Is náisiúnach Liotuánach mé agus táim i mo chónaí agus ag obair
i mBaile Átha Cliath. Chuaigh mé chuig Biúró Náisiúnta an Gharda
Síochána um Inimirce (BNGSI) chun cead cónaithe a fháil ach dúradh liom
nach gá dom ceann a fháil? An bhfuil sé seo fíor?
Tá sé sin fíor. Ní gá do náisiúnaigh an AE cead cónaithe a
fháil le cónaí agus obair in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh eolais a
fháil faoi
chearta cónaithe náisiúnach AE/LEE.
Is saoránach Éireannach mé agus tá mé i mo chónaí sa Fhrainc le
mo pháirtí Rúiseach den ghnéas céanna. Táim ag bogadh ar ais go hÉirinn
le dul ag obair. An féidir liom mo pháirtí a thabhairt le cónaí liom in
Éirinn?
Is féidir agus tá an ceart seo leagtha síos sa dlí. Faoin
Rialacháin AE is féidir leat a chruthú go bhfuil
sibh i bhur gcónaí le chéile mar lánúin le 2 bhliain anuas ar a laghad, is
féidir leis/léi iarratas a chur isteach ar bheith aitheanta mar "bhall
teaghlaigh ceadaithe" i ndiaidh don bheirt agaibh teacht go dtí an Stát.
Toisc go bhfuil do pháirtí ina shaoránach de thír dá bhfuil víosa ag
teastáil, beidh air/uirthi iarratas a chur isteach ar víosa sula
dtaistealaíonn sé/sí go hÉirinn.
Is bean ón Afraic Theas mé, agus táim pósta le saoránach de chuid
na Gearmáine agus ag obair sa Ghearmáin faoi láthair. An bhfuil sé de chead
agam cónaí agus obair in Éirinn?
Faoi Rialacháin AE, is féidir leat teacht in éineacht le d'fhear céile má
tá sé ag bogadh go hÉirinn le n-obair. Mura bhfuil sé ag bogadh go
hÉirinn, níl tú i dteideal cónaí agus obair anseo gan
cead fostaíochta, toisc nach saoránach de bhallstát an AE
nó an LEE tú.
Is saoránach Éireannach mé. Má phósaim mo chailín Síneach sa
tSín, an féidir léi teacht chun cónaí liom in Éirinn?
Mar saoránach Síneach, beidh ar do chailín víosa a fháil le teacht go
hÉirinn. Ba chóir di iarratas a chur chuig an
ambasáid nó
consalacht Éireannach is cóngaraí chun
víosa a fháil. Beidh uirthi cáipéisí sonracha a
sholáthar le tacú leis an iarratas.
Is Astrálach mé agus táim pósta le saoránach Éireannach agus i mo
chónaí i gCorcaigh. An féidir le m'athair Astrálach teach chun cónaí
linn? Faigheann sé pinsean stáit Astrálach.
Más féidir le d'athair a léiriú gur féidir leis é féin a chothú in
Éirinn agus má tá árachas sláinte príobháideach aige, is féidir leis
teacht chun cónaí leat in Éirinn.
Tá mé i mo chónaí agus ag obair in Éirinn ar chead oibre le 4
bliana anuas. Cathain is féidir liom iarratas a chur isteach ar chónaí
fadtéarmach?
Má tá obair ar chead oibre le 5 bhliain as a chéile déanta agat,
ní
gá duit cead oibre a bheith agat a thuilleadh. Is féidir leat
cónaí fadtéarmach in Éirinn a fháil tar éis 5
bliana.