Anseo atá tú: Baile > Reference > Case studies > Cás-Staidéar 1: Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT)

Print Page Send to a Friend

Cás-Staidéar 1: Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT)

Seo sampla a thaispeánann conas a ríomhtar ioncam i leith Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh in 2012.

Cás-staidéar

Tá triúr leanaí ag Mary, agus tá beirt acu ag freastal ar an meánscoil. Tá an leanbh is óige atá aici cúig bliana d’aois. Tá íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora á fáil aici agus tairgeadh obair pháirtaimseartha di le déanaí. Má ghlacann sí leis an bpost, beidh sí ag obair trí lá sa tseachtain agus tuillfidh sí €300. Ba mhaith le Mary glacadh leis an bpost toisc go bhfuil a leanaí ar fad ar scoil anois ach tuigeann sí go gcuirfear isteach ar a hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

An mbeadh Mary níos fearr as ó thaobh airgid de dá nglacfadh sí leis an tairiscint oibre? Tá sí ina cónaí ina teach le 20 bliain anuas agus tá morgáiste measartha beag aici. Faigheann sí íocaíocht chothabhála €80 in aghaidh na seachtaine i leith a costais mhorgáiste, rud nach gcuireann isteach ar a hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora. Tá post páirtaimseartha ag a hiníon is sine i siopa áitiúil.

Glanioncam seachtainiúil ó fhostaíocht (féach nóta 1) €300.00

Móide Glanioncam seachtainiúil ó fhéinfhostaíocht €0.00

Móide Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh (Féach nóta 2) €207.40

Móide Ioncam ó Phinsin ghairme €0.00

Móide Airgead Cothabhála a fhaightear €80.00

Ioncam Iomlán €587.40

Is é an uasteorainn ioncaim don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) i gcás teaghlaigh ina bhfuil triúr leanaí ná €703. Is é an difríocht idir €703 agus €587.40 ná €115.60. 60% den difríocht €115.60 ná €69.36.

Gheobhaidh Mary íocaíocht FIT €69.36 gach seachtain.

Is é an t-ioncam atá aici faoi láthair ná €357.40.

Má ghlacann sí leis an bpost beidh ioncam iomlán €656.76 aici lena n-áirítear FIT.

Nóta 1

Déantar glanioncam Mary ó fhostaíocht a mheasúnú i leith FIT, ach, ní mheasúnaítear ioncam a hiníne toisc go bhfuil sí faoi bhun 22 bliain d’aois agus in oideachas lánaimseartha.

Nóta 2

Má fhaigheann Mary €300 ó fhostaíocht, laghdófar a hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora go dtí €118. Gheobhaidh sí €29.80 freisin do gach leanbh.

Léigh anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a dtéann ioncam ó fhostaíocht i bhfeidhm ar d’Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.