Is féidir leat fáil amach faoi fholúntais in Éirinn agus conas an próiseas a thosú maidir le post a aimsiú in Éirinn.
Tá víosa chun teacht go hÉirinn de dhíth ar shaoránaigh ó thíortha áirithe. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa Éireannach san ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit. Ní bhronnann víosa ceart cónaithe nó ceart oibre ar bith in Éirinn.
Saoránaigh AE/LEE/na hEilvéise: Más as ballstát AE nó ceann de thíortha LEE nó an Eilvéis, thú, tá tú i dteideal teacht chun oibriú in Éirinn. Níl cead fostaíochta de dhíth ort. Tá tú i dteideal go dtiocfadh do chleithiúnaithe chun cónaí leat. Más céile nó páirtnéir sibhialta de náisiúnach AE/LEE/na hEilvéise tú, atá ag cleachtadh do cheart do shaoirse aistrithe, tá na cearta comhchosúla chun oibriú agus chun cónaí agat in Éirinn.
Más náisiúnach LEE nó na hEilvéise tú, tá tú i dteideal go pléifear leat ar an gcaoi chéanna le saoránaigh na hÉireann nuair a dhéanann tú iarratas ar obair in Éirinn. Tá saorchead agat iarratas a dhéanamh ar fholúntas ar bith, ina áirítear poist san earnáil phoiblí. Áirítear ina measc seo poist in Arm na hÉireann agus fórsa póilíneachta na hÉireann (An Garda Síochána), ach ní áirítear poist i seirbhís taidhleoireachta na hÉireann.
Tá córas i bhfeidhm maidir le comhaitheantas na gcáilíochtaí idir thíortha LEE.
Tíortha eile: Go ginearálta, beidh cead fostaíochta de dhíth ort más ó thír eile tú. Tá ceithre chineál ceadanna fostaíochta: Cead an Chárta Glas, cead fostaíochta, cead aistrithe laistigh de chuideachta, cead fostaíochta do chéile/chleithiúnach - féach thíos.
Níl cead fostaíochta de dhíth ort chun oibriú go dleathach in Éirinn, má tá tú i gceann de na catagóirí a leanas:
Más ó thír tú ina mbíonn cead fostaíochta de dhíth go hiondúil agus tú ag staidéar in Éirinn ar chúrsa faofa, is féidir leat a bheith i mbun corrfhostaíochta – uasmhéid de 20 uair in aghaidh na seachtaine i rith an téarma agus lánaimseartha le linn na laethanta saoire – gan cead fostaíochta.
Ceadaíonn an Scéim Iarchéime Tríú Leibhéal (pdf) do mhic léinn neamh-LEE a bhain céim amach ar an 1 Eanáir 2007 nó ina dhiaidh, le bunchéim leibhéal 7, fanacht in Éirinn ar feadh 6 mhí. Má tá céim leibhéil 8-10 acu tá fanacht in Éirinn ar feadh 12 mhí ceadaithe. Ansin is féidir leo fostaíocht a aimsiú agus iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta nó cead an Chárta Glas.
D'fhéadfaí údaruithe um shaoire oibre a eisiúint go náisiúnaigh Cheanada, na hAstráile, na Nua-Shéalainne, na Seapáine, na hAirgintíne, Hong Cong agus na Cóire mar chuid de chomhaontú cómhalartach idir na tíortha seo agus Éire. Ón 6 Meitheamh 2006, má tá tú ar údarú um shaoire oibre, ní bheidh sé indéanta a thuilleadh aistriú go cead fostaíochta.
Tá rialacha ginearálta ann a bhaineann le gach cead fostaíochta. D'fhéadfadh ceachtar den bhfostaí ionchasach nó fostóir ionchasach iarratas a dhéanamh ar chead – féach 'Conas iarratas a dhéanamh'.
Cead fostaíochta diúltaithe: Má dhéantar cead fostaíochta a dhiúltú duit, d'fhéadfá athbhreithniú inmheánach a lorg. Ba chóir duit athbhreithniú a lorg laistigh de 21 lá ón bhfógra diúltaithe.
Caithfidh fostóirí atá ag iarraidh daoine a fhostú a bhfuil ceadanna fostaíochta de dhíth orthu, riachtanais áirithe a shásamh roimh ré. Caithfidh siad a bheith ag trádáil go dleathach in Éirinn – ciallaíonn sé seo a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le hOifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) más cuideachta atá sa bhfostóir. Is féidir cúrsaí cláraithe san OCC a sheiceáil ag: http://www.cro.ie/gaa/online-services-company-search.aspx
Caithfidh an fostóir tú a fhostú go díreach – ciallaíonn sé seo nach bhfuil an méid a leanas inghlactha – iarratais ó ghníomhaireachtaí earcaíochta, ghníomhairí, idirghabhálaithe nó chuideachtaí a bhfuil sé beartaithe acu tú a úsáid ar fochonradh nó foinsiú allamuigh, chun oibriú i gcuideachta eile.
Tá teorainn ar an gcéatadán den lucht oibre ar féidir a bheith ina sealbhóirí ceadanna fostaíochta. Ní dheonaítear ceadanna d'fhostóirí nuair a bheadh níos ná 50% d'fhostaithe an chuideachta ina náisiúnaigh neamh-LEE dá bharr.
