Má tá iarratas déanta agat agus má tá glactha leat mar shaoránach Éireanach tá sé de cheart agat, ina dhiaidh sin, vóta a chaitheamh ag aon toghchán nó reifreann de chuid na tíre seo. Ní mór duit, áfach, déanamh cinnte de go bhfuil d'ainm ar chlár na dtoghthóirí.
Má tá conaí ort in Éirinn ach nach saoránach Éireannach tú, beidh cead agat vóta a chaitheamh i dtoghcháin áirithe.
Cuirtear Clár Toghthóirí nua le chéile gach bliain agus foilsítear é ar an 1 Samhain. Tá saoránaigh atá ina gcónaí in Éirinn i dteideal vótáil ag gach toghchán agus aithnítear iad leis an litir ‘P’ i ndiaidh a n-ainm ar an gclár. Is féidir le saoránaigh Bhriotánacha atá ina gcónaí in Éirinn vótáil i dtoghcháin áitiúla, Eorpacha agus Dála agus aithnítear iad leis an litir ‘D’. Is féidir le saoránaigh AE atá ina gcónaí anseo vótáil i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha agus tá litir ‘E’ lena n-ainm. Ní féidir le daoine a aithnítear leis an litir ‘L’ i gcoinne a n-ainm (saoránaigh neamh-AE), vótáil ach i dtoghcháin áitiúla.
Is féidir leat an clár nó an dréachtchlár a iniúchadh le linn uaireanta oibre ag oifigí an údaráis áitiúil nó cláraitheoir contae agus ag leabharlanna poiblí, oifigí poist agus stáisiúin Gharda. Chomh maith leis sin is féidir leat a sheiceáil an bhfuil tú cláraithe trí do mhionsonraí a iontráil ar shuíomh gréasáin na gceisteanna ar líne Chlár na dToghthóirí.
Tá dreachtchlár ar fáil ar 1 Samhain gach bliain. Tá go dtí 25 Samhain agat le ceartúchán a dhéanamh nó le d’ainm a chur ar an liosta. B’fhéidir go n-iarrfaí doiciméid ort, amhail teastas breithe nó teastas eadóirsithe d’fhonn a chruthú go bhfuil tú incháilithe le vótail. Foilsítear an clár leasaithe ansin i Mí Feabhra.
Má tá tú incháilithe le vótáil ach más amhlaidh gur chaill tú an spriocdháta le d’ainm a chur ar an gclár, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith curtha isteach i bhForlíonadh an Chláir, a chuirfidh ar do chumas vótáil in aon toghchán nó reifreann a reáchtáiltear le linn na bliana sin. Is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar an gClár Forlíontach ar a laghad 15 lá roimh lá na vótaíochta. (Ní áirítear Domhnaí, laethanta saoire phoiblí agus Aoine an Chéasta mar chuid de na laethanta chuige sin.)
Ar an 15ú Feabhra ní mór duit a bheith 18 bliain, ar a laghad, an lá go dtagann an clár i bhfeidhm.
Mar go bhfuil cónaí ort in Éirinn tá cead vótála agat ach mar sin féin tá cineálacha áirithe toghcháin atá coscaithe ort vótáil iontu. Ní mór do na húdaráis cláracháin fios a bheith acu cén tír go bhfuil saorántacht agat leithe mar brathann cé na toghcháin go mbeadh cead agat páirt a ghlacadh iontu ar an eolas seo.
Is mar seo a leanas atá an ceart vótála:
Is féidir leSaoránaigh Éireannacha vóta a chaitheamh ag ngach toghchán agus reifreann;
Is féidir leSaoránaigh Bhriotanacha vóta a chaitheamh ag toghchán na Dála, na hEorpa agus ag toghcháin áitiúla;
Is féidir leSaoránaigh eile den AE vóta a chaitheamh ag toghcháin na hEorpa agus ag toghcháin áitiúla:
Ní féidir leSaoránaigh nach saoránaigh den AE iad vóta a chaitheamh ach ag toghcháin áitiúla amháin.
Ní mór duit a bheith i do chonaí ag an gnáth seoladh atá luaite leat ar an 1ú Meán Fhómhair roimh theacht i bhfeidhm an chláir. Níl cead agat a bheith cláraithe ach ag seoladh amháin. Muna bhfuil conaí ort ag an seoladh ag a bhfuil tú cláraithe ní mór duit na húdaráis cláraithe a chur ar an eolas faoi do sheoladh baile nua.
Má tá do sheoladh cláraithe fágtha agat ach go bhfuil i gceist agat filleadh air taobh istigh de 18 mí ní gá duit do sheoladh a athrú ach déanamh cinnte de nach bhfuil tú cláraithe ag aon seoladh eile.
Más saoránach Éireannach thú a chónaíonn thar lear ní féidir bheith ar Chlár na dToghthóirí. Ciallaíonn seo nach féidir leat vótáil i dtoghchán nó reifreann anseo in Éirinn. (Is é an t-aon eisceacht amháin ná chás oifigí Éireannacha ar dualgas thar lear (agus a gcéile) ar féidir leo clárú ar liosta na vótálaí poist).
De ghnáth, iarrtar ort do vóta a chaitheamh go pearsanta ag ionad vótála oifigiúil ach amháin sa chás go bhfuil tú
B'fhéidir, freisin, go mbeadh cead agat vóta poist a chaitheamh mar nach bhfuil ar do chumas dul chomh fada leis an ionad vótála toisc:
Is é an 25ú Samhain an dáta deirneach lena nglacfar le h'iarratais chun cead vóta poist a chaitheamh. Má tá cead faighte agat vóta poist a chaitheamh ní mór duit do vóta a chaitheamh ar an mbealach seo amháin agus níl cead agat vóta a chaitheamh ag ionad vótála.
Is féidir leat, freisin, a bheith ar liosta vótálaithe speisialta dóibh siúd atá in ospidéil, i dtithe altranais agus in institiúidí eile mar iad, chun cead a bheith agat do vóta a chaitheamh sna h'ionaid seo seachas ag ionaid vótála oifigiúla. Caithfidh do iarratas a bheith istigh agat roimh an 25ú Samhain chun a bheith ar an liosta seo agus ní mór duit teastas míochaine a chur leis an chéad iarratas.
Tá iarratas le dul ar an gClár Toghthóirí, Liosta na Vótálaithe Speisialta, Liosta na Vótálaithe Poist agus Ceartúchán an dréachtchláir thoghthóirí ar fail ó gach Comhairle Contae, Corparáidí, Oifigí an Phoist agus Leabharlanna Poiblí.
Ba cheart duitCeisteanna maidir le do cheart vótála, a chuir chuig Rannóg na Díolúine ag d’údarás áitiúil.
Tá foirmeacha iarratais éagsúla ann don vótáil, lena n-áirítear
Más amhlaidh gur athraigh tú seoladh ón toghchán deireanach agus más maith leat a bheith curtha ar an bhForlíonadh don gClár Toghthóirí, beidh ort foirm Athraithe Seolta a líonadh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.