Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Staidéar in Éirinn > Rialacha inimirce do mhic léinn lánaimseartha neamh-LEE

Print Page Send to a Friend

Rialacha inimirce do mhic léinn lánaimseartha neamh-LEE

Réamhrá

Ó 1 Eanáir 2011 tá rialacha nua do gach mac léinn lánaimseartha neamh-LEE atá ag teacht chun staidéar a dhéanamh in Éirinn. Níl cead ag mic léinn neamh-LEE teacht go hÉirinn chun cúrsa páirtaimseartha nó cianfhoghlama a dhéanamh. Tá socruithe ar leith do náisiúnaithe neamh-LEE atá ag staidéar cheana féin in Éirinn a rachaidh na hathruithe seo i bhfeidhm orthu – féach ‘Mic léinn atá cláraithe roimh 1 Eanáir 2011' thíos. Tá faisnéis mhionsonraithe agus fógraí is déanaí do mhic léinn neamh-LEE ar fáil ar an láithreán gréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).

Caithfidh mic léinn atá ag taisteal ó thír a dteastaíonn víosa uathu chun teacht isteach go hÉirinn cur isteach ar víosa mac léinn. Caithfidh gach mac léinn neamh-LEE, ina n-áirítear iad siúd nach dteastaíonn víosa uathu, clárú leis an oifigeach inimrce áitiúil chun cead a fháil fanacht in Éirinn.

Rialacha nua ó 1 Eanáir 2011

Ó 1 Eanáir 2011, caithfidh gach mac léinn neamh-LEE atá ag teacht chun staidéar a dhéanamh in Éirinn a bheith rollaithe ar chúrsa lánaimseartha i gceann den 2 chatagóir a leanas:

Clár céime

Baineann an Clár Céime le mic léinn neamh-LEE rollaithe le céim a dhéanamh ag Leibhéal 7 nó níos airde ar Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NFQ). Is é an t-uasmhéid ama ar féidir leo staidéar a dhéanamh ag an leibhéal seo ná 7 mbliana. Tá eisceachtaí don teorainn seo do mhic léinn a bhfuil dochtúireacht ar siúl acu nó cúrsa ar nós leigheas agus do mhic léinn a bhfuil cúinsí speisialta acu, ar nós tinneas.

Caithfidh mic léinn a bhfuil cúrsa ar Leibhéal 7 nó níos airde ar siúl acu caighdeán áirithe Béarla a bheith acu. Caithfidh siad a chruthú chomh maith go bhfuil siad ag dul chun cinn sa chúrsa, mar shampla, ag pasáil scrúduithe. Ní féidir le mic léinn athrú ón gClár Céime chuig an gClár Teanga agus Neamh-Chéim. Tá sonraí an chláir, cosúil leis an ngá le hárachas leighis (pdf) agus riachtanais eile inimirce liostaithe i dTreoirlínte do Mhic léinn Clár Céime (pdf) atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).

Scéim Chéimithe Tríú Leibhéal:

Nuair a chéimníonn mic léinn, is féidir leo síneadh a fháil ar a gcead fanachta in Éirinn faoin Scéim Chéimithe Tríú Leibhéal. Faoin scéim seo, is féidir le céimithe le cáilíocht Leibhéal 7 síneadh 6 mhí a fháil ar a gcead cónaithe. Is féidir le céimithe le cáilíochtaí ag leibhéil 8-10 síneadh 12 mí a fháil ar a gceadú.

Clár Teanga agus Neamh-Chéim

Baineann an Clár seo le mic léinn atá rollaithe ar cheann díobh seo a leanas:

  • Cúrsa Béarla a bhfuil uasmhéid marthanachta bliana aige. Is féidir le mic léinn rollú ar chúrsaí teanga ar leith suas chuig uasmhéid 3 bliana.
  • Cúrsa breisoideachais neamh-chéime atá ar a laghad ag leibhéal 5 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Caithfidh na cúrsaí teanga agus breisoideachais a bheith san áireamh ar an gClár Idirnáisiúnú á riaradh ag Creat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Is é an t-uasmhéid ama a bhféadfaidh mac léinn ar chúrsa Clár Teanga agus Neamh-Chéim fanacht in Éirinn ná 3 bliana. Tá sonraí an chláir seo, ar nós an riachtanas árachas leighis agus riachtanais inimrce eile liostaithe sa Treoirlínte do Mhic Léinn Clár Teanga agus Neamh-chéim (pdf), atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.

Mic léinn atá cláraithe roimh 1 Eanáir 2011

Tá na socruithe do mhic léinn neamh-LEE atá cláraithe in Éirinn roimh 1 Eanáir 2011 (pdf) mar a leanas:

Clár céime

  • Iad siúd a bhfuil níos lú ná 7 mbliana caite acu ag staidéar in Éirinn, d’fhéadfaí go mbeidh cead acu athchlárú mar mhac léinn gach bliain suas go dtí 7 mbliana
  • Iad siúd a bhfuil 7 mbliana caite acu ag staidéar in Éirinn agus a bhfuil siad a cur tús leis an dara nó an bhliain iartheachtach de leibhéal 7 nó níos airde, d’fhéadfaí go mbeidh cead acu a gcúrsa a chomhlánú. D’fhéadfaí ansin go mbeidh cead acu rollú ar chúrsa leibhéal 9 nó 10.