Tá dualgas ar fhostaithe le ceadanna fostaíochta cloí leis na rialacha inimirce. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh víosa a bheith de dhíth ort chun teacht anseo agus caithfidh tú clárú leis na húdaráis inimirce.
Tá an ceart atá agat go mbeadh do theaghlach in ann teacht chun cónaí leat ag brath ar an gcineál ceada atá agat. Is féidir leat fáil amach faoi chearta cónaitheachta na mball teaghlaigh.
Cead an Chárta Glas: baineann an cead fostaíochta seo le hoibrithe imirceacha atá fíor-oilte. Tá sé tagtha in áit an chórais um víosa oibre/údarú oibre roimh seo. Fanann an/na víosa oibre/húdaruithe roimhe seo bailí don tréimhse atá clúdaithe acu, agus is féidir leis na daoine atá ina sealbhóirí iad a athnuachan faoin gcóras nua.
Déantar Cárta Glas a dheonú do 2 ghrúpa daoine: daoine le scileanna sainiúla i liosta srianta de ghairmeacha sa raon tuarastail idir €30,000 go dtí €60,000 agus daoine i ngach gairm nach beag nuair atá an raon tuarastail os cionn €60,000. Tá breis sonraí ar fáil i dTreoir na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta ar Cheadanna an Chárta Glas (pdf).
Ceadanna oibre: is féidir iad seo a eisiúint do náisiúnaigh coigríche a bhfuil ceadanna fostaíochta de dhíth acu, maidir le gairmeacha nach mbaineann le cead an Chárta Glas agus nuair atá an tuarastal cothrom le €30,000 nó níos mó. Tá gairmeacha áirithe ann nach ndéantar ceadanna fostaíochta a bhreithniú ina leith. Tá breis sonraí faoi cheadanna fostaíochta i dTreoir ar Cheadanna Fostaíochta (pdf) na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.
Scéim aistrithe laistigh de chuideachta: tá an scéim seo deartha chun aistriú na bainistíochta sinsearaí, an phríomhphearsanra nó na n-oiliúnaithe atá ina náisiúnaigh choigríche, (a bhfuil cead fostaíochta de dhíth orthu) ó bhrainse eachtrach na corparáide ilnáisiúnta chuig an mbrainse Éireannach a éascú. Tá breis sonraí ar fáil i dTreoir ar Scéim Aistrithe laistigh de chuideachta (pdf) na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.
Ceadanna fostaíochta do chéile/cleithiúnach: d'fhéadfadh céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe shealbhóirí an cheada fostaíochta cead fostaíochta. Tá breis sonraí i dTreoir ar Cheadanna Fostaíochta do Chéilí agus Cleithiúnaithe Shealbhóirí an Cheada Fostaíochta (pdf) na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.
Tá na cearta céanna ag náisiúnaigh choigríche atá ag obair go dleathach in Éirinn faoi chearta na reachtaíochta fostaíochta, agus atá ag Éireannaigh atá ag obair anseo.
Tugtar na ceadanna fostaíochta nua don fhostaí. Áirítear ráiteas cearta
agus teidlíochtaí an oibrithe sa chead. Áirítear faisnéis sa ráiteas
cearta faoi cén uair agus conas gur féidir leis an oibrí fostaíocht a
athrú. Áirítear san ráiteas sonraí pá, cearta faoin reachtaíocht
um pá íosta náisiúnta agus asbhaintí ar bith atá beartaithe a
thógáil ón bpá sin – asbhaintí cóiríochta mar shampla. Ceadaíonn an
reachtaíocht um pá íosta náisiúnta d'asbhaintí áirithe a bheith déanta
ón bpá íosta reachtúil ag fostaí, má tá iostas agus/nó lóistín
soláthraithe don fhostaí.
Ní cheadaítear d'fhostóirí costais a asbhaint ó phá an fhostaí a
bhaineann le hearcaíocht agus ní cheadaítear dóibh doiciméid phearsanta an
oibrí a choinneáil.
Cárta Glas: Is é €1,000 an táille don chéad iarratas.
Táillí maidir le hiarratais an cheada fostaíochta agus aistriú laistigh de chuideachta:
| Tréimhse suas le 6 mhí | €500 |
| Idir 6 mhí agus 2 bhliain | €1,000 |
Is féidir leat féin nó d'fhostóir ionchasach iarratais a dhéanamh ar Chártaí Glasa nó ceadanna fostaíochta trí Rannóg na gCeadanna Fostaíochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag baint leasa as foirm iarratais an cheada fostaíochta nua (pdf). Tá foirm iarratais faoi leith do chead aistrithe laistigh de chuideachta (pdf).Ba chóir duit dhá nó trí mhí a cheadú do phróiseáil an iarratais.
Má tá tú in Éirinn agus is gá duit aistrithe Béarla cáipéisí, is
féidir leat dul i dteagmháil leis an ambasáid nó consalacht de do
thír féin chun cúnamh a fháil.
Rannóg Ceadanna Fostaíochta
Teach Daibhéid
65a Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan, Céadaoin, Aoine 9:30rn - 12.30ir
Teil:+353 1 417 5333
Lóghlao:1890 201 616
Facs:+353 1 631 3268
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/labour/workpermits/index.htm
R-phost: employmentpermits@djei.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.