Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-staidéar 2: Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT)

Print Page Send to a Friend

Cás-staidéar 2: Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT)

Seo sampla a thaispeánann conas a ríomhtar ioncam i leith Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh in 2012.

Cás-staidéar

Tá John ina chónaí lena pháirtí Máire agus lena gceathrar leanaí. Tá sé ag obair do chuideachta le tamall maith, ach níl a chuid uaireanta oibre rialta. Téann siad idir 30 agus 48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine. Mar thoradh air sin, is féidir leis idir €300 agus €480 in ollphá a thuilleamh gach seachtain. Tá Mary ag fáil €204 de Liúntas Cúramóra agus oibríonn sí go páirtaimseartha mar chúntóir baile do Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |(FSS) ag tuilleamh €96 in aghaidh na seachtaine. Tá a n-iníon 15 bliana d’aois agus tá post páirtaimseartha aici ag an deireadh seachtaine, ag tuilleamh €45 in aghaidh na seachtaine. Faigheann John agus Mary Sochar Leanaí de €588 in aghaidh na míosa dá gceathrar leanaí.

Glanioncam seachtainiúil ó fhostaíocht (féach nóta 1) €349.71 agus €96 = €445.71

Móide Glanioncam seachtainiúil ó fhéinfhostaíocht 0

Móide Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh (Féach nóta 2) €68

Móide Ioncam ó Phinsin ghairme 0

Ioncam Iomlán €513.71

Is é an uasteorainn ioncaim i gcás teaghlaigh ina bhfuil ceathrar leanaí ná €824. Is é an difear idir €824 agus €513.71 ná €310.83. Is é 60% den difríocht (€310.83) ná €186.50.

Gheobhaidh John íocaíocht FIT de €186.50 gach seachtain.

Nóta 1

Tá uaireanta John mírialta agus mar sin ní hionann an méid a thuilleann sé ó sheachtain go seachtain. Chun a ioncam seachtainiúil iomlán a fháil, is féidir leis an Roinn meán a ioncaim thar thréimhse idir sé go hocht seachtaine a fháil. Is minic a úsáidtear an P60 is déanaí chun an meán-ioncam ó fhostaíocht a ríomh. Sa chás seo, is é a mheán-ioncam thar shé seachtaine ná €349.71.

Ní dhéantar measúnú ach ar ioncam John ó fhostaíocht. Ní mheasúnaítear ioncam a n-iníne toisc go bhfuil sí faoi bhun 22 bliain d’aois agus in oideachas lánaimseartha.

Nóta 2

Ní chuimsítear Sochar Leanaí ná Liúntas Cúramóra sa mheasúnú d’Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh. Áfach, i 2012 déanfar measúnú ar thrian den Liuntas Cúramóra Mhary mar ioncam – seo €68 (€204÷3).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.