Thosaigh Jane ag obair dá fostóir 10 mí ó shin. Oibríonn sí 35 uair in aghaidh na seachtaine, ach bhí sí as láthair ón obair de bharr breoiteachta ar feadh 3 seachtainí le linn an ama seo. Nuair a rinne sí iarratas ar laethanta saoire, dúirt a fostóir go bhféadfadh sí corr seachtain a bheith saor aici nuair a bhí an gnó ciúin. Dúirt an fostóir léi nach bhféadfadh sí a bheith ag súil lena saoire bhliantúil ar fad, toisc go raibh sí as láthair ón obair de bharr breoiteachta. Cad iad a cearta?
Chomh fada agus nach bhfuil conradh fostaíochta ag Jane a thugann cearta breise di, tá sí ag brath ar na forálacha san Acht um Eagrú Ama Oibre 1997. Sa 10 mí, d'oibrigh sí 1505 uaireanta (43 seachtainí x 35) lúide 105 uaireanta (3 x 35) nuair a bhí sí as láthair de bharr breoiteachta, ag tabhairt iomlán de 1400 uaireanta oibrithe. Tugann sé seo teidlíocht de shaoire 4 seachtainí, ina chuimsítear 2 sheachtain saoire gan briseadh toisc go bhfuil sí fostaithe ar feadh níos mó ná 8 mí.
Cibé ar bith, d'fhéadfadh an t-am den bhliain inar thosaigh sí an fhostaíocht dul i bhfeidhm ar a teidlíocht. Faoin reachtaíocht, ritheann an bhliain saoire ó Aibreán go Márta, cé go n-úsáideann fostóirí áirithe an bhliain féilire. Mar shampla, má thosaigh Jane ag obair in Eanáir agus í as obair de bharr breoiteachta i Meitheamh, tá a teidlíocht do shaoire bhliantúil mar a leanas:
1ú bliain saoire: d'oibrigh sí ó Eanáir go Márta. Toisc gur oibrigh sí níos mó ná 117 uaireanta sa 3 mhí seo tá si i dteideal d'aon tríú de sheachtain x 3 atá cothrom le seachtain amháin de shaoire bhliantúil.
2ra bliain saoire: d'oibrigh sí ó Aibreán go Deireadh Fómhair. Níl an 1,365 uaireanta aici atá riachtanach le bheith i dteideal do 4 seachtainí saoire bhliantúil sa bhliain saoire reatha. Cé go raibh sí breoite i mí Meitheamh, tá sí tar éis oibriú níos mó ná 117 uaireanta i 6 as 7 mí. Tugann sé seo teidlíocht d'aon tríú de sheachtain x 6 di atá cothrom le 2 sheachtain saoire.
Go dtí seo mar sin, le linn an dá bhliain saoire a bhaineann, tá iomlán de 3 sheachtain saoire tuillte aici. Ní dhéantar difear don teidlíocht seo go raibh Jane as láthair ón obair de bharr breoiteachta ar feadh 3 seachtainí ar an méid seo.
Ina theannta sin, nuair atá a fostóir ag déanamh cinneadh faoi cén uair gur féidir saoire a thógáil, caithfidh siad aon dualgais teaghlaigh a bheadh ag Jane a thógáil san áireamh, chomh maith le deiseanna scíthe agus áineasa.
Bheadh sí i dteideal chomh maith do laethanta saoire ag 8% de na huaireanta a d'oibrigh sí i Meitheamh.
Má tá deacracht ag Jane ag fáil a teidlíocht do shaoire bhliantúil ba chóir di a cás a thagairt go dtí Coimisinéir um Chearta
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.