Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-Staidéar ar shaoire mháithreachais agus filleadh ar an obair

Print Page Send to a Friend

Cás-Staidéar ar shaoire mháithreachais agus filleadh ar an obair

Thóg Sheila saoire mháithreachais ach rinne sí dearmad cur in iúl dá fostóir go raibh sé ar intinn aici filleadh ar an obair. Cheap sí go raibh a fostóir ar an eolas go raibh sí ag filleadh ar ais toisc gur ghlaoigh sí isteach chun na hoibre 2 mhí roimhe sin agus bhí sí cinnte go ndúirt sí leo go raibh sí ag filleadh ar ais. Nuair a d'fhill sí cibé ar bith, dúirt a fostóir léi go raibh duine eile curtha ina hionad agus diúltaíodh í a thógáil ar ais. Dúirt an fostóir nár tugadh fógra scríofa ceart go raibh sé ar intinn aici filleadh ar an obair. Bhí Sheila trína chéile ar fad ach céard iad a cearta?

Fregra:Tá dualgas uirthi de réir dlí fógra scríofa 4 seachtainí ar a laghad a thabhairt ag cur in iúl gur mian léi filleadh ar an obair. Theip uirthi an méid seo a dhéanamh agus dá bhrí tá sí i ngéar-dainséar a ceart filleadh ar an obair a chailliúint.

Ceadaíonn an dlí don Choimisinéir um Chearta nó don mBinse Achomhairc Fostaíochta an tréimhse ama chun fógra a thabhairt a leathnú má tá cúiseanna réasúnta gur teipeadh an fógra a thabhairt ar an mbealach ceart. Tá an méid a chuimsíonn “cúiseanna réasúnta” ag brath ar na fíricí i ngach cás. B'fhéidir nár tugadh fógra mar shampla, toisc go raibh an leanbh an-bhreoite. Is cosúil go ndearna Sheila dearmad an fógra a thabhairt nó gur chinn sí nach raibh riachtanas leis tar éis caint lena fostóir.

Bheadh sé faoin gCoimisinéir um Chearta nó faoin mBinse Achomhairc Fostaíochta cinneadh a dhéanamh, sna cúinsí ar fad, an féidir ceachtar de na cúiseanna seo a áireamh mar chúiseanna réasúnta gur theip uirthi an fógra scríofa riachtanach a thabhairt.

Má bhí cinneadh déanta nach raibh aon chúiseanna réasúnta gur teipeadh fógra a thabhairt, thógfaí é seo san áireamh mar sin i gcinneadh ar bith maidir leis an gcás. Chiallódh sé seo go gcaillfeadh Sheila a ceart filleadh ar an obair agus b'fhéidir nach bhfaighfí ach cúiteamh laghdaithe. An polasaí is fearr d'fhostaí i gcónaí ná na riachtanais maidir le fógra a leanúint go géar i gcónaí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cás-staidéar: saoire thuismitheoirí a thógáil
    Léiríonn an sampla seo na teidlíochtaí difriúla de lánúin le leanbh óg ar leith
  • Saoire mhaithreachais
    Tá fostaithe mná in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh. Sonraí breise ar fáil anseo.
  • Saoire uchtaíoch
    Is féidir le daoine a uchtaíonn leanaí, saoire oibre a thógáil. Tugtar saoire uchtaíoch ar seo. Cad is brí le seo? Agus conas is féidir leat iarratas a chur isteach ar shaoire uchtaíoch?

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.