Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-Staidéar: íocaíocht iomarcaíochta a mheas

Print Page Send to a Friend

Cás-Staidéar: íocaíocht iomarcaíochta a mheas

Thosaigh Linda a post reatha ar an 1 Feabhra 1998. Tugadh fógra iomarcaíochta di ar 6 Iúil 2005 agus tháinig críoch lena post ar an 31 Lúnasa 2005. Leagadh as obair í ó 6 go dtí 10 Meitheamh 2005. Bhí ollphá seachtainiúil (is é sin, a pá seachtainiúil roimh cháin agus asbhaintí eile) de €800 aici. Teastaíonn ó Linda a fháil amach cé mhéid a bheidh a híocaíocht iomarcaíochta.

An t-uasteorainn ar thuarastail a áirítear do chuspóirí iomarcaíochta ná 600 euro in aghaidh na seachtaine. 7 mbliana agus 212 lá í an tseirbhís iomlán ag Linda. Ní raibh aon bhristeacha aici ina cuid leanúnachas fostaíochta. Cibé ar bith, laghdóidh an 5 lá asleagtha i Meitheamh 2005 a seirbhís inríofa go dtí 7 mbliana agus 207 lá. 207 lá is ea 57% (56.71%) de bhliain iomlán.

Ag ceadú 2 sheachtain do gach bliain seirbhíse agus do chuid de bhliain ar bhonn pro-rata, beidh Linda i dteideal do 16.14 seachtainí (2 sheachtain x 7.57 mbliana = 15.14, móide seachtain sa bhreis). Tabharfaidh sé seo íocaíocht iomarcaíochta do Linda de 16.14 x €600 = €9,684

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.