Cineálacha an cheada cónaithe do náisiúnaigh neamh-LEE

Réamhrá

Mura saoránach thú den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE) nó den Eilvéis, tá cineálacha ar leith de chearta cónaithe nó de chead chun fanacht ann a ligeann duit cónaí n Éirinn. Deonaíonn an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun fanacht agus stampa speisialta atá ann a fhormhuinítear ar do phas. Is gnách go dtugtar stampa cónaithe air seo. Cumhdaítear thíos go mionsonraithe na cineálacha éagsúla de stampa agus na cialla atá leo.

Féadfaidh tú níos mó a léamh faoi na rialacha ginearálta maidir le cónaí inár gcáipéis ar chearta cónaithe do náisiúnaigh neamh-LEE. Foilsíonn Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) faisnéis fhairsing, chomh maith, ar a láithreán gréasáin, inis.gov.ie.

Cineálacha ginearálta

Sealbhóirí cead fostaíochta

Má tá cead fostaíochta agat, tá cead agat chun fanacht in Éirinn dá fhad agus a bhíonn do chead fostaíochta bailí. Gheobhaidh tú stampa uimhir1 ar do phas. Tugann an stampa seo cead duit fanacht ar an gcoinníoll nach n-iontrálann tú aon fhostaíocht mura bhfuair tú féin nó d’fhostóir cead fostaíochta.

Sealbhóirí cead gnó

Teastóidh cead gnó uait más mian leat gnó a bhunú nó tabhairt faoi ghnó in Éirinn. Deonaítear cead gnó ar feadh bliain amháin i dtosach. Má tá cead gnó agat, gheobhaidh tú stampa uimhir 1 ar do phas, chomh maith. Tugann an stampa seo an cead duit fanacht in Éirinn dá fhad a bhíonn do chead gnó bailí. Ó 16 Márta 2016, cuirtear an scéim cead gnó ar fionraí.

Infheisteoirí agus fiontraithe

Soláthraíonn an Clár Infheisteoirí Inimirceacha roghanna infheistíochta ó €500,000 go dtí €1 milliún a cheadaíonn d’infheisteoirí faofa neamh-LEE agus a neasteaghlach chun Éire a iontráil ar víosaí iliontrála agus fanacht anseo ar feadh a fhad le cúig bliana.

Ceadaíonn an Clár Fiontraithe Gnólachtaí Nuathionscanta rannpháirtithe neamh-LEE a bhfuil togra nuálach gnó agus cistiú nó tacaíocht airgeadais €50,000 ar a laghad acu teacht go hÉirinn agus gnólacht a bhunú ann. Ní bhaineann an scéim seo le miondíol, lónadóireacht, seirbhísí pearsanta nó gnólachtaí dá macasamhail – féach ‘Sealbhóirí cead gnó’ thuas.

Deonófar cead cónaithe d’iarratasóirí rathúla ar an dá chlár ar feadh dhá bhliain i dtosach. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis, Teacht go hÉirinn le hinfheistiú nó gnó a chur ar bun.

Mic Léinn

Más náisiúnach neamh-LEE thú atá ag teacht chun staidéar a dhéanamh in Éirinn, ní mór duit a bheith cláraithe i gcúrsa lánaimseartha faoin Liosta Eatramhaigh de Chláir Incháilithe (ILEP). Má tá tú ag freastal ar chúrsa ar an ILEP faoi cheann de na cláir thuas, formhuineofar stampa uimhir 2 ar do phas. Ceadófar duit glacadh le fostaíocht ócáideach a mhéid le hobair pháirtaimseartha 20 uair an chloig sa tseachtain i rith thréimhse an téarma nó a mhéid le 40 uair an chloig sa tseachtain i rith thréimhsí saoire (Meitheam go Meán Fómhair agus 15 Nollaig go 15 Eanáir). Mura bhfuil tú ag freastal ar chúrsa ar an ILEP, ní bheidh tú i dteideal glacadh le hobair pháirtaimseartha nó tabhairt faoi aon ghnó nó gairm. Gheobhaidh tú stampa uimhir 2A ar do phas.

Scéim Céimithe Tríú Leibhéal: B’fhéidir go mbeidh cead ag mic léinn neamh-LEE a bhain céim amach idir leibhéal 7 agus 10 ó institiúid Éireannach tríú leibhéal agus a bhfuil Deimhniú Cláraithe reatha iarratas a dhéanamh ar an Scéim Céimithe Tríú Leibhéal (pdf). Soláthraíonn an scéim seo síneadh ar a gcead stampa 2 ar feadh 6 nó 12 mhí chun ligean dóibh fostaíocht a lorg agus Cead Fostaíochta Scileanna CriticiúlaCead Fostaíochta Ginearálta a fháil. Má fhaigheann siad cead fanacht, gheobhaidh siad stampa 1G ó 1 Feabhra 2016.

