D'oibrigh Jean mar bhainisteoir limistéir i gcomhlacht ar feadh deich mbliana. D'oibrigh Brian mar chuntasóir an chomhlachta. Chuaigh Jean ar shaoire mháithreachais trí bliana ó shin agus tar éis di filleadh ar an obair, fuair sí go raibh mórán dá cuid freagrachtaí á mbaint uaithi go mall agus á thabhairt do Bhrian. D'éiligh Jean go raibh a staid oibre dofhulaingthe.
Rinne sí teagmháil lena bainisteoir chun gearán a dhéanamh agus cinntíodh léi go n-aistreofaí na freagrachtaí ar ais chuici go luath agus go bhfillfeadh a staid oibre mar a bhí. Nuair nach raibh aon fheabhas ar an staid oibre, scríobh sí chuig an mbainisteoir arís. Dúirt a litir mura bhfaigheadh sí freagra laistigh de seacht lá ag dearbhú go raibh a cuid feidhmeanna agus freagrachtaí mar bhainisteoir limistéir mar a bhí cheana, go measfadh sí í féin dífhostaithe go hinchiallaithe agus go bhfágfadh sí a fostaíocht.
Rinne Jean ansin éileamh i ndáil le dhífhostú inchiallaithe in aghaidh a fostóir. Rinne an Binse Achomhairc Fostaíochta cinneadh gur cheap an comhlacht Brian mar chomhbhainisteoir limistéir gan comhairliú le nó fógra a thabhairt do Jean agus tá an iompar seo tar éis an ghaolmhaireacht muiníne agus iontaoibhe idir í féin agus an comhlacht a lagú go mór. Fuair an Binse go raibh sé réasúnta go bhfuair sí gur baineadh an bonn den mhuinín agus iontaoibh inti. Theip ar an stiúrthóir bainistíochta cumarsáid léi chun cinntiú léi faoina staid oibre agus gaolmhaireacht mhuiníne agus iontaoibhe a chothabháil. Thug an t-iompar seo le fios nach raibh sé ar intinn ag an gcomhlacht cloí le téarmaí an chonartha s'aici mar bhainisteoir limistéir. Dá bhrí sin, bhí sí i dteideal críoch a chur lena cuid fostaíochta toisc iompar an fhostóra s'aici agus bhí sí dífhostaithe go hinchiallaithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.