An Scéim um Imircigh Fhadtéarmacha gan Cháipéisí a Thabhairt chun Rialtachta

Réamhrá

Osclaíodh scéim nua a cheadaíonn do dhaoine nach bhfuil aon stádas inimirce acu in Éirinn iarratas a dhéanamh ar chónaí dlíthiúil d’iarratais an 31 Eanáir 2022. Beidh an scéim ar oscailt d’iarratais go dtí an 31 Iúil 2022.

Tá an scéim dírithe ar dhaoine a chónaigh in Éirinn gan cháipéisí ar feadh ar a laghad 4 bliana ag tús na scéime, nó ar feadh ar a laghad 3 bliana i gcás teaghlach le leanaí faoi 18 mbliana d’aois.

Déanann tú iarratas ar líne, uaslódálann tú cáipéisí chun d’aitheantas agus stair chónaithe a chruthú, agus íocann tú táille iarratais. Má cheadaítear d’iarratas, gheobhaidh tú cead cónaithe Stampa 4.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh díreach duit féin, nó is féidir leat iarratas a dhéanamh mar theaghlach.

Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Anuas air sin, is féidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, a bhí ag feitheamh le cinneadh ar feadh 2 bhliain nó níos faide, iarratas a dhéanamh trí phróiseas iarratais ar leith. Osclaíodh iarratais an 7 Feabhra 2022 agus dúnfar iad an 7 Lúnasa 2022.

Cé ar féidir leis cur isteach air?

B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don scéim sna cásanna seo a leanas:

  • Tá cónaí in Éirinn ort gan cháipéisí, nó is iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta thú
  • Sásaíonn tú na rialacha cónaithe
  • Tá an cháipéisíocht agus an t-aitheantas agat a theastaíonn
  • Níor ciontaíodh i gcionta tromchúiseacha coiriúla thú
  • Ní chruthaíonn tú bagairt do shlándáil náisiúnta
  • Íocann tú an táille iarratais (más gá)

Gan cháipéisí

Tá tú gan cháipéisí más ó thír thú atá lasmuigh den AE nó den LEE agus níl cead agat bheith in Éirinn. B’fhéidir go mbíodh cead agat roimhe seo agus b’fhéidir gur éag sé, nó b’fhéidir nach raibh cónaí dlíthiúil ort in Éirinn riamh roimhe seo.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an scéim seo má tá tú gan cháipéisí (agus má shásaíonn tú na critéir eile) gan aird ar an bhfáth nó ar conas atá tú gan cháipéisí.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh má eisíodh thú le hOrdú Díbeartha, nó má tá tú i bpróiseas ‘Alt 3’. Titeann próiseas Alt 3 amach nuair a seoladh fógra chugat go mbeartaíonn an tAire Dlí agus Cirt Ordú Díbeartha a dhéanamh, agus nuair a thugtar deis duit na cúiseanna a lua gur cheart cónaí a cheadú duit.

Baineann an scéim freisin le hiarshealbhóirí víosa mic léinn.

Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Níl iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta gan cháipéisí, ach is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chónaí tríd an scéim. Tá tú incháilithe má rinne tú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta 2 bhliain ó shin, ar a laghad. Scríobhfaidh an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta chuig daoine atá incháilithe iarratas a dhéanamh. Mura ndéanann an OCI teagmháil leat, is féidir leat iarratas a dhéanamh mar sin féin má shásaíonn tú na critéir cháilitheacha.

Má cheadaítear d’iarratas:

Ní gá duit d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a aistarraingt, ach is féidir leat a roghnú é a aistarraingt más mian leat.

Rialacha cónaithe

Iarratasóirí gan cháipéisí

Is féidir leat iarratas a dhéanamh duit féin, nó is féidir leat iarratas teaghlaigh a dhéanamh. Caithfidh go raibh tú féin, an buniarratasóir, gan cháipéisí ar feadh ar a laghad 4 bliana an 31 Eanáir 2022, murach go bhfuil leanaí cleithiúnacha agat.

Is féidir leat do theaghlach a chur san áireamh ar d’iarratas. Má tá leanaí agat atá níos óige ná 18 mbliana d’aois, laghdaítear an fad ama ar gá duit a bheith gan cháipéisí dó anuas go dtí 3 bliana.