Clár Teanga agus Neamh-Chéim

  • D’fhéadfaí go mbeadh cead acu siúd a bhfuil níos lú ná 3 bliana caite acu ag staidéar in Éirinn leanúint ar aghaidh le cúrsa teanga nó neamh-chéim suas go dtí uasmhéid 3 bliana. Is féidir leo clárú do chúrsa teanga nó neamh-chéim eile ag leibhéal 5 nó 6, ar choinníol nach sáraíonn siad an t-uasmhéid 3 bliana.
  • Beidh cead acu siúd atá ag staidéar in Éirinn níos faide ná 3 bliana a gclárúchán a athnuachan má tá siad ag cur tús leis an dara bliain de chúrsa leibhéal 5 nó 6. Nuair a bheidh 3 bliana comhlánaithe acu, ní bheidh cead acu tús a chur le cúrsa nua ag leibhéal 5 nó 6.

Mic léinn a bhfuil a dtrath caite

Síneadh sealadach 6 mhí: D’fhéadfadh go raibh cead ag náisiúnach neamh-LEE, a bhí cláraithe mar mhac léinn Chlár Céime ar feadh 7 mbliana, nó ar an gClár Teanga agus Neamh-Chéim ar feadh 3 bliana, agus a bhí a gcead fanachta chun dul as feidhm idir 1 Eanáir agus 30 Meán Fómhair 2011, síneadh sealadach 6 mhí den chead seo a fháil, mura raibh sé incháilithe d’athnuachan mar mhac léinn. D’fhéadfadh an síneadh seo a cheadú má bhí cruthúnas aige de thinreamh de 80% ag ranganna.

Síneadh deiridh agus speisialta: D’fhéadfaí go mbeadh náisiúnaigh neamh-LEE, atá a gcead fanachta chun dul as feidhm i ndiaidh 1 Meán Fómhair 2011, i dteideal síneadh 3-mhí den chead seo a fháil má shásaíonn siad na critéir cáilithe. D’fhéadfaí go gcáileoidh náisiúnaigh neamh-LEE áirithe a rinne a gcéad clárú mar mhic léinn in Éirinn idir 1 Eanáir 2004 agus 31 Nollaig 2005 chun síneadh deiridh 3-mhí a fháil. Chomh maith le sin, d’fhéadfaí go gcáileoidh mic léinn neamh-LEE áirithe a rinne a gcéad clárú roimh 1 Eanáir 2004 chun síneadh speisialta 3-mhí a fháil.

I rith an tsínidh a gcead cónaithe, tá cead acu oibriú go lánaimseartha agus tá cead acu cur isteach ar chead fostaíochta, má tá tairiscint fhostaíochta fhadtéarmach acu. Ag deireadh an tsínidh ceada, caithfidh an mac léinn neamh-LEE Éire a fhágáil mura bhfuil cead de chineál eile faighte acu chun fanacht in Éirinn.

Coinníollacha eile

Ag athrú cúrsa

Ní féidir le mic léinn cúrsa a athrú i rith na céad bliana den staidéar. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí go mbeadh cead acu athrú chuig cúrsa eile, ar an tuisicint go bhfuil an leibhéal mar an gcéanna nó níos airde. Ní féidir leo athrú ó chúrsa lánaimseartha go cúrsa páirtaimseartha.

Obair

Tá cead ag mic léinn neamh-LEE le ceadúnas fanachta Stampa 2 breacfhostaíocht a thógáil. Féadfaidh siad oibriú suas go dtí 20 uair sa tseachtain i rith am téarma agus suas go dtí 40 uair in aghaidh na seachtaine sa tsaoire. Níl cead ag mic léinn a bhfuil ceadúnas Stampa 2A acu oibriú. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an lamháltas oibre mac léinn i 2011 agus d’fhéadfaí go n-athrófaí é sa todhchaí.

Leas sóisialach

Níl mic léinn neamh-LEE i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn. Is é coinníoll a gcead cónaithe go bhfuil dóthain airgid acu chun iad féin a thacú agus bheith ina gcónaí in Éirinn gan iarratas ar shochair Stáit a dhéanamh.

Athaontú teaghlach

Mar riail ghinearálta, níl aon chead ag mic léinn neamh-LEE atá ag teacht go hÉirinn a dteaghlach a thabhairt leo. Is féidir le céilí, páirtithe agus leanaí de náisiúnaithe neamh-LEE cur isteach ar iontráil agus cónaí in Éirinn ina gceart féin, ach ní féidir leo cur isteach air ar bhunús a gcaidrimh le mac léinn neamh-LEE. Tá roinnt eisceachtaí ar an riail seo, mar shampla, do mhic léinn dochtúireachta nó do mhic léinn ar féidir leo a chruthú go bhfuil a ndóthain maoine acu tacú lena dteaghlach.

Maille leis sin tá socruithe idirthréimhseacha do leanaí mhic léinn neamh-LEE atá in Éirinn faoi láthair (pdf).

Cúrsaí teanga agus seimeastair ghearrfhanachta

Chomh maith leis an dá chlár thuas tá socruithe speisialta do mhic léinn neamh-LEE atá ag teacht go hÉirinn chun cúrsa gearr Béarla a dhéanamh (pdf). Caithfidh go mbeidh an cúrsa seo níos giorra ná 90 lá. Tá riachtanais speisialta inimirce do mhic léinn neamh-LEE ag teacht chun staidéar ar feadh seimisteair (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.