Más náisiúnach den Aontas Eorpach (AE) thú, de cheann de bhallstáit eile an LEE (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua) nó den Eilvéis, tá an ceart agat fanacht in Éirinn agus tá an ceart céanna ag baill do theaghlaigh. Tá srianta áirithe leis an gceart seo, áfach.
Is féidir leat fanacht in Éirinn ar feadh suas go trí mhí gan srian. Má tá sé i gceist agat fanacht níos faide ná trí mhí, ní mór duit:
Nuair a thagann tú in Éirinn, ní gá duit clárú leis an oifigeach inimirce áitiúil. Más mian leat taifead de do chónaí in Éirinn a bheith agat, is féidir leat leis an ambasáid de do thír féin a chlárú.
Ar 8 Márta 2011, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (ECJ) ar an gcás Zambrano C 34/09, nach féidir le ballstát AE diúltiú do thuismitheoirí neamh-AE de leanbh cleithiúnach ar saoránach é agus ar cónaitheach é i mballstát AE ceart maireachtála agus oibre sa bhallstát sin.
Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag déanamh athbhreithnithe ar na cásanna de thuismitheoirí neamh-LEE de leanaí mionaoiseacha ar saoránaigh Éireannacha iad a d’fhéadfadh na critéir sonraithe sa bhreithiúnas Zambrano a chomhlíonadh.
Más náisiúnach den AE/LEE thú is féidir leat fanacht in Éirinn má tá tú dífhostaithe agus ag cuardach oibre. Is féidir leat do shochar dífhostaíochta a aistriú ó do thír dhúchais agus íocfar duit é in Éirinn le haghaidh suas go 3 mhí. Tar éis na tréimhse sin, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil má shásaíonn tú na coinníollacha, ina measc Coinníoll an Ghnáthchónaithe.
Má tá tú mar náisiúnach de bhallstát an AE, nó náisiúnach na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua nó na hEilvéise, tá sé de cheart ag do theaghlach, cibé náisiúntacht atá acu, a bheith in gcónaí leat in Éirinn. Tá do "theaghlach" sainmhínithe mar do chéile, pháirtnéir sibhialta, leanaí níos óige ná 21 agus leanaí eile atá ag brath ort chomh maith lena gcuid céile nó bpáirtnéirí sibhialta, do thuismitheoirí agus tuismitheoirí do chéile no pháirtnéir sibhialta, má tá siad ag brath ort chomh maith.
Trasuíonn Rialacháin 2006 (Saorghluaiseacht Daoine) (Uimh. 2) na gComhphobal Eorpach (pdf) an Treoir AE 2004/38/EC (pdf) i dlí na hÉireann. Ceadaíonn an Treoir sainmhíniú níos leithne maidir le duine muinteartha agus baineann sé le saoránaigh an AE amháin.
D'fhonn tairbhe a bhaint as na Rialacháin b'fholáir don duine muinteartha a bheith ag teacht ó stát AE eile áit a raibh sé nó sí ina c(h)ónaí go dleathach. I 2008 tar éis rialú an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach cuireadh deireadh leis an riachtanas seo ag na Rialacháin 2008 (Saorghluaiseacht Daoine) (Leasú) na gComhphobal Eorpach (pdf). Tá tuilleadh eolais faoi na Cearta Conartha AE ar fáil ar shuíomh na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.
Ciallaíonn an sainmhíniú níos leithne:
Ní bhaineann an sainmhíniú seo atá níos leithne le daoine muinteartha náisiúnaigh de bhallstáit neamh-AE an LEE (An Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua) nó na hEilvéise.
Mura bhfuil do mhuintir mar náisiúnaigh an AE nó an LEE, beidh orthu iarratas a dhéanamh ar chártaí cónaithe agus d'fhéadfadh go mbeidh víosaí iontrála de dhíth orthu chomh maith. Níl táille ar bith ar chárta cónaithe. Chomh maith leis sin beidh orthu clárú leis An Garda Síochána agus Teastas Inimirce de Chlárú (glaotar cárta BNGSI air de ghnáth) a fháil. Mar chleithiúnaigh de shaoránach AE, beidh siad díolúinte ó tháille ghinearálta de €150 don teastas seo.