Céile nó páirtnéir sibhialta náisiúnaigh Éireannaigh

Más náisiúnach neamh-LEE thú atá pósta le, nó i bpáirtnéireacht aitheanta shibhialta le náisiúnach Éireannach, ní thugtar an ceart duit go huathoibríoch chun cónaí in Éirinn. Ag brath ar do stádas reatha inimirce, déanann tú iarratas ar chead chun cónaí in Éirinn tríd an méid a leanas a dhéanamh:

  • tá cead agat faoi láthair chun cónaí in Éirinn, ba cheart duit agus do chéile nó do pháirtnéir sibhialta Éireannach dul chun clárú le d’oifig áitiúil inimirce mar chéile nó mar pháirtnéir sibhialta náisiúnaigh Éireannaigh.

  • Mura bhfuil cead agat chun cónaí in Éirinn, ní mór duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn le Rannóg um Pósadh le Náisiúnach Éireannach de chuid Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos.

Féadfaidh tú teacht ar shonraí ar na nósanna imeachta iarratais do chéilí agus do pháirtnéirí sibhialta náisiúnach Éireannach ar inis.gov.ie. A luaithe a bhíonn cead agat chun cónaí in Éirinn ar bhonn pósta nó páirtnéireacht shibhialta le náisiúnach Éireannach, féadfaidh tú stampa 4 a fháil ar do phas agus ní gá duit cead fostaíochta nó cead gnó a fháil.

Cearta Chonradh an AE

Má duine muinteartha neamh-LEE thú de chuid saoránach LEE nó Eilvéiseach, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2015, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann chun cead a fháil chun fanacht faoi Chearta Chonradh an AE.

Nuair a chláraíonn tú le le d’oifig áitiúil clárúcháin, cárta cónaithe a bheidh sa Deimhniú Clárúcháin a gheobhaidh tú ar a bhfuil na focail 4 EU FAM (is é sin, cárta cónaithe duine mhuinteartha shaoránach an AE). Nuair a bhíonn tú i seilbh an chárta seo, 4 EU FAM, beidh tú díolmhaithe ó víosa a fháil fiú más náisiúnach thú óna dteastaíonn víosa agus ní gá duit cead fostaíochta ná cead gnó a fháil.

Caidreamh de facto

Ní mór go bhfuil cead ag náisiúnaigh neamh-LEE atá i gcaidreamh de facto chun fanacht sa Stát. Féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar chead inimirce páirtnéireachta de facto (DFPIP) mar seo a leanas:

  • Ní mór do náisiúnach neamh-LEE, ar náisiúnach Éireannach a bpáirtnéir, cruthúnas a sholáthar i leith caidreamh buan a mhair dhá bhliain, ar a laghad. Má dheonaítear cead don náisiúnach neamh-LEE chun fanacht, ní cheanglaítear orthu cead fostaíochta a bheith acu.
  • Más náisiúnach neamh-LEE thú, ar náisiúnach den AE do pháirtnéir, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chárta cónaithe faoi Chearta Chonradh an AE má tá cruthúnas agat i leith caidreamh buan a mhair dhá bhliain, ar a laghad. Má dheonaítear cead duit chun fanacht, ní cheanglaítear ort cead fostaíochta a bheith agat.
  • Ní mór do náisiúnach neamh-LEE, ar náisiúnach neamh-LEE a bpáirtnéir chomh maith, cruthúnas a sholáthar i leith caidreamh buan a mhair dhá bhliain, ar a laghad agus ní mór dóibh cead fostaíochta a bheith acu chun oibriú. Ní mór go bhfuil cead cónaithe stampa 1, 45 ag páirtnéir an náisiúnaigh neamh-LEE (an t-urraitheoir). Níl náisiúnaigh neamh-LEE a bhfuil cead stampa 23 acu i dteideal bheith ina n-urraitheoirí.

Féadfaidh tú teacht ar na treoirlínte d’iarratasóirí, sonraí ar an bhfianaise atá le seoladh ar aghaidh agus ar liosta de cheisteanna coitianta ar inis.gov.ie.

Cuairteoirí agus daoine eile nach bhfuil cead oibre acu

Má tá tú ag teacht go hÉirinn mar chuairteoir, turasóir, céile, páirtnéir sibhialta nó cleithiúnaí de chuid sealbhóir cead fostaíochta nó chun cóireáil leighis a fháil, gheobhaidh tú stampa uimhir 3 ar do phas.

Má tá stampa 3 agat, ní bheidh tú i dteideal oibriú nó tabhairt faoi aon ghnólacht nó ghairm fad a bhíonn tú in Éirinn. Braithfidh an fad ama dá mbeidh an stampa seo bailí ar do chúinsí. Tá treoirlínte ar na socruithe inimirce do mhinistrí reiligiúin agus oibrithe deonacha tuata ar fáil ar inis.gov.ie. Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil le Unit2ResidenceDivision@justice.ie.

