Mura bhfuil tú i do shaoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó den Eilvéis, tá foirmeacha éagsúla de chearta cónaithe (cead chun fanacht) a ligeann duit cónaí in Éirinn. (Cuimsíonn an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch na ballstáit den Aontas Eorpach an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.)
Is í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a thugann an cead chun fanacht in Éirinn agus is é atá i gceist le cead chun fanacht ná stampa speisialta formhuinithe ar do phas. Tugtar stampa cónaithe ar seo de ghnáth. Clúdaítear na cineálacha éagsúla stampaí agus an méid a gciallaíonn siad go mion sa rannóg Rialacha den cháipéis seo.
Má thugtar cead duit fanacht, formhuiníonn Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) nó oifig chláraithe áitiúil na nGardaí Deimhniú Clárúcháin ar do phas. Féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Ag brath ar na cúinsí, d'fhéadfadh go mbeadh baill de do theaghlach in ann teacht go hÉirinn in éineacht leat, nó teacht chugat nuair atá tú anseo.
Dearann an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint 2010 (pdf), a d'fhoilsigh i Meitheamh 2010, chun athsholáthar a dhéanamh ar an reachtaíocht ar inimirce atá ann faoi láthair. Chuirfidh a forálacha nósanna imeachta riaracháin mar iarratais ar víosa agus chónaí fadtéarmach (féach thíos) i reachtaíocht. Ar na hathruithe eile arna moladh tá próiseas comhtháite um iarratas ar chosaint a thiocfadh in áit na n-iarratas ar stádas dídeanaithe, fhochosaint agus chead chun fanacht.
Ar 8 Márta 2011 rialaigh an Chúirt Cheartais Eorpach (CCE) ar an gcás Zambrano C 34/09, nach féidir le haon bhallstát Eorpach diúltiú do thuismitheoirí neamh-AE de leanbh cleithiúnach ar shaoránach é, agus a bhfuil cónaí air, i mballstát Eorpach ceart cónaithe agus oibre sa bhallstát sin.
Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag déanamh athbhreithnithe ar chásanna tuismitheoirí neamh-LEE de leanaí Éirreannacha mionaoiseacha ar shaoránaigh Éireannacha iad a d’fhéadfadh critéir a luadh sa bhreithiúnas Zambrano a chomhlíonadh. Má chomhlíonann siad critéir Zambrano, d’fhéadfaí go dtabharfaí cead do na tuismitheoirí neamh-LEE cónaí agus oibriú in Éirinn gan ceanglais cead fostaíochta nó cead gnó. Tá liosta ceisteanna coitianta faoi bhreithiúnas Zambrano ar fáil i láithreáin ghréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.
Más náisiúnach neamh-LEE tú agus go bhfuil sé ar intinn agat teacht chun cónaí in Éirinn, tá roinnt cáipéisí tábhachtacha ar gá a bheith agat sula dtagann tú anseo. San áireamh ar na cáipéisí seo tá:
Déanfaidh oifigeach inimirce iniúchadh ar do cháipéisí nuair a chuirfidh tú tú féin i láthair ag an bpointe isteach go hÉireann. D'fhéadfaí iarraidh ort fianaise a thaispeáint go bhfuil go leor airgid agat chun tú féin agus aon chleithiúnaithe a chothú don tréimhse atá ar intinn agat fanacht. D'fhéadfadh go mbeadh ort ceisteanna eile a fhreagairt a bhaineann led' iarratas ar chead chun fanacht. Tá sé de dhualgas ortsa an t-oifigeach inimirce a shásamh go bhfuil cúis mhaith agat do bheith in Éirinn. Ciallaíonn sé sin gur gá duit iad a shásamh go bhfuil d'fhaisnéis aitheantais barántúil.
Soláthraíonn an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 alt 34 (pdf) gur mór do náisiúnaigh neamh-LEE atá ag teacht isteach sa Stát, pas nó doiciméad coibhéiseach a thabhairt nuair a iarrann oifigeach imirce orthu. (Roimhe seo, ní raibh sé sonraithe gur mór dóibh é a thabhairt.)
