Cearta cónaithe do bhaill teaghlaigh

Réamhrá

Cibé cúis a bhíonn agat chun bogadh go hÉirinn, tá seans ann go mbeidh tú in ann baill do theaghlaigh a thabhairt chun cónaí leat sa tír seo. Sa chás seo, braitheann do chearta ar do náisiúntacht nó ar an sórt cead cónaithe a bhíonn agat. Braitheann cead fanachta bhaill do theaghlaigh in Éirinn ar do chead fanachta. Ar ndóigh, is féidir leo siúd teidlíocht a fháil ina seilbh dhílis féin.

Rialacha

Saoránaigh Éireannacha

Má phósann náisiúnach eachtrach saoránach Éireannach ní thugann sé seo teidlíocht cónaithe uathoibríoch dó/di. Caithfidh do chéile nó pháirtnéir sibhialta na rialacha céanna a leanúint cosúil le gach náisiúnach eachtrannach. Tá bileog maidir le faisnéis cónaithe do bhaill teaghlaigh agus pháirtnéirí saoránach Éireannacha ar fáil ar an suíomh gréasáin Tionscadail Imirceach Crosscare

Saoránaigh eile den AE/LEE agus saoránaigh na hEilvéise

Más saoránach den LEE nó saoránach den Eilvéis thú i do chónaí in Éirinn, tá sé de cheart agat mar sin, baill áirithe teaghlaigh a thabhairt chun cónaí leat anseo in Éirinn, fiù amháin mura saoránaigh den AE/LEE nó saoránaigh den Eilvéis iad féin. Faoi láthair, leagtar amach príomhreachtaíocht an AE i Rialachán Uimh1612/58 agus Treorach 2004/38/PE (pdf). Cuirtear Treorach 2004 i bhfeidhm in Éirinn le Rialacháin na gComhphobail Eorpach (Saorthaisteal Daoine) 2015. Tá tuilleadh faisnéise faoi na Cearta Conartha AE ar fáil ar shuíomh na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.

Baineann an chuid is mó de dhlí an AE ar shaorthaisteal, le saoránaigh na tíortha eile LEE - An Íoslainn, An Ioruaidh agus Lichtinstéin. Tá conarthaí ann leis An Eilvéis a leagann amach go gcaitear mar an gcéanna, go ginearálta, le náisiúnaigh na hEilvéise agus le náisiúnaigh den AE.

Baill teaghlaigh cáilithe:

Féadfaidh baill eile teaghlaigh, nach mbíonn i dteideal cearta uathoibhríocha, bogadh go hÉirinn. De réir na Treorach, caithfidh na baill stáit comhoibriú le teacht isteach agus cónaí:

  • Baill teaghlaigh gur cleithiúnaithe iad nó baill teaghlaigh de shaoránach AE nó go gcaithfidh an saoránach AE aire pearsanta a thabhairt don bhall teaghlaigh de bharr cúiseanna sláinte dáiríre agus
  • Páirtí go bhfuil caidreamh buan aige/aici le saoránach an AE. Déanann údaráis na hÉireann staidéar ar iarratais ar chártaí cónaithe ó pháirtithe náisiúnach AE gur féidir leo a thaispeáint go raibh caidreamh buan acu lena chéile ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

Mura na cleithiúnaithe eile nó pháirtithe baill teaghlaigh cáilithe iad, is baill teaghlaigh ceadaithe iad. Caithfidh na húdaráis inimirce scrúdú fairsing a dhéanamh ar chúinsí pearsanta sna cásanna seo, agus caithfear seasamh lena mbeart maidir le diúltú don iarratas teacht isteach nó diúltú don iarratas cónaí.

Go ginearálta, coimeádann baill do theaghlaigh teideal cónaithe fiú má fhaigheann tú bás nó murar céile nó páirtí iad a thuilleadh. Tá teidlíocht agat do chónaí buan tar éis cúig bliana. Tá an teidlíocht céanna ag baill do theaghlaigh.

