Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar: Do cháin ioncaim a ríomh

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar: Do cháin ioncaim a ríomh

Cás-staidéir maidir le conas do cháin a ríomh in 2012.

Léiríonn na samplaí seo na fachtóirí éagsúla a bhaineann le do cháin a ríomh in 2012.

Creidmheasanna cánach

Is duine singil í Joan agus tuileann sí €28,000 sa bhliain. Faigheann sí fógra cinnidh a creidmheasanna cánach agus pointe scoite a ráta chaighdeánaigh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá creidmheasanna cánach Joan liostaithe ar an bhfógra mar seo a leanas:
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil = €1,650
Creidmheas Cánach d’Fhostaí = €1,650
Creidmheas Cánach Cíosa = €320
Líon iomlán na gCreidmheasanna cánach = €3,620.

Pointe scoite an ráta chaighdeánaigh do dhuine singil ná €32,800. Os rud é go bhfuil ioncam Joan faoin bpointe scoite, gearrtar cáin ar a cuid ioncaim go léir ag an ráta caighdeánach, (20%), chun a cáin chomhlán a fháil.
28,000 x 20% = €5,600 cáin chomhlán.

Asbhaintear líon iomlán na gcreidmheasanna cánach ón gcáin chomhlán chun an méid cánach is iníoctha a thabhairt:
€5,600 - €3,620 = €1,980

Tá dliteanas ar Joan anMuirear Uilíoch Sóisialach (MUS) dá hollioncam a íoc freisin: Gearrtar an MUS mar seo: 2% ar d’ollioncaim suas go €193 sa tseachtain, 4% idir €194 agus €308, agus 7% ar ollioncam seachtainiúil os cionn €308.

Is é an méid iomlán a bhaintear as a hioncam ná:

€1,980 (cáin ioncaim) + €1,278.80 (MUS) = €3,258.80

Is féidir leat teacht ar mhéid míosúil nó seachtainiúil na cánach ba cheart a bhaint ó thuarastail tríd an bhfigiúr bliantúil seo a roinnt faoi 12 nó faoi 52 faoi seach.

Rátaí cánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh

Is mar seo a leanas a ríomhfar an cháin atá le híoc ag cáiníocóir singil a thuileann €40,000 sa bhliain:

An banda ráta caighdeánach do cháiníocóir singil ná €32,800.
Ciallaíonn sé sin go ngearrtar cáin ar an gcéad €32,800 ag an ráta caighdeánach, 20%, agus go ngearrtar cáin ar an bhfuílleach (€7,200) ag an ráta cánach níos airde, 41%.
€32,800 x 20% = €6,560
€7,200 x 41% = €2,952
Iomlán = €9,512

Asbhaintear creidmheasanna cánach ón méid sin chun an cháin atá dlite a thabhairt. Tá cáiníocóir singil ÍMAT (Íoc Mar a Thuillir) i dteideal na creidmheasanna seo a leanas a fháil:
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil = €1,650
Creidmheas Cánach d’Fhostaí = €1,650
Iomlán = €3,300

Sa sampla seo, níl an cáiníocóir i dteideal aon chreidmheasanna cánach eile a fháil agus dá bhrí sin is é an cháin iomlán atá dlite ná:
Cáin chomhlán de €9,512
Lúide creidmheasanna cánach de €3,300
Cáin dlite = €6,212

Tá anUSC ar ollioncam le híoc freisin. Is é an méid iomlán a bhaintear as ioncam ná:

€6,212 (cáin ioncaim) + €2118.80 (MUS) = €8,334.80

Liúntais chánach

Féach an t-alt ar liúntais chánach i Conas a ríomhtar do cháin ioncaim chun míniú simplí a fháil faoi conas luach an liúntais chánach a ríomh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.