Más tuismitheoir, mac léinn nó aosach thú a theastaíonn filleadh ar an oideachas, baineann tú tairbhe mhór as eolas faoin córas oideachais in Éirinn. Is cuma cén réimse den oideachas a theastaíonn uait féin nó do pháiste freastal air tá sé tábhachtach an oireadh agus is féidir a fháil amach faoi na roghanna atá ar fáil duit. Tá leabhrán Tuarisc Ghearr Oideachais in Éirinn (pdf) ar fáil ar an suíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá faisnéis eile faoin oideachas in Éirinn ar fáil freisin i Polainnis, Rúisise, Spáinnis, Gearmáinis, Lativis agus Liotuáinis.
Le blianta beaga anuas rinneadh go leor athruithe agus tháinig an-fheabhas ar chóras oideachais na hÉireann, a chuireann oideachas ar fáil do níos mó daoine agus a chruthaigh solúbhacht san oideachas ag chuile leibhéal.
Tá na patrúin fostaíochta ag athrú agus tá níos mó tuismitheoirí ag fáil cúram agus oideachas do leanaí réamhscoile. Ag an gcéad agus dara leibhéal tá i bhfad níos mo scoileanna illaicme agus comhoideachais ann anois ná mar a bhíodh. Is féidir rogha a dhéanamh freastal ar Ghaelscoileanna a dhéanann na hábhair ar fad a theagasc tré mheán na Gaeilge nó ar scoileanna a bhíonn ag teagasc teangacha nua-aimseartha na hEorpa do pháistí an-óg.
Tá an-fheabhas tagtha ar na roghanna atá ar fáil ag an tríú leibhéal agus tá bealaí eagsúla eile le ard-chailíochtaí a bhaint amach muna bhfeileann an bealach traidisiúnta acadúil.
Tá feabhas tagtha freisin ar na deiseanna atá ar fáil do dhaoine fásta gur mian leo dul ar ais chuig cúrsaí oideachais nó leanúint ar aghaidh oideachas lán nó páirt-aimseartha.
Tá oideachas maoinithe ag an Stáit ar fáil ag gach leibhéal agus mar sin ní bheidh aon táillí le n-íoc ach amháin sa chás go roghnaíonn tú go mbeadh do pháiste ag freastal ar scoil nó coláiste príobháideach. Is eagraíocht príobháideach agus táille é an náionra ach i gcásanna áirithe tá tacaíocht Stáit ar fáil. Mura gcáileodh tú le haghaidh "táillí saor in aisce" caithfidh tú táillí triú leibhéil íoc.
Féach cáipéisi eile faoi oideachas:
Do pháiste a aistriú chuig bunscoil in Éirinn
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.