Éilítear ar náisiúnaigh neamh-LEE atá láithreach sa Stát doiciméad nó teastas chlárú a thabhairt don Aire, d’oifigeach imirce nó do Gharda, má iarrtar orthu, chun cruthú um chomhlíonadh ceada fanacht sa Stát. Ní bhaineann an riachtanas seo le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois ach baineann sé anois le náisiúnaigh neamh-LEE a rugadh in Éirinn.
Ní bhaineann Alt 34 le daoine a fheidhmíonn an ceart atá acu chun saorghluaiseachta. Áfach, má iarrann aon duine cead teacht isteach nó cónaí in Éirinn ar bhonn náisiúntacht AE/LEE nó cleithiúnaí náisiúnaigh AE/LEE, ní mór dóibh leorfhianaise aitheantais agus náisiúntachta a sholáthar chun an bonn seo a fhaigh amach.
Má tá gach rud in ord, cuirfidh an t-oifigeach inimirce an stampa cuí ar do phas. Má bheidh tú ag fanacht níos faide ná 3 mhí, beidh ort clárú le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce nó led' oifig inimirce áitiúil agus eiseoidh siad Deimhniú Clárúcháin BNGSI (ar a dtugtar cárta BNGSI chomh maith) duit. Tá sé ar cóimhéid le cárta creidmheasa agus taispeánfaidh sé an cineál stampa cónaithe atá agat.
Ag brath ar do náisiúntacht agus do stádas dlíthiúil in Éirinn, féadann an cárta seo feidhmiú mar chárta cónaithe chomh maith, nó mar cháipéis cónaithe - féach thíos. Ní cáipéis aitheantais í: níl ann ach deimhniú gur chláraigh tú leis an nGarda Síochána de réir mar is gá faoi dhlí inimirce na hÉireann.
De ghnáth, is féidir le do bhaill teaghlaigh teacht chun fanacht leat in Éirinn más féidir leat a thaispeáint go mbeidh tú in ann iad a chothú gan cúlárú ar chistí poiblí. I gcleachtadh, ciallaíonn sé seo go bhfuil go leor airgid agat chun iad a chothú gan cháiliú do Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT). Braitheann an íocaíocht ar d'ioncam agus ar an méid cleithiúnaithe atá agat.
Má tá cead fostaíochta agat, tá cead agat fanacht in Éirinn chomh fada is atá do chead fostaíochta bailí. Gheobhaidh tú stampa uimhir 1 ar do phas. Tugann an stampa seo cead duit fanacht ar an gcoinníoll nach nglacann tú fostaíocht gan chead fostaíochta a bheith faighte agat nó ag d'fhostóir.
Beidh cead gnó ag teastáil uait má theastaíonn uait gnó a bhunú nó dul i mbun gnó in Éirinn. Tugtar cead gnó le haghaidh 1 bhliain ar dtús. Má tá cead gnó, agat gheobhaidh tú stampa uimhir 1 ar do phas chomh maith. Tugann an stampa seo cead duit fanacht chomh fada is atá do chead gnó bailí.
Tá 2 thionscnamh nua d’infheisteoirí agus d’fhiontraithe neamh-LLE mar a leanas:
Bronnfar cead cónaitheachta ar iarratasóirí rathúla ar an dá chlár a mhairfidh 2 bhliain i dtús báire. Tá na cláir oscailte d’iarratais ó 16 Aibreán 2012 – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.
Ó 1 Eanair 2011 tá athruithe ar an gcóras inimirce do mhic léinn neamh-LEE. Más naisiúnach neamh-LEE tú ag teacht chun staidéir in Éirinn, caithfidh go bhfuil tú cláraithe i gcúrsa lánaimseartha faoin gClár Céime nó an Clár Teanga agus Neamhchéime. Tá sonraí ann do shocruithe trasdultacha do mhic léinn atá in Éirinn cheana a bhfuil na hathruithe seo ag dul i bhfeidhm orthu agus treoirlínte do mhic léinn a dteastaíonn víosa uathu ar shuíomh gréasáin INIS.
