Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Cearta Cónaithe in Éirinn > Clárú náisiúnach neamh-LEE in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Clárú náisiúnach neamh-LEE in Éirinn

Eolas

Má thagann tú go hÉirinn agus ar intinn agat fanacht anseo níos mó ná 3 mhí, agus ní shaoránach tú den Aontas Eorpach (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis, caithfidh tú do láithreacht in Éirinn a chlárú leis an Garda Síochána. Tá 27 ballstát AE, an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin ann mar chuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó (LEE).

Leagann amach Alt 9 den Acht Inimirce an ceanglas dlíthiúil atá ar náisiúnaigh neamh-LEE clárú in Éirinn nuair atá siad ag fanacht níos mó ná 3mhí. Le fírinne, ciallaíonn sé seo go bhfuil sé de dhualgas ort clárú le d'oifigeach clárúcháin áitiúil um inimirce tar éis teacht go hÉirinn duit. Séard is brí le clárú le feidhmeannaigh um inimirce ná go gcaithfidh tú féin a bheith i láthair agus tú ag dul os chomhair an Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (más i mBaile Átha Cliath tú) nó Ceanncheathrú Ceantair i gCeantair eile an Gharda Síochána. Nuair a thagann tú os comhair an oifigigh chlárúcháin caithfidh tú eolas áirithe agus fianaise faoi do stádas a sholáthar - féach 'Rialacha' thíos.

Caithfidh tú freisin aon athruithe gur mhian a dhéanamh, maidir led' thréimhse chónaithe nó stádas, a chur in iúl do na feidhmeannaigh inimirce. Má tá sé ar intinn agat bogadh go ceantar Garda Síochána eile caithfidh tú é sin a chur in iúl don oifigeach clárúcháin, agus teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach clárúcháin sa cheantar nua sin taobh istigh de dhá lá tar éis teacht chun cónaí ann.

Cad í aidhm an chlárúcháin?

Rialú teorann is cúis le clárú náisiúnach neamh-LEE. Cuireann an Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) díbirtí, rialú teorann agus fiosrúcháin maidir le inimirce mídhleathach agus gáinneáil i ndaoine i bhfeidhm freisin. Tá sainaonaid ag an mBNGSI i mbun oibre i ngach ceantar.

Cad a tharlaíonn tar éis clárú dom?

Tar éis clárú leis na feidhmeannaigh inimirce, tabharfar Teastas Clárúcháin um Inimirce duit. Braitheann an t-am a thógann sé do Theastas a chur ar fáil ar an oifig a fhreastail tú agus conas mar a d'íoc tú as do Theastas. Tá an Teastas Clárúcháin ar chomhmhéid le cárta creidmheasa agus d'ainm, seoladh, grianghraf agus do shonraí cónaithe ann. Tugtar an Cárta BNGSI air uaireanta toisc é a bheith curtha ar fáil ag an mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI).

Faigheann iarrthóirí tearmainn teastas de shaghas eile - Teastas Cónaithe Sealadach. Eisíonn an Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe an teastas sin.

Ní cártaí aitheantais iad na Teastais Chlárúcháin. Mar sin féin is fianaise iad go bhfuil an duine ina c(h)ónaí go dlíthiúil in Éirinn agus caithfidh tú fianaise faoi seo a thaispeáint, mar iarrtar í ó na Gardaí.

Cén stampa a gheobhaidh mé i mo phas?

Chomh maith le do Theastas Clárúcháin gheobhaidh tú stampa freisin i do phas a shonraíonn tréimhse agus coinníollacha do chead fanacht in Éirinn. Tugann an tábla seo leanas liosta de na cineálacha stampa difriúil eisithe do náisiúnaigh neamh-LEE:

Uimhir stampa Eisithe do
0

Dhaoine a bhfuil cead acu fanacht in Éirinn chun chríoch sonrach, sealadach agus teoranta (pdf), mar shampla, acadóra ar cuairt.

1

Dhaoine go bhfuil cead fostaíochta, cead gnóúdarú saoire oibre faighte acu

2

Mic léinn atá ag freastail ar chúrsa aitheanta lán-aimsire a mhaireann ar feadh bliana ar a laghad. Tá cead acu dul ag obair 20 uair sa tseachtain le linn téarma scoile agus go lánaimseartha i rith na laethanta saoire.

2A

Mhic léinn atá ag freastail ar chúrsa a mhaireann níos lú ná bliain amháin. Níl cead acu dul ag obair

3

Dhaoine nach bhfuil cead acu dul ag obair. Cuimsíonn sé seo cuairteoirí; daoine ar scor le hacmhainní neamhspleácha; ministir reiligiúin; céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe shealbhóirí ceadanna.

4

Chéilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe náisiúnach Éireannach agus náisiúnach LEE, Coinbhinsiún agus Clár um Theifigh agus tuismitheoirí leanaí saoránach Éireannach a thugadh cead dóibh fanacht. Is féidir leo dul ag obair gan cheadúnas fostaíochta nó cead gnó.

4 (EU FAM)

Baill teaghlaigh náisiúnach an AE a bhain leas as a gceart bogadh agus cur fúthu in Éirinn. Is féidir leo dul ag obair gan chead fostaíochta nó cead gnó

An gcaithfidh gach náisiúnach neamh-LEE clárú?

