Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar 3: Conas a bhíonn tionchar ag ioncam ón obair ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar 3: Conas a bhíonn tionchar ag ioncam ón obair ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

Cás-staidéar ina léirítear conas a bhíonn tionchar ag ioncam céile nó páirtí ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta in 2012.

Tá Anna ina cónaí lena páirtí Paul. Tá Pinsean Easláinte á fháil ag Paul le cúpla bliain anuas. Tairgeadh roinnt obair athshlánúcháin dó ar feadh trí mhaidin gach seachtain. Tá a fhios aige nach mbeidh tionchar ag a thuilleamh €110 ón obair athshlánúcháin ar a Phinsean Easláinte. Ach teastaíonn ó Anna a fháil amach an gcuirfear isteach ar a Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta má thugann Paul faoin obair athshlánúcháin. Tá a híocaíocht laghdaithe cheana féin toisc go bhfuil siad ina gcónaí le chéile.

Céim 1: Ríomh ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta (LLCF) a fhaigheann Anna faoi láthair

Uasíocaíocht le Anna agus Paul (nóta 1) €331.60

An Ráta Pinsean Easláinte a fhaigheann Paul €193.50

Ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a fhaigheann Anna (nóta 1) €138.10

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh iomlána €331.60

Céim 2: Ríomh ráta LLCF Anna tar éis tuilleamh athshlánúcháin Paul a chur san áireamh

Ráta Laghdaithe an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a fhaigheann Anna faoi láthair €138.10

Lúideioncam inmheasúnaithe ó obair athshlánúcháin Paul €15 (nóta 2)

Ráta nua an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a fhaigheann Anna €123.10

Nóta 1

Má éilíonn duine den lánúin an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus má fhaigheann an duine eile ceann amháin de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá ar an liosta thíos, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar leis an lánúin a bheith níos mó ná an méid a íoctar le duine amháin agus a c(h)leithiúnaí aosaigh.

  • Sochar Breoiteachta
  • Pinsean Míchumais (nuair a íoctar in éineacht le Sochar Díobhála nó Forlíonadh Éagumais é)
  • Sochar Díobhála
  • Pinsean Easláinte
  • Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Idirthréimhseach)
  • Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

Is féidir leat an íocaíocht ag an ráta níos airde a roghnú mar an phríomhíocaíocht, áfach. Mar shampla, roghnaigh Anna agus Paul Pinsean Easláinte Paul mar phríomhíocaíocht seachas Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta Anna mar íoctar an Pinsean Easláinte ag ráta seachtainiúil níos airde.

Éilitheoir ar Phinsean Easláinte (PE) ar an ráta faoi 65 bliain d’aois €193.50

Ráta d’Aosach Cáilithe do PE faoi 65 bliain d’aois €138.10

Uasmhéid iníoctha le Anna agus Paul €331.60

Nóta 2

Beidh tionchar ag ioncam Paul ar Ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a fhaigheann Anna.

Is é an t-ioncam ó fhostaíocht a fhaigheann Paul ná €110.

Déanfar €20 in aghaidh an lae ó obair ócáideach (suas le huasmhéid de €60) a asbhaint óna mheántuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil, agus déanfar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar a acmhainní ó fhostaíocht.

€110 – €60 (oibríodh 3 lá) = €50 x 60% = €30

Déantar leath dá acmhainní €30 toisc go bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil ag Paul.

Acmhainní iomlána seachtainiúla = €15

Déantar na lamháltais seo a leanas a asbhaint ó d’ollthuilleamh chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil.

  • ÁSPC (Ranníocaíocht)
  • Dleachtanna ceardchumainn
  • Aoisliúntas
  • CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta)
  • Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist
    Chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Le tástáil mhaoine, scrúdaítear d’fhoinsí ioncaim ar fad. Áfach, tá ioncam nach nglactar san áireamh agus d’fhoinsí ioncaim á ríomh.
  • Pinsean Easláinte
    Is éard Pinsean Easláinte íocaíocht leasa shóisialaigh a íoctar le daoine mura raibh siad i riocht oibre agus go raibh siad ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh dháta d'iarratas.
  • Budget 2012
    Budget 2012 was announced on 5 and 6 December 2011. Summary of the main changes.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.