Má tú ag freastal ar chúrsa ar an gClár Idirnáisiúnaithe faoi cheann de na cláir thuas, beidh stampa uimhir a 2 formhuinithe ar do phas. Beidh cead agat breacfhostaíocht de suas go dtí 20 uair sa steachtain in am téarma agus 40 uair sa tseachtain i dtréimhsí normálta saoire choláiste. Beidh an stampa bailí go dtí go mbeidh do chúrsa staidéir críochnaithe agat agus colann do theidlíocht ar fhostaíocht a thógáil nuair é éagann do chead fanachta.
Mura bhfuil tú ag freastal ar a leithéid de chúrsa, ní bheidh tú i dteideal obair pháirtaimseartha nó dul i mbun aon ghnó nó aon ghairm. Gheobhaidh tú stampa uimhir 2A ar do phas. Tugann an stampa seo cead fanacht go dtí go bhfuil do chúrsa críochnaithe agat.
Scéim do Chéimithe Tríú Leibhéal D'fhéadfaí cead a thabhairt do mhic léinn neamh-LEE a bhain le céim leibhéil 7-10 ó institiúid tríú leibhéal Éireannach agus a bhfuil Deimhniú Clárúcháin BNGSI reatha acu, iarratas a chur isteach ar Scéim na gCéimithe Tríú Leibhéal (pdf). Tabharfar síneadh neamh-inathnuaite amháin ar a gcead mic léinn reatha (Stampa 2) do dhaoine le céim leibhéal 7, ar feadh tréimhse 6 mhí ag tosú ar an dáta ar a fhaigheann an duine a torthaí scrúdaithe. Tabharfar síneadh ar feadh 12 mhí do dhaoine le céim leibhéal 8, 9 nó 10. Is é cuspóir an cheada chun fanacht faoin Scéim seo ná fostaíocht a lorg agus Cárta Uaine nó cead oibre a fháil.
Más náisiúnach neamh-LEE tú agus tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta aitheanta le saoránach de chuid na hÉireann níl aon cheart uathoibríoch agat cónaí in Éirinn. Tá an bealach chun iarratas ar chead cónaithe in Éirinn ag brath ar do stádas inimirce mar a leanas:
Nó
Féadfaidh tú mionsonraí a fháil faoi na gnáthaimh iarratais do chéilí agus pháirtnéirí sibhialta saoránach d’Éirinn ar láithreán gréasáin na SÉEI. Ach cead maireachtáil in Éirinn a bheith faighte agat toisc tú a bheith pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta le saoránach d’Éirinn, féadfaidh tú stampa 4 a fháil ar do phas - féach 'Daoine a bhfuil cead acu oibriú in Éirinn - earnálacha incháilithe eile' anseo thíos.
Ní mór cead a thabhairt do na náisiúnaigh neamh-LEE atá i gcomhchaidrimh de facto fanacht sa Stát mar a leanas:
Gheofar tuilleadh eolais faoi chomhchaidrimh de facto ar láithreán gréasáin na SÉEI.
Féadfar cead a thabhairt do náisiúnach neamh-LEE a bhfuil amhras gurb íobartach sa gháinneáil i ndaoine é fanacht ar feadh tréimhse chomh hard le 60 lá. I gcásanna áirithe féadfar tréimhsí cónaithe sealadacha eile a cheadú dá leithéid de náisiúnach neamh-LEE in Éirinn - féach 'Tuilleadh eolais' thíos.
Má tá tú ag teacht go hÉirinn mar chuairteoir, thurasóir, chéile, pháirtnéir sibhialta nó chleithiúnaí dhuine a bhfuil cead fostaíochta acu, mar dhuine ar scor, nó chun cóireáil leighis a fháil, gheobhaidh tú stampa uimhir 3 ar do phas.