A luaithe a bhíonn cónaí dlíthiúil orthu sa Stát, féadfaidh céilí, páirtnéirí aitheanta, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe sealbhóirí Ceadanna Fostaíochta Scileanna Criticiúla, iar-cheadanna an Chárta Ghlais agus taighdeoirí iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Cleithiúnaí/Páirtnéara/Céile.

Cásanna speisialta

Dochtúirí

Ní mór go mbeidh cead fostaíochta ag gach dochtúir neamh-LEE a chláraíonn lena n-oifig áitiúil inimirce an 1 Márta 2014 nó ina dhiaidh sin, cibé acu den chéad uair nó má tá a gcead inimirce á athnuachan acu. Mairfidh a gcead inimirce stampa 1 6 mhí nó 12 mhí faoi réir fhad a gconartha fostaíochta. Sa chás go bhfuil stampa 4 ag dochtúirí cheana féin, féadtar seo a athnuachan ar feadh dhá bhliain. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na socruithe inimirce do dhochtúirí neamh-LEE, lena n-áirítear dochtúirí ionaid, ar inis.gov.ie.

Stampa 0

Deonaítear stampa 0 cead inimirce do dhaoine atá ag teacht go hÉirinn ar fhanacht theoranta agus shonrach. Ní mór go bhfuil siad féinchothaitheach agus ní féidir leo sochair Stáit a fháil má bhíonn cead stampa 0 acu. Áirítear leo:

  • Acadóirí ar cuairt: Féadfaidh siad oibriú anseo ar feadh níos lú ná 9 mí agus ní mór iad a íoc ó áit lasmuigh den Stát
  • Gaolta cleithiúnacha eile: Leagtar amach na critéir airgeadais chun gaol cleithiúnach níos sine a urrú i gCaibidil 18 den cháipéis bheartais um athaontú teaghlaigh (pdf)
  • Daoine ar mhaoin neamhspleách: Ní mór go bhfuil ioncam bliantúil ar a laghad €50,000 acu, anuas ar rochtain ar chnapshuim chun íoc as aon chostais mhóra nach raibh coinne leo.

breis faisnéise ar fáil faoi chead stampa 0 ar inis.gov.ie.

Tuismitheoirí de leanaí ar saoránaigh Éireannacha iad

Faoin Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn (IBC/05) tugadh cead fanachta tosaigh de 2 bhliain, do roinnt tuismitheoirí neamh-LEE le leanaí a rugadh sa Stát roimh an 1 Eanáir 2005. I 2007, 2010 agus 2013 síníodh an cead fanachta le haghaidh mórán díobh faoi réir coinníollacha áirithe.

Ar 8 Márta 2011 rialaigh an Chúirt Cheartais Eorpach (CCE) ar an gcás Zambrano C 34/09, nach féidir le haon bhallstát Eorpach diúltú do thuismitheoirí neamh-AE de leanbh cleithiúnach ar shaoránach é, agus a bhfuil cónaí air, i mballstát Eorpach ceart cónaithe agus oibre sa bhallstát sin. Má chomhlíonann siad critéir Zambrano, d’fhéadfaí go dtabharfaí cead do na tuismitheoirí neamh-LEE cónaí agus oibriú in Éirinn gan cheanglais cead fostaíochta nó cead gnó.

Ó Deireadh Fómhair 2015, tá nós imeachta iarratais nua do thuismitheoirí neamh-LEE a dhéanann iarratais ar chead fanachta bunaithe ar thuismíocht linbh ar shaoránaigh Éireannacha é/í.

Íospartaigh foréigean teaghlaigh

D’fhéadfadh go bhfuil stádas inimirce ag roinnt náisiúnaigh iasachta faoi láthair atá mar íospartaigh d’fhoréigean teaghlaigh a bhraitheann ar an duine a thugann faoin bhforéigean teaghlaigh. Sna cásanna seo, féadfaidh an náisiúnach iasachta iarratas a dhéanamh ar stádas neamhspleách inimirce mar íospartach d’fhoréigean teaghlaigh. Féadfaidh tú na treoirlínte inimirce d’íospartaigh foréigean teaghlaigh a léamh (pdf).

Íospartaigh de gháinneáil ar dhaoine

Féadtar cead a dheonú do náisiúnach neamh-LEE a sainaithníodh mar íospartach de gháinneáil ar dhaoine chun fanacht in Éirinn ar feadh a fhad le 60 lá. I gcásanna áirithe, féadtar tréimhsí breise de chónaitheacht shealadach in Éirinn a dheonú don náisiúnach neamh-LEE sin.

Ní mór gur sainaithníodh an duine mar íospartach amhrasta ag ceannfort nó ag Garda a bhfuil céim níos airde bainte amach aige/aici i mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI). Tá na sonraí go léir ar fáil ar Shocruithe Riaracháin Inimirce chun Íospartaigh de Gháinneáil ar Dhaoine a Chosaint (pdf).

Page edited: 23 November 2016