Teacht go hÉirinn le freastal ar oideachas tríú leibhéil

Cúrsaí tríú leibhéal

Má tá tú ag teacht go hÉirinn le dul ag staidéar nó más mian leat do pháiste a chlárú mar mhac léinn tríú leibhéil, ní mór duit breathnú ar na roghanna atá ar fáil duit.

Ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus coláistí oiliúna oidí scoile iad na hinstitiúidí a chuireann oideachas tríú leibhéil ar fáil in Éirinn - ar a dtugtar institiúidí ardoideachais i dteannta a chéile. Leibhéil 6-10 is ea na cáilíochtaí Tríú Leibhéal i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC) Is córas de 10 leibhéal é an Creatoibre a ligeann do chomparáid idir cáilíochtaí oideachais náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Thóg Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCI) láimh na feidhmeanna na 4 chomhlacht seo leanas: Údarás Náisiúnta um Cháilíochtaí na hÉireann (ÚNCÉ), Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO), Comhairle na Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAO) agus Bord um Cháilíochtaí Ollscoileanna na hÉireann (BCOÉ). Is féidir le soláthraithe oideachais iarratas ar DCCI a dhéanamh ar Mharc Oideachais Idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhlíonadh Cód Cleachtais le haghaidh Soláthróirí Cláir Oideachais agus Oiliúna do Mhic léinn Ídirnáisiúnta (pdf).

Ollscoileanna

Tá formhór na n-ollscoileanna in Éirinn maoinithe ag an Stát, ach is gnách go mbíonn siad uathrialach. Baineann mic léinn ollscoile cáilíocht amach le Gnáthchéim Bhaitsiléara (Leibhéal 7) nó Céimeanna Onóracha Baitsiléara (Leibhéal 8). Is féidir do rogha ceann de 4 ollscoil a phiocadh in Éirinn. San áireamh tá:

Institiúidí teicneolaíochta

Áirítear leis an earnáil teicneolaíochta ollscoileanna teicneolaíochta (OTanna) agus institiúidí teicneolaíochta (ITanna).

Cuireann OTanna agus ITanna cláir oideachas agus oiliúna ar fáil i limistéir ar nós gnó, eolaíochta, innealtóireachta, teangeolaíochta agus ceoil ar leibhéil teastais, dioplóma agus chéime.

Tá 5 ollscoil theicneolaíoch ann:

Tá 2 institiúid teicneolaíochta ann:

An Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT), Dún Laoghaire
Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Coláistí oiliúna oidí scoile

Tá coláistí oiliúna éagsúla d'oidí in Éirinn a chuireann traenáil faoi leith ar fáil do mhúinteoirí bunscoile.

Coláistí príobháideacha

Chomh maith leis na coláistí atá maoinithe ag an Stát tá roinnt institiúidí oideachais tríú leibhéil a ghearann táillí a chuireann cúrsaí ar fáil, go mór mór traenáil ghairmiúil phroifisiúnta agus gnó. Tá cuid de na coláistí seo nascaithe le hollscoileanna nó le cumainn phroifisiúnta agus aitheantas dá réir ag na cailíochtaí a bhaintear amach iontu. Cuireann cuid eile acu creidiúnú Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann ar fáil. Tá sé tábhachtach fáil amach cén t-aitheantas atá ag cúrsa roimh a roghnaíonn tú é.

Cúrsa a roghnú

Oibríonn an Lár-Oifig Iontrála (CAO), atá lonnaithe i nGaillimh, nós imeachta lárnaithe iarratas le haghaidh gach coláiste tríú leibhéal. Ar láithreán Gréasáin an CAO tá de gach cúrsa tríú leibhéal atá ar fáil trína chóras. Is féidir leat láithreán Gréasáin Qualifax le haghaidh liosta de chúrsaí ardoideachais a sheiceáil chomh maith Má tá cúrsaí faoi leith sainithe agat a bhfuil suim faoi leith agat iontu, is féidir leat eolas níos mionsonraithe a fháil fúthu ó na coláistí cuí.

Teacht ar oideachas tríú leibhéal

Córas na bpointí

Déantar cinneadh faoi áiteanna a dháileadh i gcoláistí tríú leibhéil na tíre seo tríd comórtas. Ag deireadh na meánscoile déanann na mic léinn scrúdú don Ardteistiméireacht agus áirítear a gcuid grádanna i bhfigiúir bunaithe ar an sé ghrád is fearr a fhaigheann siad. Is ar bhunús na bpointí seo a chuirtear áiteanna tríú leibhéil ar fáil do mhic léinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa mhír córas iontrála agus riachtanais iontrála.