Má tá stampa 3 agat ní bheidh tú i dteideal oibriú ná dul i mbun gnó nó gairme ar bith fad is atá tú in Éirinn. Braithfidh an tréimhse dá mbeidh an stampa seo bailí ar do chúinsí. Tá treoirlínte maidir le socruithe inimirce do mhinistir reiligiúin agus saorálaithe tuata ar láithreán gréasáin na SÉEI.
Tá cead ag céilí, páirtnéirí sibhialta agus roinnt cleithiúnaithe shealbhóirí ceada fostaíochta, fad is atá siad ina gcónaí go dleathach sa Stát, fostaíocht a lorg agus iarratas a chur isteach ar chead oibre chéile/chleithiúnaí.
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006
Más ball teaghlaigh neamh-LEE tú de shaoránach LEE nó Eilvéiseach a chomhlíonann na riachtanais mar atá leagtha amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008 caithfidh tú iarratas a chur chuig Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Má chláraíonn tú leis an BNGSI nó led' oifig áitiúil beidh an Deimhniú Clárúcháin a fhaigheann tú ina chárta cónaithe leis na focail 4 EU FAM air (is é sin ná, cárta cónaithe bhall teaghlaigh de shaoránach AE). Mar shealbhóir den chárta 4 EU FAM seo, beidh tú saor ó víosa fiú amháin más náisiúnach tú dá mbíonn víosa ag teastáil de ghnáth, agus is féidir leat obair gan chead fostaíochta nó cead gnó.
Tabharfar stampa 4 sealadach do bhaill teaghlaigh neamh-LEE náisiúnach AE an fhad is atá siad ag fanacht ar iarratais faoi Chearta Conradh AE a phróiseáil, ach tá sé seo faoi athbhreithniú faoi láthair (2011) Ceadaíonn Stampa 4 duit fostaíocht a thógáil in Éirinn.
Cead fostaíochta ar 5 bhliain
Ó 28 Lúnasa 2009 má tá obair ar chead fostaíochta le 5 bhliain as a
chéile déanta agat, ní gá duit cead oibre a bheith agat a thuilleadh. Ba
chóir duit dul i dteagmháil le d' oifigeach inimirce áitiúil - féach
'Clárú' thíos - agus eiseoidh sé cead inimirce stampa 4 ar feadh aon
bhliain amháin duit. Is féidir leat an cead a athnuachan gach bliain agus
beidh tú ceadaithe chun aon fhostaíocht nó féinfhostaíocht a dhéanamh. Tá
tuilleadh eolais faoin chead inimirceach seo ar fáil ar an suíomh
SEIE.
Cineálacha cáilithe eile
Má tá tú in Éirinn mar chéile, pháirtnéir sibhialta nó chleithiúnaí náisiúnach Éireannach nó náisiúnach LEE eile, nó náisiúnach Eilvéiseach, gheobhaidh tú stampa 4. Ciallaíonn sé sin nach gá duit cead fostaíochta ná cead gnó a fháil. Má chláraíonn tú leis na Gardaí, beidh an Deimhniú Clárúcháin (cárta BNGSI) a fhaigheann tú ina cáipéis chónaithe.
Más náisiúnach neamh-LEE pósta le náisiúnach AE thú is féidir leat iarratas a dhéanamh chun stampa 4 a fháil le linn do iarratas ar chónai a bheith próiseáilte.
Gheobhaidh tú stampa 4 má thagann tú faoi cheann ar bith de na catagóirí seo a leanas: Dídeanaithe Coinbhinsiúin nó Cláir; iar-iarrthóirí tearmainn a tugtar cead chun fanacht dóibh.
Baineann an stampa seo leat chomh maith má tá tú ar aistriú laistigh de chuideachta (pdf). Braithfidh an tréimhse dá mbeidh an stampa seo bailí ar do chúinsí.
