Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás- Staidéar ar shaoire cúramóra agus saoire bhliantúil

Print Page Send to a Friend

Cás- Staidéar ar shaoire cúramóra agus saoire bhliantúil

Thóg Tom saoire cúramóra ón obair chun aire a thabhairt dá athair a bhí go dona breoite. Thóg sé a theidlíocht iomlán de 65 seachtainí. Ar fhilleadh chun na hoibre dó i bhFeabhra 2006, bhí sé ag plé saoire bhliantúil lena fhostóir. Dúirt a fhostóir, mar a thuig sé féin, nach féidir le fostaithe saoire bhliantúil a thógáil sa bhliain féilire céanna ina gcríochnaíonn saoire cúramóra.

Tá fostóir Tom mícheart. Chomh fada agus go bhfuil dóthain uaireanta oibre carnaithe ag Tom, tá sé i dteideal saoire bhliantúil a thógáil, fiú amháin má tharlaíonn sé seo sa bhliain féilire céanna ina chríochnaíonn a shaoire cúramóra. An chéad 13 seachtainí amháin cibé ar bith a áirítear i dtreo theidlíocht do shaoire bhliantúil a bhunú. Ar an mbealach céanna, níl cearta ag Tom ach amháin maidir le saoire poiblí a thiteann sa chéad 13 seachtainí dá shaoire cúramóra.

Ón 24 Márta 2006, ardaíodh an tuastréimhse do shaoire cúramóra go dtí 104 seachtainí. Má éiríonn athair Tom breoite arís, is féidir le Tom iarratas a dhéanamh ar an bhfuílleach dá shaoire cúramóra. Tá sé i dteideal d'uasmhéid de 39 seachtainí chomh fada agus go bhfuil bearna atá ar laghad 6 seachtainí idir an dá thréimhse saoire cúramóra.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Saoire bhliantúil
    Soláthraíonn an dlí fostaíochta teidlíochtaí áirithe saoirí ón obair d'fhostaithe ó laethanta saoire go dtí saoire do thuismitheoirí. Faigh amach conas do shaoire a ríomh.
  • Saoire cúramóra
    Tugann An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001 cead d'fhostaithe in Éirinn saoire a ghlacadh ón obair gan íocaíocht ionas go mbeidh ar a gcumas cúram lánaimseartha a thabhairt do dhaoine a bhfuil an cúram seo de dhíth orthu.
  • Saoire mhaithreachais
    Tá fostaithe mná in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh. Sonraí breise ar fáil anseo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.