Ní féidir le Anne Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta (LLCF) a fháil agus freastal go lánaimseartha ar oideachas. Ba cheart di cur isteach ar an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO). Gheobhaidh sí an LFO ar an ráta céanna agus uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus féadfaidh sí aon sochar tánaisteach atá á fháil aici faoi láthair a choinneáil. Ach, má athraíonn sí ó ráta laghdaithe LLCF go ráta uasta an Liúntais sin, d’fhéadfadh sé tionchar a bheith aige ar an bhForlíonadh Cíosa nó ar an bhForlíonadh Ús Morgáiste atá á fháil aici. Ní bhfaighidh sí deontas cothaithe mar aon le LFO, ach bheadh sí níos fearr as ó thaobh airgid de an LFO a fháil ná mar a bheadh sí ag fáil an deontais chothaithe amháin. Gheobhaidh Anne Liúntas Costais Oideachais (ar a dtugtar deontas leabhar uaireanta), gach bliain. Ní chuirfidh ioncam a thuilleann sí de thoradh fostaíochta le pá isteach ar a LFO ná ar a sochair thánaisteacha ach amháin i gcás Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste.
Beidh uirthi iarratas a dhéanamh fós chuig a húdarás áitiúil nó chuig a Coiste Gairmoideachais, agus úsáid á baint as an bhfoirm i gcomhair deontas cothaithe, le fáil amach an bhfuil sí incháilithe chun an táille sheirbhísí mac léinn agus na táillí teagaisc a bheith íoctha di.
Tá Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora ag Peter, rud a chiallaíonn go bhfuil dhá rogha aige agus go gcaithfidh sé a dhéanamh amach cé acu a thabharfaidh an t-ioncam is airde dó.
1. Feadfaidh Peter an Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora atá á fáil aige a choinneáil agus deontas cothaithe a fháil. Má roghnaíonn sé é sin a dhéanamh leanfaidh sé air ag fáil na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora ar an ráta reatha agus gheobhaidh sé an deontas cothaithe. Caillfidh sé aon sochar tánaisteach atá á fháil aige, áfach, mar Fhorlíonadh Cíosa nó Fhorlíonadh Ús Morgáiste. Más rud é go bhfuil sé ag teacht go deireadh a theidlíochta i leith na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora, ba thairbhí dó an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas a bheith aige toisc go n-íocfar é sin ar feadh tréimhse a chúrsa.
2. Féadfaidh Peter aistriú ón Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora atá á fáil aige go dtí an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO). Má thograíonn sé é sin a dhéanamh, ní bhfaighidh sé deontas cothaithe ach gheobhaidh sé Liúntas Costais Oideachais (ar a dtugtar deontas leabhar freisin). Gheobhaidh sé an LFO ar an ráta céanna agus uasráta na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus féadfaidh sé aon sochar tánaisteach atá á fháil aige faoi láthair a choinneáil. Má athraíonn sé ó ráta laghdaithe na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora go ráta uasta an Liúntais sin d’fhéadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar a Ráta Forlíonadh Cíosa nó ar a ráta Forlíonadh Ús Morgáiste. Ní chuirfidh ioncam a thuilleann sé de thoradh fostaíochta le pá isteach ar a LFO ná ar a shochair thánaisteacha ach amháin i gcás Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste.
Beidh air iarratas a dhéanamh fós chuig a údarás áitiúil nó chuig a Choiste Gairmoideachais, agus úsáid á baint as an bhfoirm i gcomhair deontas cothaithe, le fáil amach an bhfuil sé incháilithe an táille sheirbhísí mac léinn agus na táillí teagaisc a bheith íoctha dó.
Tá Liúntas Míchumais á fháil ag Maria, rud a chiallaíonn go bhfuil dhá rogha aici agus go gcaithfidh sí a dhéanamh amach cé acu a thabharfaidh an t-ioncam is airde di.
1. Feadfaidh Maria an Liúntas Míchumais atá á fháil aici a choinneáil agus deontas cothaithe a fháil. Má thograíonn sí é sin a dhéanamh leanfaidh sí uirthi ag fáil an Liúntais Mhíchumais ar a ráta reatha. Caillfidh sí aon sochar tánaisteach atá á fháil aici, áfach, mar Fhorlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag ioncam a tuismitheoirí ar mhéid an deontais chothaithe a gheobhaidh sí má tá sí ina cónaí sa bhaile. Mar gheall air sin, d’fhéadfadh sí deontas cothaithe laghdaithe a fháil, nó b’fhéidir nach bhfaigheadh sí ach íocaíocht na Táille Seirbhísí Mac Léinn, nó b’fhéidir nach bhfaigheadh sí ceachtar acu. Caithfidh sí a chur in iúl don Rannóg Liúntais Mhíchumais sa Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuil sí ag tosú ar chúrsa staidéir.
2. Féadfaidh Maria aistriú ón Liúntas Míchumais atá á fháil aici go dtí an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO). Má thograíonn sí é sin a dhéanamh agus má tá sí incháilithe chun an LFO a fháil ní bhfaighidh sí deontas cothaithe ach gheobhaidh sí Liúntas Costais Oideachais (ar a dtugtar deontas leabhar freisin). Gheobhaidh sí an LFO ar an ráta céanna agus uasráta an Liúntais Mhíchumais agus féadfaidh sí aon sochar tánaisteach atá á fháil aici faoi láthair a choinneáil. Má athraíonn sí ó ráta laghdaithe go ráta uasta an Liúntais Mhíchumais d’fhéadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar a ráta Forlíonadh Cíosa nó ar a ráta Forlíonadh Ús Morgáiste. Ní chuirfidh ioncam a thuilleann sí de thoradh fostaíochta le pá isteach ar a LFO ná ar a sochair thánaisteacha ach amháin i gcás Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste.
Beidh uirthi iarratas a dhéanamh fós chuig a húdarás áitiúil nó chuig a Coiste Gairmoideachais, agus úsáid á baint as an bhfoirm i gcomhair deontas cothaithe, le fáil amach an bhfuil sí incháilithe chun táille sheirbhísí mac léinn agus chun na táillí teagaisc a bheith íoctha di.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.