B'fhéidir go n-iarrfar ort nó ar bhall do theaghlaigh an Stát a fhágáil má iompraíonn tú tú féin ar bhealach a d'fhéadfadh a bheith ina chontúirt d'ord nó do shlándáil phoiblí. Ní fáth ann féin é taifead coiriúil a bheith agat chun go n-iarrfar ort an tír a fhágáil. B'fhéidir go n-iarrfar ort an tír a fhágáil ar fhorais shláinte phoiblí.
Ní mór go inseofar duit fáthanna an chinnidh agus go dtabharfar am duit achomharc a ullmhú.
Tugann na Rialacháin isteach freisin ceart nua maidir le cónaí buan do náisiúnaigh an AE agus a mbaill teaghlaigh tar éis tréimhse cúig bliana de chónaí dlíthiúil gan briseadh sa Stát.
Soláthraíonn an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 alt 34 gur mór do náisiúnaigh neamh-LEE atá ag teacht isteach sa Stát, pas nó doiciméad coibhéiseach a thabhairt nuair a iarrann oifigeach imirce orthu. (Roimhe seo, ní raibh sé sonraithe gur mór dóibh é a thabhairt.)
Éilítear ar náisiúnaigh neamh-LEE atá láithreach sa Stát doiciméad nó teastas chlárú a thabhairt don Aire, d’oifigeach imirce nó do Gharda, má iarrtar orthu, chun cruthú um chomhlíonadh ceada fanacht sa Stát. Ní bhaineann an riachtanas seo le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois ach baineann sé anois le náisiúnaigh neamh-LEE a rugadh in Éirinn.
Ní bhaineann Alt 34 le daoine a fheidhmíonn an ceart atá acu chun saorghluaiseachta. Áfach, má iarrann aon duine cead teacht isteach nó cónaí in Éirinn ar bhonn náisiúntacht AE/LEE nó cleithiúnaí náisiúnaigh AE/LEE, ní mór dóibh leorfhianaise aitheantais agus náisiúntachta a sholáthar chun an bonn seo a fhaigh amach.
Níl táille ar bith ar chárta cónaithe, ar theastas buanchónaithe nó ar chárta buanchónaithe do dhaoine muinteartha neamh-LEE.
Tá táille ghinearálta de
€150 don Teastas Inimirce de Chlárú - cárta BNGSI, le roinnt
eisceachtaí.
Víosa:
Maidir le víosa do dhuine muinteartha atá ina náisiúnach neamh-LEE: Caithfidh tú cur isteach ar an víosa ar-líne.
Rialacháin AE:
Maidir le cárta cónaithe do dhuine muinteartha atá ina náisiúnach neamh-LEE déan iarratas trí úsáid na foirme iarratais EU 1 (pdf) agus na bileoige mhínitheach (pdf).
Maidir le teastas buanchónaithe do shaoránach de chuid an AE atá ina c(h)ónaí sa Stát le cúig bliana déan iarratas trí úsáid na foirme iarratais EU 2 (pdf) agus na bileoige mhínitheach (pdf).
Maidir le teastas buanchónaithe do dhuine muinteartha atá ina c(h)ónaí sa Stát le cúig bliana déan iarratas trí úsáid na foirme iarratais EU 3 (pdf) agus na bileoige mhínitheach (pdf).
Ba chóir foirmí iarratais comhlánaithe a bheith curtha thar n-ais chuig an Rannán um Chearta Chonradh AE de chuid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS). Tá liosta de na cheisteanna coitianta mar gheall ar chearta Chonradh AE ar láithreán gréasáin INIS.
Má tá d'iarratas EU 1, EU 2 nó EU 3 diúltaithe, is féidir iarratas ar athbhreathnú an cinneadh seo tríd an fhoirm EU 4 (pdf) agus an bhileog mhínitheach (pdf) a úsáid.
Maidir le Teastas Inimirce de Chlárú:
Déan iarratas ar d'oifigeach cláraithe inimirce áitiúil. I mBaile Átha Cliath is é seo Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI). Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath tá sé seo ag do Cheanncheathrú Dúiche áitiúil de chuid an Gharda Síochána.
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
R-phost: eutreatyrights@justice.ie
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.