Is féidir leat do chéile/pháirtnéir agus do leanaí cleithiúnacha atá idir 18 agus 23 bliain d’aois má chónaigh siad leat le 2 bhliain anuas, ar a laghad. Caithfidh cruthúnas a bheith agat go raibh siad gan cháipéisí le 2 bhliain anuas.

Caithfidh leanaí 24 bliain d’aois agus níos sine a n-iarratas féin a dhéanamh agus ní féidir iad a chur san áireamh in iarratas teaghlaigh.

I gcás leanaí 24 bliain d’aois agus níos sine nach féidir leo cónaí go neamhspleách mar gheall ar mhíchumas meabhrach nó fisiciúil, b’fhéidir go mbeidh tú in ann iad a chur san áireamh i d’iarratas. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le undocumented@justice.ie sula ndéanann tú d’iarratas.

Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach más iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta thú faoi láthair. Caithfidh gurb iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta gach duine muinteartha leat. Caithfidh gach duine muinteartha leat iarratas ar leith a dhéanamh.

Caithfidh go raibh tú páirteach sa phróiseas um chosaint idirnáisiúnta ar feadh ar a laghad 2 bhliain an 7 Feabhra 2022.

Ní cháilíonn tú don scéim má tá ordú díbeartha faighte agat.

Cáipéisí a theastaíonn uait

Caithfidh gur féidir leat d’aitheantas a chruthú agus a chruthú gur chónaigh tú in Éirinn ar feadh na tréimhse riachtanaí.

Ní gá duit a chruthú go bhfuil leibhéal ar leith ioncaim nó coigiltis agat.

Tá an liosta cáipéisí ar fáil anois d’iarratasóirí gan cháipéisí agus d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

Taifead coiriúil agus slándáil náisiúnta

Is féidir thú a dhiúltú má ciontaíodh i gcionta tromchúiseacha coiriúla thú. Caithfidh tú na ciontuithe coiriúla go léir a dhearbhú mar chuid de d’iarratas.

D’fhéadfaí d’iarratas a dhiúltú má cheaptar go gcruthaíonn tú bagairt do shlándáil náisiúnta.

Táille iarratais

Is í an táille iarratais:

  • €700 do theaghlach
  • €550 do dhuine aonair
  • Ní ghearrtar aon táille ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Caithfidh tú an táille iomlán a íoc ag an tráth a dhéanann tú d’iarratas.

Conas iarratas a dhéanamh

Iarratasóirí gan cháipéisí

Déanann tú iarratas ar líne. Tá treoir ar conas an fhoirm ar líne a líonadh do dhaoine singil (pdf) agus d’iarratais teaghlaigh ar fáil.

Is féidir leat do cháipéisí a uaslódáil mar chuid den iarratas ar líne.

Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Líon foirm iarratais agus seol ar ríomhphost í go dtí IPRSU@ipo.gov.ie.

Cinntí agus achomhairc

Má cheadaítear d’iarratas, gheobhaidh tú litir a thugann cead duit fanacht in Éirinn ar feadh 2 bhliain. Is féidir é seo a athnuachan. Gheobhaidh gach duine de do theaghlach a bhí mar chuid de d’iarratais litir ar leith.

Caithfidh tú do chead a chlárú agus Cead Cónaithe Éireannach a fháil. Gheobhaidh tú Stampa 4, a chiallaíonn gur féidir leat oibriú gan cead fostaíochta. Níl ar leanaí níos óige ná 16 bliana d’aois clárú.

Diúltú

Má dhiúltaítear d’iarratas, gheobhaidh tú litir a inseoidh duit na cúiseanna gur diúltaíodh é. Is féidir leat an cinneadh seo a achomharc. Má éiríonn le d’achomharc, tabharfar cead duit fanacht in Éirinn.

Mura n-éiríonn le d’achomharc, déanfar do chás a atreorú go dtí Aonad Clárúcháin SSI. Má tá iarratas agat ar chosaint idirnáisiúnta nár críochnaíodh, nó má tá cónaí éigin eile agat, déanfar sin a phróiseáil go fóill má dhiúltaítear cónaí duit faoin scéim seo.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoin Scéim ar láithreán gréasáin SSI.

Cuireann an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ceisteanna coitianta ar fáil faoin scéim d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Márta 2022