rud é go ndearna sí iarratas a bheith curtha ar uaireanta oibre laghdaithe agus gur aontaigh an fostóir leis, bheidh an teidlíocht iomarcaíochta bunaithe ar na huaireanta laghdaithe mar sin.
Má tá aighneas aici faoin méid seo lena fostóir is féidir léi éileamh a dhéanamh ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.