Aitheantas ar chailíochtaí a baineadh amach thar lear

Má dhein tú scrúduithe dara leibhéil faoi chóras eile i dtír eile beidh ort fáil amach an bhfuil na cailíochtaí atá agat in ann áit ar do rogha cúrsa tríú leibhéil in Éirinn a bhaint amach duit. Tá tuilleadh eolais sa tSeirbhís Aitheantas Cáilíochtaí. Déan teagmháil leis an gcoláiste féin len é seo a chinntiú roimh d'iarratas a dhéanamh.

Riachtanas an Bhéarla

Is tré mheán an Bhéarla a dhéantar na cúrsaí a theagasc i gcoláistí tríú leibhéil na hÉireann (bíonn cuid de na coláistí ag teagasc trí mheán na Gaeilge freisin) agus beidh ort a thaispeáint go bhfuil tú líofa sa teanga roimh áit a fháil ar an gcúrsa. Bíonn difear ann idir riachtanais coláistí ach go hiondúil bíonn tástáil ar chumas sa Bhéarla de dhíth, mar shampla an TOEFL. D'fhéadfadh ranganna Béarla a bheith ar fáil ag do rogha coláiste, ach muna bhfuil tá cuid mhaith coláistí Béarla príobháideacha ar fud na tíre.

Mic léinn aibí

Cuirtear líon beag áiteanna ar leathaobh ar mhaithe le mic léinn aibí, daoine atá ós cionn 23. Tá na háiteanna seo ar fáil go speisialta do dhaoine fásta nach bhfuair a ndóthain pointí b'fhéidir ina scrúduithe Ardteistiméireachta le dul i gcomórtas leo siúd atá ag fágáil na scoile. Más spéis leat iarratas a dhéanamh ar áit mar seo ní mór duit iarratas a dhéanamh díreach chuig do rogha coláiste. Éilíonn coláistí áirithe ort iarratas a dhéanamh tríd an gcóras LOI agus caithfidh tú iarratas a sheoladh roimh 1 Feabhra sa bhliain a dtosaínn tú do chúrsa.

Tá roinnt cúrsaí páirt-aimseartha agus modúlacha chomh maith le cúrsaí cianoideachais ar fáil muna bhfuil cúrsaí lán-aimseartha feiliúnach duit.

Víosaí mic léinn agus cead fanachta

Mic léinn na Breataine

Féach ‘Residence rights of UK citizens’ le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Mic Léinn nach de chuid an LEE iad

Má thagann náisiúnaigh neamh-LEE le staidéar in Éirinn ní mór dóibh clárú le haghaidh cúrsa lánaimseartha incháilithe liostaithe ar an Liosta Eatramhach de Chláir Incháilithe (ILEP) maidir le himirce mhic léinn. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil inár ndoiciméad le haghaidh na rialacha inimirce do mhic léinn neamh-LEE.

Má tá tú ag taisteal ó thír a dteastaíonn víosa uaithi le dul isteach go hÉirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar víosa mic léinn. Mura dteastaíonn víosa uait le dul isteach go hÉirinn, ní gá duit víosa mic léinn a bheith agat le staidéar a dhéanamh in Éirinn ach ba chóir go mbeadh litir agat ag tairiscint áit sa scoil, nó san institiúid oideachais agus do cháipéisí eile réidh le haghaidh iniúchta ag inimirce.

Ní mó do gach mac léinn nach náisiúnaithe de chuid an LEE iad clárú lena n-oifigeach áitiúil um inimirce chun cead a fháil fanacht in Éirinn Tá sonraí ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIE) faoin bhfianaise atá ag teastáil. Is féidir nach bhfaighidh mic léinn nach de chuid an LEE iad agus atá ag teacht go hÉirinn den chéad uair cead fanachta in Éirinn má bhíonn a gcuid páistí leo, nó má bhíonn sé beartaithe a gcuid páistí a thabhairt anonn níos moille. Tá tuilleadh sonraí ar fáil maidir le páistí mac léinn nach de chuid an LEE iad ar láithreán gréasáin INIS (pdf).

Mic Léinn LEE

Níl víosa mic léinn ag teastáil ó mhic léinn ón AE/LEE agus ón Eilvéis ná níl cead ag teastáil uathu chun fanacht in Éirinn.