Daoine le cosaint idirnáisiúnta

Má bhronntar cosaint idirnáisiunta (stáideas dídeanaí nó cosaint choimhdeach) duit, d'fhéadfá iarratas a sheoladh isteach chun cead isteach go hÉirinn agus cead cónaithe in Éirinn a fháil do bhaill do theaghlaigh. Go ginearálta, caithfidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead a thabhairt do do chéile nó pháirtnéir sibhialta agus do phaistí cleithiúnaithe faoi bhun18 mbliana d'aois. Mura bhfuil 18 mbliana slánaithe agat caithfear cead a thabhairt do do thuismitheoirí.

Cead fanachta

Tá go leor de na cearta céanna ag daoine a fhaigheann cead fanachta ar chúis dhaonnúil agus atá ag daoine a bhaineann stádas dídeanaithe nó cosanta coimhdí amach. Níl an ceart acu chun athaontú teaghlaigh ach féadann aon duine a bhíonn i dteideal cónaí agus fanacht sa Stát cur isteach chuig an Aire chun ceadú do bhaill teaghlaigh a bheith leo. Féadann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead a bhronnadh nó a dhiúltú ar bhonn discréideach.

Saoránaigh neamh-LEE

Mura dtagann tú ón LEE nó ón Eilvéis, bíonn sé de cheart agat mar sin baill do theaghlaigh a thabhairt chun cónaí leat ag brath ar na rialacha a ghabhann le do láithreacht in Éirinn. Faoi láthair, níl reachtaíocht ar bith ag gabháil le cearta cónaithe an ghrúpa seo. Níl anseo ach cur síos ar na sochruithe riaracháin reatha. Beidh ort féin iarratas a sheoladh isteach chuig Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann chun cead isteach a fháil d'éinne (ag cur páirtí san áireamh) teacht chun cónaí leat in Éirinn - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

De ghnáth, glaotar baill teaghlaigh ar chéilí/pháirtnéirí sibhialta agus ar pháistí faoi bhun 18 mbliana d'aois. Ní polasaí ginearálta é cead a thabhairt do chleithiúnaithe os cionn 18 mbliana d'aois teacht chun cónaí leat in Éirinn. B'fhéidir go bhféadfá an scéal a phlé chun a thaispeáint nár cheart tusa a chur san áireamh maidir leis an riail ginerálta seo.

Braitheann cead fanachta bhaill do theaghlaigh in Éirinn ar do chead fanachta. D'fhéadfadh siad teacht i dteideal ar cheart cónaithe ina seilbh dhílis féin, mar shampla, trí Cead Fostaíochta Scileanna Ríthábhachtacha nó Cead Fostíochta Ginearálta a fháil.

Oibreoirí
Má bhíonn Cead Fostaíochta Scileanna Ríthábhachtacha agat, d'fhéadfá do theaghlach a thabhairt chun cónaí leat in Éirinn láithreach bonn. Beidh ceadanna oibre do chéile/do chleithiúnach ar fáil ansin ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta agus ag do chuid cleithiúnaithe.

Má bhíonn Cead Fostaíochta Ginearálta agat, d'fhéadfá do theaghlach a thabhairt chun cónaí anseo tar éis duit a bheith ag obair anseo go dlíthiúil ar feadh bliana. Caithfidh tú a thaispeáint freisin go mbeidh tú ábalta déanamh dóibh. Go praicticiúil, beidh ort a bheith ag fáil tuarastail thar chuimse don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh. Nuair a bheidh cónaí dlíthiúil ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta agus do chuid cleithiúnaithe faoi a 18 in Éirinn, beidh siad ábalta iarratas a sheoladh isteach ar chead oibre.

Mic léinn
Ní polasaí ginearálta é go dtugtar cead do bhaill teaghlaigh teacht chun cónaí le mic léinn a bhíonn ag staidéar in Éirinn. D'fhéadfá an scéal a phlé chun a thaispeáint nár cheart tusa a chur san áireamh maidir leis an riail ginearálta seo.

Tuismitheoirí le páistí a rugadh in Éirinn
Dá mba rud é gur tugadh cead cónaithe duit in Éirinn faoin Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn, ní polasaí ginearálta é go dtugtar cead isteach do bhaill teaghlaigh chun cónaí leat anseo. D'fhéadfá an scéal a phlé chun a thaispeáint nár cheart tusa a chur san áireamh maidir leis an riail ginearálta seo.

