Is tuismitheoir singil í Máire le triúr leanaí in aois 14, 10 agus 7. Gach bliain bíonn mórchostas ag baint leis na héidí agus leabhair scoile dá leanaí. Teastaíonn uaithi a fháil amach an bhfuil sí i dteideal an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua agus an bhfuil aon deontais eile ann chun cabhrú le costas na scolaíochta. Ní fhaigheann sí aon chothabháil óna hiarpháirtí di féin nó do na leanaí. Faigheann sí Íocaíocht um Theaghlach Aontuismitheora agus faigheann sí €60 sa tseachtain ó obair pháirt-aimseartha. Tá cárta leighis aici chomh maith.
Toisc go bhfuil sé ar íocaíocht leasa shóisialaigh, tá sí i dteideal an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua chomh fada agus go bhfuil a hioncam faoi bhun leibhéal áirithe. Cuimsíonn ioncam seachtainiúil Mháire a hÍocaíocht um Theaghlach Aontuismitheora de €277.40 agus a cuid tuillimh de €60, sin €337.40 san iomlán. Is é an teorainn sheachtainiúil ioncaim do thuismitheoir singil le triúr leanaí maidir leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ná €469.70 (Meitheamh 2012). Cáilíonn Máire d'íocaíocht mar sin do gach duine dá leanaí. Ó Meitheamh 2012 gheobhaidh sí €250 dá leanbh is sine agus €150 do gach duine de na leanaí níos óige, sin €550 san iomlán. Ba chóir di iarratas a dhéanamh sa samhradh roimh thús na scoilbhliana.
D'fhéadfadh sí a bheith i dteideal íocaíochta chomh maith chun cabhrú le costas na leabhar scoile. Ba chóir di ceist a chur ar na príomhoidí i scoileanna na leanaí faoin méid seo.
Beidh a hiníon ag déanamh an Teastais Shóisearaigh an bhliain seo chugainn. Ní bheidh dualgas ar Mháire táille an scrúdaithe a íoc toisc go bhfuil cárta leighis aici.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.