Scéim do Chéimithe Tríú Leibhéal

D'fhéadfaí cead a thabhairt fanacht in Éirinn ar feadh 12 mhí, do mhic léinn neamh-LEE a bhain céim leibhéal 8 amach. Má tá céim leibhéal 9 nó níos airde acu, d'fhéadfaí cead a thabhairt dóibh fanacht ar feadh 24 mhí. Ligeann an Scéim do Chéimithe Tríú Leibhéal dóibh fostaíocht a fháil agus cur isteach ar chead fostaíochta ginearálta nó ar chead fostaíochta scileanna criticiúla. Ní mór dóibh a bheith lonnaithe go dlíthiúil in Éirinn. Faoin scéim, ba chóir dóibh cur isteach chuig a n-oifig áitiúil um inimirce agus, má thugtar cead fanachta dóibh, gheobhaidh siad stampa 1G.

Táillí scoile

Socraíonn gach institiúid bhreisoideachais a gcuid rátaí féin táillí. Go ginearálta, gearrann siad ranníocaíocht mac léinn ar leith freisin. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na cinn a bhfuil suim agat iontu chun tuilleadh eolais a fháil faoina dtáillí. Is féidir teacht ar liosta na n-institiúidí breisoideachais ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Táillí saor in aisce Más náisiúnach de chuid an LEE nó Eilvéiseach thú agus tú lonnaithe go hiondúil i mballstát an LEE nó san Eilvéis le haghaidh 3 de na 5 bliana sular thosaigh tú ar an oideachas tríú leibhéal, ní ghearrfar táillí ort le haghaidh cúrsaí lánaimseartha fochéime in ollscoileanna atá eagraithe ag an stát ná in institiúidí teicneolaíochta. Is féidir go mbeidh daoine eile, mar shampla, má tá stádas oifigiúil dídeanaithe acu, i dteideal táillí saor in aisce freisin. Is féidir go mbeidh tú i dteideal deontas cothaithe. Ní thugtar maoiniú nuair a bhíonn fochéim ag mic léinn cheana féin nó nuair a athdhéanann siad bliain.

Táillí an AE Más saoránach de chuid an LEE nó Eilvéiseach thú mura bhfuil i dteideal táillí saor in aisce nó má tá cónaí ort i stát an AE le haghaidh roinnt bliana is féidir go mbeidh tú i dteideal táillí rátaí an AE a íoc.

Táillí neamh-AE: Má tá tú ag déanamh iarratais ar chúrsa tríú leibhéil mar mhac léinn eachtrach agus mura mbíonn tú i dteideal táillí saor in aisce nó táillí rátaí an AE, gearrfar táillí iomlán ort agus ní bheidh tú i dteideal deontais ar son do chothaithe.

Má roghnaíonn tú clárú le coláiste príobháideach beidh táille bhliantúil le híoc agat. Braitheann na táillí ar an gcoláiste atá i gceist.

Tá tuilleadh eolais sonraithe inár ndoiciméad maidir le táillí agus muirir do mhic léinn tríú leibhéal.

Faoiseamh cánach: D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal faoiseamh cánach ag an ngnáthráta ar fáil ar son táillí íoctha le coláistí triúleibhéil.

Conas iarratas a dhéanamh

Cuir iarratas chuig an LárOifig Iontrála ar fhoirm iarratais an LOI. Bí cinnte an táille iarratais chuí a chur leis an iarratas.

Is féidir iarratas a dhéanamh chuig na hinstitiúidí ardoideachais ar an suíomh idirlín atá ag an LOI.

Dátaí deireanacha le glacadh le hiarratais ón AE

Ní mór an t-iarratas a dhéanamh ar a dheireanas ar an 1 Feabhra más den AE thú.

Má theipeann ort an t-iarratas a dhéanamh roimh an dáta sin is féidir iarratas deireanach a dhéanamh suas go dtí an 1 Bealtaine. Beidh táille bhreise ar iarratas deireanach le n-íoc.

Dátaí deireanacha le glacadh le hiarratais ó thaobh amuigh den AE/LEE

Má tá tú anois, nó má bhí tú roimhe seo, i do chónaí taobh amuigh den LEE, is féidir go mbeidh ort iarratas díreach a dhéanamh chuig an institiúid ardoideachais (IA). Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le hoifig iontrálacha na n-institiúidí ardoideachais chun fiosrú a dhéanamh cé acu ar chóir duit iarratas a chur isteach tríd an CAO nó go díreach chuig an IA.

Ba chóir duit do chuid fiosrúchán a dhéanamh roimh an spriocdháta an 1 Feabhra agus b’fhearr é seo a dhéanamh ar dháta nach moille ná an 15 Nollaig roimhe. Má tá tú ag cur isteach ar Institiúid Ardoideachais eile ba chóir duit iarratas a dhéanamh tríd an CAO.

Tuilleadh eolais

An Lár-Oifig Iontrála

Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9:30-17:00
Teil: (091) 509 800
Facs: (091) 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Iúil 2023