Riachtanas doiciméid aitheantais a thabhairt ar aird

Soláthraíonn an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 alt 34 gur mór do náisiúnaigh neamh-LEE atá ag teacht isteach sa Stát, pas nó doiciméad coibhéiseach a thabhairt nuair a iarrann oifigeach imirce orthu. (Roimhe seo, ní raibh sé sonraithe gur mór dóibh é a thabhairt.)

Éilítear ar náisiúnaigh neamh-LEE atá láithreach sa Stát doiciméad nó teastas chlárú a thabhairt don Aire, d’oifigeach imirce nó do Gharda, má iarrtar orthu, chun cruthú um chomhlíonadh ceada fanacht sa Stát. Ní bhaineann an riachtanas seo le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois ach baineann sé anois le náisiúnaigh neamh-LEE a rugadh in Éirinn.

Ní bhaineann Alt 34 le daoine a fheidhmíonn an ceart atá acu chun saorghluaiseachta. Áfach, má iarrann aon duine cead teacht isteach nó cónaí in Éirinn ar bhonn náisiúntacht LEE nó cleithiúnaí náisiúnaigh LEE, ní mór dóibh leorfhianaise aitheantais agus náisiúntachta a sholáthar chun an bonn seo a fhaigh amach.

Conas iarratas a dhéanamh

Víosaí:
Iarratas ar víosa do bhall teaghlaigh náisiúnach neamh-LEE: Caithfidh tú cur isteach ar an víosa ar-líne. Tá treoirlínte SEIÉ faoi riachtanais víosaí chun bhall teaghlaigh oíbrithe a athcheangal (pdf).

Rialacháin AE:
Iarratas ar chárta cónaithe do bhall teaghlaigh náisiúnach neamh-LEE cáilithe: úsáid foirm iarratais EU 1 (pdf) agus an bhileog mhínitheach (pdf) chun iarratas a sheoladh isteach.

Iarratas ar chárta cónaithe do bhall teaghlaigh náisiúnach neamh-LEE ceadaithe: úsáid foirm iarratais EU 1A (pdf) agus an bhileog mhínitheach (pdf) chun iarratas a sheoladh isteach.

Iarratas ar theastas do chónaí buan do shaoránach AE atá ina chónaí sa Stát ar feadh 5 bliana, úsáid foirm iarratais EU 2 (pdf) agus an bhileog mhínitheach (pdf) chun iarratas a sheoladh isteach.
Iarratas ar chárta do chónaí buan do bhall teaghlaigh atá ina chónaí sa Stát ar feadh 5 bliana úsáid foirm iarratais EU 3 (pdf) agus an bhileog mhínitheach (pdf) chun iarratas a sheoladh isteach.

Caithfear foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig Ionad Cearta Chonradh an AE ag Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).

Má tá d'iarratas EU1, EU 2 nó EU 3 diúltaithe, is féidir iarratas ar athbhreathnú na cinneadh seo tríd an fhoirm EU 4 (pdf) agus an bhileog mhínitheach (pdf) a úsáid.

I ndiaidh colscaradh nó neamhniú nó bás nó imeacht an saoránach AE, is féidir sealbhóir cárta cónaithe EU 1 iarratas a dhéanamh ar chárta cónaithe a choinneáil trí úsáid na foirme iarratais EU 5 (pdf) agus an bhileoig mhínitheach (pdf).

Chun Teastas Clárú Inimirce a fháil:
Seol d’iarratas chuig d'oifigeach clárú inimirce áitiúil. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, seol isteach é chuig Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Ó 15 Meán Fómhair 2016, caithfidh tú coinne a scríobh isteach ar líne chun cuairt a thabhairt air. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, seol isteach é chuig oifig chlárúcháin régiúnach nó chuig Ceanncheathrú Ceantair an Gharda Síochána.

Má tá tú i ngaol eisphósta nó de facto tá tuilleadh eolais faoi chead fanacht ar an suíomh BNGI.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir léamh tuilleadh faoi bhall teaghlaigh neamh-LEE a athcheangal sna treoirlínte polasaí (pdf) ar fáil ar an suíomh SEIÉ.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Rannóg um Chearta Chonradh AE

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
Éire

R-phost: eutreatyrights@justice.ie

Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go Déardaoin 8rn go 9in, Aoine 8rn go 6in
R-phost: burghquayregoffice@justice.ie

Page edited: 9 January 2017