Cearta cónaitheachta shaoránaigh na RA

Réamhrá

Tá saoránaigh na Ríochta Aontaithe (an RA) i dteideal cónaí in Éirinn gan aon choinníollacha nó srianta. Murab ionann agus saoránaigh thíortha eile, níl siad faoi réir Acht na nEachtrannach, 1935 nó aon orduithe a dhéantar faoi. Ciallaíonn seo nach dteastaíonn víosa, aon fhoirm de chead cónaitheachta nó cead fostaíochta ó shaoránach na RA in Éirinn. Tá siad i dteideal bogadh go hÉirinn ó thír ar bith agus féadfaidh siad bogadh go hÉirinn chun oibriú nó chun dul ar scor. Murab ionann agus saoránaigh eile an AE, féadfaidh saoránaigh na RA dul ar scor in Éirinn gan bheith orthu a dheimhniú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu nó go bhfuil árachas sláinte príobháideach acu.

Go ginearálta, fad atá tú i do chónaí in Éirinn, tá saoránaigh na RA i dteideal seirbhísí poiblí a fháil ar an mbonn céanna le saoránaigh Éireannacha a chónaíonn in Éirinn. Tá siad i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin na hÉireann, seachas i gcás toghcháin Uachtaránachta agus reifreann.

Bronnann dlí na hÉireann an ceart ar shaoránaigh na RA chun cónaí in Éirinn. Anuas air sin, tá cearta ag saoránaigh na RA faoi reachtaíocht um shaoirse gluaiseachta an AE. Ní chuireann na rialacha seo le cearta shaoránaigh na RA, iad féin (mar gheall go bhfuil a gcearta níos fairsinge ná cearta saoránach eile) ach d’fhéadfaidís bheith bainteach le daoine muinteartha shaoránaigh na RA a chónaíonn in Éirinn. B’fhéidir go mbeidh daoine muinteartha shaoránaigh na RA nach saoránaigh an AE iad féin, in ann bogadh go hÉirinn, chomh maith, chun cónaí leo.

Ní theastaíonn pas ó shaoránaigh na RA nuair a thaistealaíonn siad go hÉirinn ó áiteanna laistigh den Chomhlimistéar Taistil. Is féidir iarraidh orthu, áfach, chun aitheantas grianghraif agus cruthúnas a sholáthar gur saoránach na RA iad. Teastaíonn pas uathu má bhíonn siad ag taisteal ó áit lasmuigh den Chomhlimistéar Taistil.

D’fhoilsigh rialtas na RA treoir ghearr do shaoránaigh na RA atá ag cónaí in Éirinn agus ag taisteal go hÉirinn.

Rialacha

Cónaí in Éirinn

Tá saoránaigh na RA i dteideal cónaí in Éirinn. Go ginearálta, bíonn daoine nach saoránaigh Éireannacha iad faoi réir Acht na nEachtrannach, 1935, arna leasú. Níl saoránaigh na RA. Fad a bhíonn siad ina gcónaí in Éirinn, bíonn siad faoi réir an dlí choiriúil agus shibhialta ar an mbealach céanna a bhíonn gach cónaitheoir eile. I measc rudaí eile, ciallaíonn seo gur féidir iad a ghabháil mar gheall ar choireanna a rinne siad i dtíortha eile agus féadtar iad a eiseachadadh.

Teidlíocht do sheirbhísí sláinte

Tá saoránaigh na RA a chónaíonn in Éirinn i dteideal seirbhísí sláinte a fháil ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha a chónaíonn anseo. Ciallaíonn seo gur féidir leo seirbhísí sláinte poiblí a fháil má tá “gnáthchónaí orthu” anseo.

D’fhéadfadh saoránaigh na RA a chónaíonn in Éirinn arb ó fhoinse san RA a n-ioncam agus nach bhfuil aon ioncam acu ó Éirinn bheith i dteideal cárta leighis a fháil gan aird ar a maoin.

Teidlíocht d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Tá saoránaigh na RA a chónaíonn in Éirinn i dtaobh íocaíochtaí leasa shóisialta ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha a chónaíonn in Éirinn.

Caitear le cónaitheacht sa Chomhlimistéar Taistil ar an mbealach céanna le cónaitheacht in Éirinn ar mhaithe le cuspóirí choinníoll an ghnáthchónaithe (HRC). Tá an ceart ag saoránaigh na RA ón gComhlimistéar Taistil chun cónaí in Éirinn. Mar sin féin, is gá dóibh riachtanais choinníoll an ghnáthchónaithe a chomhlíonadh, áfach, (ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha a chónaíonn in Éirinn) chun cáiliú do go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh a ndéantar tástáil mhaoine orthu.

B’fhéidir go mbeidh deacrachtaí ag saoránaigh na RA a bhog go hÉirinn le déanaí a dheimhniú gurb in Éirinn atá a bpríomhphointe suime.

Vóta a chaitheamh

Tá saoránaigh na RA a chónaíonn in Éirinn i dteideal vóta a chaitheamh sna toghcháin náisiúnta, áitiúla agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa má chomhlíonann siad na riachtanais eile. Níl siad i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Uachtaránachta nó i reifreann.

Page edited: 13 July 2016