Ó 21 Meitheamh 2010 tabharfar stampa 1 ar feadh 2 bhliain don cuid is mó de dhochtúirí ag obair sa tseirbhís sláinte poiblí atá ag clárú nó ag clárú arís leis an oifig imirceach áitiúil. Is féidir le dochtúirí atá stampa 4 acu, a stampa 4 a athnuachan ar feadh 2 bhliain.
Ag brath ar do chúinsí, d'fhéadfá cearta cónaithe fadtéarmacha a fháil má tá tú i do chónaí go dleathach in Éirinn le 5 bliana anuas nó níos mó. Caithfidh tú clárú le húdaráis an Gharda Síochána agus cárta BNGSI a fháil.
Má tá tú anseo ar bhonn choinníollacha ceada oibre le 5 bliana anuas nó níos mó, is féidir leat iarratas a chur isteach ar chead cónaithe sínte do 5 bliana eile. Is féidir le do chéile, pháirtnéir sibhialta agus do chleithiúnaithe cur isteach ar chónaí fadtéarmach chomh maith má tá siad ina gcónaí go dleathach in Éirinn le 5 bliana anuas ar a laghad. Má éiríonn led' iarratas, gheobhaidh tú stampa uimhir 4 ar do phas ar feadh 5 bliana agus ní gá duit cead chun obair in Éirinn. Gheobhaidh do chleithiúnaithe stampa uimhir 3 agus beidh riachtanas go mbeadh cead fostaíochta acu chun obair in Éirinn.
Seachas sin, má tá tú i do chónaí anseo go dleathach le breise agus 8
mbliana anuas (ach ní mar mhac léinn nó iarrthóir tearmainn) is féidir
leat iarratas a chur isteach ar stampa uimhir 5 a fháil ar do phas, a
thugann cead duit fanacht in Éirinn "gan
choinníoll ama a bheith air". Beidh tú i dteideal oibriú nó dul i mbun
gnó nó gairme fad is atá tú in Éirinn. Fanann an stampa bailí go dtí
dáta éagtha do phas, agus is féidir é a athnuachan nuair a fhaigheann tú
pas nua.
Má tá stampa 4 EU-FAM ar do phas agat, is féidir leat iarratas a
chur isteach ar chárta cónaithe buan i ndiaidh duit 5 bliana a chaitheamh sa
Stát - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Má éiríonn leis eiseofar
cárta cónaithe buan leat le haghaidh 5 bliana.
Is féidir iarratas a chur isteach ar shaoránacht
Éireannach trí eadóirseacht chomh maith, i ndiaidh duit 5 bliana de
chónaí ináirithe do chúiseanna saoránachta a chaitheamh anseo. Tá na
riachtanais do chónaí maidir le saoránacht trí shaoránach
Éireannach a phósadh nó páirtnéireacht shibhialta a dhéanamh níos
trócairí.
Tá táille €150 (ó 23 Lúnasa 2008) ar an Deimhniú Clárúcháin, ach níl ort an táille a íoc má tá tú i do:
Cónaí Fadtéarmacha: Ó 7 Meán Fómhair 2009 faoi na Rialacháin
Cónaithe Fadtéarmacha (Táillí) (pdf) caithfidh tú táille €500 a
íoc nuair deonófar thú cónaí fadtéarmacha.
Má tá tú ag fanacht in Éirinn níos faide ná 3 mhí ba chóir duit dul chuig d'oifig chlárúcháin inimirce áitiúil. Iarraidh labhairt leis an oifigeach clárúcháin chomh luath agus is féidir nuair a shroicheann tú Éire. Laistigh de cheantar Bhaile Átha Cliath, is é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) an oifig chlárúcháin - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is é Ceanncheathrú Cheantair Áitiúil na nGardaí.
