Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-Staidéar ar theidlíocht saoire poiblí

Print Page Send to a Friend

Cás-Staidéar ar theidlíocht saoire poiblí

Tá Daniel ag obair go páirtaimseartha ó Mheitheamh. Oibríonn sé Máirt go Satharn gach seachtain ó 6 in go dtí 9 in. Bhí lá saor ag na baill foirne eile ar fad atá lánaimseartha nuair a bhí an siopa dúnta don saoire phoiblí i mí Lúnasa. Fuair Daniel amach gur íocadh iad don saoire phoiblí seo agus dúit siad leis gur chóir go mbeadh sé íoctha chomh maith. D'iarr sé ar a fhostóir faoi seo ach dúirt a fhostóir leis os rud é nár oibrigh sé Dé Luain, ní raibh aon cheart aige d'íocaíocht ar shaoire phoiblí. Cé atá ceart?

Tá fostóir Daniel mícheart. Roimh shaoire phoiblí Lúnasa, bhí 15 uaireanta sa tseachtain ar feadh 7 seachtainí oibrithe aige sa siopa leabhair a tháinig go dtí iomlán de 105 uaireanta. Chiallaigh sé seo go raibh sé i dteideal íocaíocht ar shaoire phoiblí faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997. Os rud é nach raibh dualgas ar oibriú ar an lá a thit an saoire phoiblí tá sé i dteideal d'aon cúigiú dá ghnáthphá seachtainiúil. Ba chóir do Daniel mar sin 3 uaire breise pá a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English | Polsku

Ábhar Gaolmhar

  • Laethanta saoire phoiblí
    Liosta de na naoi gcinn de laethanta saoire phoiblí. Bíonn tromlach na bhfostaithe i dteideal saoire le pá ar na laethanta saoire phoiblí.
  • Obair agus Sochar Cuardaitheora Poist
    Tá cúinsí ann inar féidir leat a bheith ag obair agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Déanann sé cur síos ar an mbealach is féidir le d'ioncam ó obair agus ioncam fostaíochta do chéile/pháirtí tionchar a bheith acu ar do ráta Sochair Cuardaitheora Poist.
  • Saoire bhliantúil
    Soláthraíonn an dlí fostaíochta teidlíochtaí áirithe saoirí ón obair d'fhostaithe ó laethanta saoire go dtí saoire do thuismitheoirí. Faigh amach conas do shaoire a ríomh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.