Is Bunreacht na hÉireann í an cháipéis bunata dlí í a dhéanann cur síos ar an mbealach inar cheart Éire a rialú. Cuireann an Bunreacht brainsí an rialtais ar bun, cuireann sé na cúirteanna ar bun, agus leagann sé síos an bealach inar ceart iad a eagrú. Tá feidhm thábhachtach eile ag an mBunreacht; déanann sé cur síos ar na bunchearta atá ag gach saoránach Éireannach.
Tithe an Oireachtais a thugtar ar an Dáil agus ar an Seanad le chéile. Déanann an Dáil an Rialtas a roghnú agus tá sé freagrach don Dáil. Ní mór ar a laghad 7 Aire (Baill den Rialtas) agus ar a mhéid 15 a bheith ann, go hiondúil bíonn 15 Aire ann. Ní mór don Taoiseach, don Tánaiste agus don Aire Airgeadais a bheith ina dTeachtaí Dála. Is féidir 2 bhall den Seanad a roghnú ina nAirí ach ní tharlaíonn seo ach go fíor annamh. Faoi láthair tá 20 ina nAirí Stáit. Moladh an méid seo go dtí 15 a laghdú.
Tá sé mar phríomhfheidhmeanna ag an Rialtas reachtaíocht a mholadh, an ciste poiblí a riaradh agus na Ranna Rialtais a riaradh.
Tá an Rialtas freagrach don Dáil. Níl sé freagrach don Seanad. Ach, tá sé de cheart ag Airí freastal ar an Seanad agus go hiondúil bíonn an tAire nó an tAire Stáit chuí i láthair sa Seanad nuair atá plé dhá dhéanamh ann ar cheisteanna a bhaineann lena c(h)uid cúraimí féin.
Is tré choistí a dhéantar cuid mhór den obair sa Dáil agus sa Seanad anois. Is féidir leis an dá theach coistí a bhunú ar mhaithe le ceisteanna ar leith a phlé. Tá sé de chumhacht ag Coistí Roghnaithe fianaise béil agus scríofa a thógáil agus cáipéisí a éileamh. Tá cumhachtaí na gCoistí leagtha síos san Acht um Choistí Tithe an Oireachtais, 1997 (Iallach a chur ar dhaoine, Pribhléidí agus Díolúine Finnéithe). Comhchoistí iad Roghchoistí ón dá theach a shuíonn agus a chaitheann vótaí le chéile. Níl na cumhachtaí céanna ag Coistí Speisialta agus atá ag Roghchoistí.
Is féidir le hAirí a bheith ina mbaill Choistí ex officio. Casann Airí leis na Coistí ag céim choiste na mBillí agus nuair atá an Coiste ag plé ceisteanna a thiteann faoi chúram an Aire nó nuair atá plé dhá dhéanamh ar Meastacháin i Roinn an Aire. Is féidir le Teachtaí Éireannacha ó Pharlaimint na hEorpa (agus le Teachtaí ó Thuaisceart na hÉireann i bParlaimint na hEorpa) agus le baill na hÉireann chuig an gComhthionól Parlaiminte de Chomhairle na hEorpa freastal ar agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhchoiste Gnóthaí Eachtracha agus den Chomhchoiste Gnóthaí Eorpacha ach níl aon chead vótála acu.
Go ginearálta bíonn Coistí ag plé le Meastacháin Chaiteachais, Céim Choiste na mBillí a bhaineann lena dtéarmaí tagartha agus tuairiscí a bhaineann leo sin. Go minic tugann Coistí cuireadh d'eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail agus/nó saineolaithe aighneachtaí a chur ós a gcomhair ar cheisteanna éagsúla agus go minic déanann na heagraíochtaí sin iarratas na haighneachtaí seo a chur faoi bhráid na gCoistí.
Gach bliain déanann an Rialtas meastacháin ar Ioncam agus Caiteachas an Stáit. Costais mheasta reatha atá anseo a bhaineann le gach Roinn agus Oifig Stáit. Déantar na meastacháin a fhoilsiú roimh an gCáinaisnéis bhliantúil. Déanann an Dáil agus na Coistí cuí na Meastacháin a phlé go mion. Glacann an Dáil leis na Meastacháin agus tugann an tAcht Leithreasaithe stádas reachtúil dóibh. Tagann an Cháinaisnéis ina dlí láthaireach tríd na rúin airgeadais a ritheann an Dáil ar an trathnóna a dhéantar óráid na Cáinaisnéise. Ní mór an tAcht Airgeadais a rith taobh istigh de cheithre mhí ón gCáinaisnéis.
Faoi láthair, déantar cáinaisnéis ar bhonn bliantúil. Tá scrúdú dhá dhéanamh faoi láthair ar mholtaí le cáinaisnéis a dhéanamh ar feadh tréimhsí níos faide blianta.
Tá oifigeach cuntasaíochta ag gach Roinn agus Oifig (Ard Rúnaí na Roinne nó ceannaire na n-oifigí eile) atá freagrach don Aire agus do Choiste Cistí Poiblí na Dála.