Más ball teaghlaigh neamh-LEE tú de shaoránach AE a chomhlíonann na riachtanais mar atá leagtha amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) (Uimh. 2) 2006 (pdf) caithfidh tú iarratas a chur chuig Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) ag baint leas as an bhfoirm EU 1 (pdf) agus as an mbileog mhínitheach (pdf) le go bpróiseálfar do chás. Má bhaineann na Rialacháin leatsa gheobhaidh tú litir ón SEIÉ a dhéarfaidh leat clárú led' oifig chlárúcháin inimirce áitiúil, áit a bhfaighidh tú do chárta cónaithe leis na focail 4 EU FAM air.
Le haghaidh cárta cónaithe buan do bhall teaghlaigh atá ina chónaí sa Stát le 5 bliana anuas cuir iarratas isteach ag baint leasa as an bhfoirm iarratais EU 3 (pdf) agus as an mbileog mhínitheach (pdf).
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannóg um Chearta sa Chonradh AE de chuid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ). Tá liosta de cheisteanna coitianta faoi Chearta sa Chonradh AE ar láithreán gréasáin an SEIÉ.
Déan iarratas ar an gClár Infheisteoir Inimircigh tríd an fhoirm iarratas d’infheisteoir (pdf) agus treoirlínte (pdf) a úsáid. Ba chóir duit iarratas ar an gClár Tionscnaimh d’Fhiontraithe a dhéanamh tríd an fhoirm iarratas d’fhiontraí (pdf) agus treoirlínte (pdf) a úsáid.
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Líne chabrach: Déardaoin 10.00rn-12.30ir
Teil:+353 1 616 7700
Lóghlao:1890 551 500
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
R-phost: Immigration_Mail@Justice.ie
Féadfar cead a thabhairt do náisiúnach neamh-LEE a bhfuil amhras gurb íobartach sa gháinneáil i ndaoine é fanacht ar feadh tréimhse chomh hard le 60 lá. Tugann an cead seo an chaoi don náisiúnach neamh-LEE maireachtáil go dleathach in Éirinn le linn na tréimhse seo ar mhaithe le “téarnamh agus machnamh” – féach anseo thíos. Caithfidh sé gur aithin ceannfort nó Garda is airde céim i mBiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána gur duine é seo a bhfuil amhras gurb íobartach sa gháinneáil i ndaoine é. Tar éis an 60 lá tosaigh, in imthosca áirithe, féadfar cead a thabhairt don duine a bhfuil amhras gurb íobartach é fanacht níos faide, cead ar a dtugtar ceadúnas cónaithe sealadach – féach anseo thíos. Tháinig na socruithe riaracháin seo do dhaoine a bhfuil amhras gurb íobartaigh sa gháinneáil i ndaoine iad i bhfeidhm ar 7 Meitheamh 2008. Tá na mionsonraí iomlána le fáil i Socruithe Riaracháin um Chosaint na nÍobartach sa Gháinneáil i nDaoine (pdf) ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.
Tugann an cead seo fanacht ar feadh 60 lá an chaoi don íobartach amhrasta:
Tar éis na tréimhse 60 lá tosaigh, féadfar ceadúnas cónaithe sealadach a thabhairt don íobartacha amhrasta ar feadh tréimhse chomh hard le 6 mhí má:
Agus
In imthosca áirithe, féadfar deireadh a chur leis na ceadanna seo más amhlaidh, mar shampla, atá an náisiúnach neamh-LEE:
Nó
Ní thugann ceachtar de na ceadanna thuas aon teideal don náisiúnach neamh-LEE ar chónaí fadtréimhseach.
Is é aidhm an fheachtais Blue Blindfold daoine a dhéanamh feasach faoi
fhadhb na gáinneála i ndaoine agus gach duine a spreagadh aon amhras atá air
a chur in iúl do na Gardaí, tríd an uimhir Crimestoppers 1800 250 025 nó
chuig sainseoladh ríomhphoist, blueblindfold@garda.ie. Féadfaidh
tú tuilleadh eolais a fháil faoin ngáinneáil i ndaoine ar láithreán gréasáin an Blue
Blindfold.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.