Cás staidéar: saoire force majeure

Chuir Mary glaoch ar a fostóir ón mbaile ag rá go raibh a leanbh ab óige go dona tinn leis an bhfliú. D’fhiafraigh sí an bhféadfadh sí 2 lá shaor ón obair a bheith aici le breathnú ina dhiaidh. D’fhiafraigh a fostóir di ar mhian léi saoire bhliantúil a ghlacadh. Dúirt sí nár mhian ach gur mhian léi saoire force majeure a ghlacadh ina áit sin. Bhí an fostóir sásta leis sin ach dúirt nuair a d’fhillfeadh sí ar ais ag obair go mbeadh uirthi iarratas a dhéanamh i scríbhinn i gcomhair na saoire force majeure a bheadh glactha aici.

A luaithe agus a d’fhill sí ar an obair chuir sí iarratas i scríbhinn i gcomhair an dá lá saoire force majeure agus bhreac sí síos a sonraí pearsanta, an gaol a bhí aici lena leanbh, na dátaí agus an fáth a b’éigean di saoire force majeure a ghlacadh.

Thart ar trí mhí ina dhiaidh sin fuair athair Mary bás go tobann agus d’iarr Mary lá saor le dul chun na sochraide. Dúirt a fostóir léi go gcaillfeadh sí lá pá dá rachadh sí chun na sochraide mura nglacfadh sí cuid dá saoire bhliantúil. Shíl Mary go bhféadfadh sí saoire force majeure a ghlacadh i gcomhair an lae sin toisc go gceadaíonn An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 trí lá saoire force majeure ar a mhéid in aon tréimhse 12 mhí. Dúirt a fostóir ar an drochuair nár bhain saoire force majeure ach le breoiteacht bhaill teaghlaigh a raibh gaol gar ag an té sin leis nó léi agus nár thug sé aon teidlíocht saoire a ghlacadh mar gheall ar bhás gaol gar teaghlaigh.

Page edited: 27 February 2014