Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar 2: Conas a bhíonn tionchar ag ioncam ó fhostaíocht in Éirinn ar an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar 2: Conas a bhíonn tionchar ag ioncam ó fhostaíocht in Éirinn ar an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

Léiríonn an cás-staidéar seo an tionchar a bhíonn ag obair ar an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta in 2012.

Cás-staidéar

Tá Frank ina chónaí lena pháirtí Joanne agus lena mbeirt leanaí. Chaill sé a phost le gairid agus tá iarratas déanta aige ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta. Tá obair shealadach aige ag tiomáint mionbhus do sheirbhís áitiúil do dhaoine faoi mhíchumas gach Satharn agus Domhnach. Tá a thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe cothrom le €140.

Tá Joanne ag obair go páirtaimseartha trí lá sa tseachtain agus tuileann sí €85 in aghaidh na seachtaine. Faigheann sí Sochar Leanaí don bheirt leanaí chomh maith.

Dhíol siad seanteach an teaghlaigh le déanaí agus cheannaigh siad teach níos nuaí. Rinne siad brabús €15,000 ar dhíol an tí agus tá coigilteas breise €5,000 acu.

Céim 1

Ar dtús ríomh acmhainní Frank agus Joanne.

Ioncam inmheasúnaithe Frank ó fhostaíocht €30

(Féach nóta 1)

Ioncam inmheasúnaithe Joanne ó fhostaíocht €15

(Féach nóta 2)

Acmhainní measúnaithe ó choigilteas 0

(Féach nóta 3)

Acmhainní Iomlána €45

Céim 2

Ríomh uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta atá ag Frank. Cuimsíonn sé seo an t-uasráta pearsanta agus aon mhéadú le aghaidh duine aosaithe cháilithe.

Ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta (2012) €188

Móide méadú le haghaidh duine aosaithe cháilithe €124.80

Móide méadú do leanaí cleithiúnacha €59.60

Iomlán €372.40

Céim 3

Uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta lúide acmhainní inmheasúnaithe. Sa chás seo,

Uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta €372.40

Lúide acmhainní inmheasúnaithe €45

Iomlán €327.40

(Ráta pearsanta LLCF móide méadú le haghaidh duine aosaithe cháilithe)

Iomlán Ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta atá iníoctha le Frank €327.40

Nóta 1

Ní dhéantar acmhainní Frank ó fhostaíocht a mheasúnú ar an ngnáthbhealach toisc go bhfuil an Domhnach ar cheann de na laethanta a oibríonn sé.

Ar dtús, déan ioncam Frank ón obair a mheasúnú agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas:

Déanfar €20 in aghaidh an lae ó obair ócáideach (suas le huasmhéid de €60) a bhaint as a mheántuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil, agus ansin déanfar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar a acmhainní seachtainiúla.

€140 - €40 (don dá lá a oibríodh) = €100 x 60% = €60

Déantar na lamháltais a leanas a asbhaint ó d’olltuilleamh i gcónaí chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil:

  • ÁSPC (Ranníocaíocht)
  • Dleachtanna ceardchumainn
  • Aoisliúntas
  • CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta)
  • Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise

Tá acmhainní seachtainiúla Frank ó fhostaíocht arb ionann iad agus €60 níos lú ná an t-uasmhéid a bheadh sé i dteideal a fháil ó thaobh a imthosca (€372.40). Toisc go bhfuil a fhios againn anois go bhfuil sé i dteideal méid áirithe dá Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a choinneáil is é an chéad chéim eile ná méid iarbhír an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a bhfuil sé i dteideal a fháil a ríomh. Caithfidh tú a ‘thuilleamh inmheasúnaithe laethúil’ a ríomh chun é seo a dhéanamh.

Níl sé i dteideal an LLCF a fháil ach do thréimhsí dífhostaíochta amháin. Is é an íostréimhse go gcaithfidh duine a bheith dífhostaithe chun LLCF a fháil ná 3 lá i dtréimhse 6 lá as a chéile. Tá cúig lá dífhostaíochta as a chéile ag Frank. Tá sé fostaithe lá amháin as sé lá. Ní áirítear an Domhnach mar lá oibre, ach, cuirtear a obair ar an Domhnach san áireamh ag an tús agus an ‘tuilleamh inmheasúnaithe laethúil’ á ríomh.

Is ionann meántuilleamh inmheasúnaithe laethúil Frank agus (€140 ÷ an dá lá a oibríodh) = €70.

Lúideneamhaird don lá a oibríodh €70 - €20 = €50 (Gan neamhaird don Domhnach)

60 % dá thuilleamh laethúil inmheasúnaithe de €50= €30

Tá Ioncam inmheasúnaithe Frank ó fhostaíocht cothrom le €30

Ní áirítear an Domhnach mar lá oibre, ciallaíonn sé sin nach gcuirtear ‘tuilleamh inmheasúnaithe laethúil’ ar an Domhnach arna ríomh ag an Roinn san áireamh. Sa chás seo, ní chuirtear ach tuilleamh inmheasúnaithe laethúil Frank ar an Satharn san áireamh.

Nóta 2

Is é an t-ioncam ó fhostaíocht a fhaigheann Joanne ná €85.

Déanfar €20 in aghaidh an lae ó obair ócáideach (suas le huasmhéid de €60) a asbhaint óna meántuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil, agus ansin déanfar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar a hacmhainní seachtainiúla.

€110 – €60 (don 3 lá a oibríodh) = €25 x 60% = €15

Ní chuirtear Sochar Leanaí san áireamh nuair atá acmhainní á ríomh.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad Conas atá tionchar ag ioncam fostaíochta ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus inár mBileog oibre ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus ioncam ón obair.

Nóta 3

Tá coigilteas €20,000 ag Joanne agus Frank in éineacht. Tá sé sin faoin tairseach €20,000 agus ní chuirtear san áireamh mar acmhainní é.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.