Ní gá. Ní gá le grúpaí áirithe daoine clárú. Mar shampla, páistí faoi 16 bliana d'aois atá ina gcleithiúnaigh neamh-LEE de náisiúnaigh an AE agus maraithe a fhanann a mbád ag caladh sa Stát agus nach dtagann i dtír chun scaoileadh.
Más ball teaghlaigh de náisiúnach an AE tú agus ag déanamh iarratas ar chead fanacht in Éirinn faoi Rialacháin 2006 agus 2008 na gComhphobal Eorpach (Saoirse Aistrithe Dhaoine), caithfidh tú fós clárú agus Teastas Inimirce Clárúcháin a fháil.

Rialacha

Chun clárú, ba chóir duit dul chuig d'oifig chlárúcháin inimirce áitiúil agus fiafraigh don oifigeach clárúcháin chomh luath agus is féidir tar éis teacht go hÉirinn duit. Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' le haghaidh sonraí seoltaí.
Caithfidh tú an t-eolas fút féin seo leanas a chur ar fáil:

  • D'ainm agus d'inscne
  • Do náisiúntacht, conas agus cathain a fuair tú do náisiúntacht agus do náisiúntacht roimhe seo (má bhí ceann agat)
  • Dáta agus áit do bhreithe
  • Do ghairm bheatha nó do cheird
  • Sonraí faoi cathain, cén áit, agus conas a tháinig tú isteach sa Stát
  • Do sheoladh sa Stát
  • An seoladh is déanaí a bhí agat agus tú id' chónaí lasmuigh den Stáit
  • Do ghrianghraf
  • Do shíniú

Ba chóir duit do phas nó doiciméad eile ag bunú do náisiúntacht agus d' fhéiniúlacht a thabhairt leat chomh maith le doiciméad mar thacaíocht do do chead fanacht, mar shampla, cead oibre.

Má tá tú i seirbhís rialtais, iarrfar ort an tseirbhís shonrach a lua chomh maith le nádúr agus fad do sheirbhíse, do ghrád agus na ceapacháin a bhí agat.

D'fhéadfadh an t-oifigeach clárúcháin iarraidh ort do mhéarloirg a sholáthar agus b'fhéidir sonraí eile a lorg.

Rataí

Tá táille €150 ann don teastas, ach ní gá duit íoc as más:

  • Dídeanaí Cláir tú
  • Dídeanaí Coinbhinsiúin tú
  • Duine athaontaithe lena leithéid de dhídeanaí faoi Alt 18 den Acht Dídeanaithe 1996
  • Faoi 18 mbliana d'aois ag am an chlárúcháin tú
  • Céile, páirtnéir sibhialta, baintreach, baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach de shaoránach Éireannach tú
  • Cleithiúnach de náisiúnach an AE tú agus cáilíonn tú do chárta cónaithe faoi Threoir ón AE 38/04 (pdf)

Leagtar amach eolas faoi mhodhanna íocaíochta maidir le 'Conas iarratas a dhéanamh' anseo thíos.

Conas iarratas a dhéanamh

Buail isteach chuig d'oifig chlárúcháin inimirce áitiúil 'sé sin an Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) más i mBaile Átha Cliath atá cónaí ort agus an Ceanncheathrú Ceantair an Gharda Síochána má tá cónaí ort lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tógfaidh an t-oifigeach clárúcháin do shonraí agus scrúdóidh sé do dhoiciméid. Má tá sé d'iallach ort an táille a íoc, de ghnáth tabharfaidh an t-oifigeach clárúcháin foirm speisialta ghíoró bainc duit. Ba chóir duit an fhoirm seo a thabhairt leat go dtí an banc agus an táille a íoc.

I gcúig oifig chlárúcháin inimirce, tá rogha agat íoc le cárta creidmheasa nó dochair in ionad gíoró bainc. Seo iad na hoifigí:

An Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI), 13/14 Cé an Bhúrcaigh, Baile Átha Cliath 2
Stáisiún na nGardaí, Sráid Anglesea, Corcaigh
Stáisiún na nGardaí, Sráid an Mhuilinn, Gaillimh
Stáisiún na nGardaí, Sráid Anraí, Luimneach
Stáisiún na nGardaí, Slí an Athar Uí Chonghaile, Droichead Átha, Co. Lú

Má chuir tú iarratas isteach chuig aon cheann de na hoifigí seo, is féidir leat do chárta a bhailiú chomh luath is a théann d' íocaíocht tríd agus go bhfuil an cárta clóite.

Má chuir tú iarratas isteach chuig aon oifig chlárúcháin inimirce eile, caithfidh tú teacht as ais níos déanaí chun an teastais a bhailiú, os rud é go gclófar é sa (BNGSI) agus seolfar amach chuig an oifig áitiúil ansin é.

Athnuachan

Sula mbíonn do chárta BNGSI imithe in éag, caithfidh tú dul go dtí d'oifig clárúcháin áitiúil um inimirce chun é a athnuachan - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas thíos. Tá sé ort do phas, do chárta BNGSI a thabhairt leat chomh maith le doiciméad mar thacaíocht do do chead fanacht, mar shampla, cead oibre.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil le do cheanncheathrú ceantair an Gharda Síochána

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce

13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 December 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.