Ceaptar an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoin mBunreacht le ceannasaíocht a ghlacadh thar cheann an Stáit ar chaiteachas uilig agus iniúchadh a dhéanamh ar gach chuntas airgid atá dhá riaradh ag nó faoi údarás an Oireachtais. Tá na dualgais atá ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste leagtha síos i reachtaíocht.
Is é an Rialtas go hiondúil a mholann dlíthe nua. Cuireann Aire "Bille" ós comhair na Dála nó an tSeanaid le plé agus cinneadh a dhéanamh air. "Bille" a thugtar ar reachtaíocht mholta - nuair atá glactha leis agus é sínithe ag an Uachtarán tugtar "Acht" air. Anois is arís cuireann TD nó Seanadóir Bille Teachta Príobháidigh ós comhair an Tí. Ní minic go n-éiríonn le Bille mar seo dul níos faide ná an chéad chéim – ar chúinsí polaitiúla seachas dleathúla. Ach, le cúpla bliain anuas tháinig reachtaíocht tábhachtach i bhfeidhm de bharr Bille Teachta Príobháidigh - An tAcht um Scaradh Dleathúil agus Leasú Dlí Teaghlaigh 1989 mar shampla cáiliúil. Tá an modh oibre chéanna i bhfeidhm is cuma an moladh ón Rialtas nó ó Theachta eile atá i gceist. Tá téacs í uile reachtaíochta Éireannach ó bhunú an Stáit go 2008 ar fáil ar líne.
Go hiondúil déanann Aire Bille a chur ós comhair na Dála. Anois agus arís tosaíonn an próiséas sa Seanad ach aon bhillí a bhaineann le cáin nó ceisteanna den tsórt sin ní mór tús a chur leo sa Dáil. Ní mór chuile Bhille a chur tríd "céimeanna" nó "léamha" faoi leith. Is féidir leis titim ag aon cheann de na céimeanna sin, má tharlaíonn sin sa Dáil, tagann deireadh leis an bpróiséas ansin. Ní féidir leis an Seanad ach bacanna a chur ós comhair Bille. Go ginearálta, ní minic go dteipeann ar Bhillí Rialtais.
An chéad chéim nó léamh níl i gceist ach teideal an bhille a chur ós comhair na Dála (nó ós comhair an tSeanaid). Níl ansin ach deis a thabhairt an Bille a chur i gcló. Cuirtear an Bille ansin ar fáil do na Teachtaí Dála ar fad (nó Seanadóirí) agus bíonn an dara léamh ann. Ag an bpointe seo déanann an tAire atá ag moladh an Bhille cur síos ar a bhfuil i gceist. Déanann cuid den Fhreasúra a dtuairimí faoin mbille a thabhairt agus bíonn plé ginearálta ar an mBille. Céim an Choiste an chéad chéim eile. Déantar mionscrúdú ar an mBille ag an bpointe seo agus is féidir leis an Rialtas nó leis an bhFreasúra leasuithe a mholadh. Baill roghnaithe den Dáil nó an Dáil ar fad a dhéanann suas an "Coiste". (Tá mionchur síos ar Choistí thíos). An cheathrú chéim - tugtar an chéim tuairisce go minic ar seo - plé ginearálta a bhíonn ann agus arís is féidir leasuithe a mholadh agus vóta a chaitheamh orthu. Ansin sa chéad chéim eile seoltar an Bille chuig an Teach eile (an Seanad go hiondúil) áit ina bhfuil próiseas simplí le comhlíonadh.
Níl sé de chumhacht ag an Seanad Bille a bhaineann le hairgead a leasú nó a chaitheamh amach. Is féidir leis leasú a dhéanamh nó moill a chur ar Bhillí eile.
Nuair atá Bille glactha ag an Dáil agus ag an Seanad cuirtear chuig an Uachtarán é le síniú. Acht a thugtar ansin ar an mBille. Tagann sé i bhfeidhm díreach tar éis don Uachtarán síniú a chur leis ach amháin sa chás go bhfuil clásál nó clásáil faoi leith luaite ann a dheireann cén uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Mar shampla, bíonn sé luaite i gcuid de na hAchtanna go dtiocfaidh siad i bhfeidhm taobh istigh de mhí ó dáta an sínithe. Is féidir le rannóga difriúla den Acht teacht i bhfeidhm ag amanna difriúla. Anois agus arís is féidir moill mhór a bheith ar chuid den Acht a theacht i bhfeidhm.
Reachtaíocht i bhfoirm níos lú ná Acht í foreachtaíocht. Ionstraim Reachtúil a thugtar ar an bhforeachtaíocht is coitianta. Ní mór go mbeadh cumhacht faoi leith leagtha síos in Acht le go mbeadh feidhm ag Ionstraim Reachtúil. Go hiondúil tugann Acht údarás d'Aire Rialacha a bhaineann le sonraí a dhéanamh. Bíonn an dlí ginearálta leagtha síos san Acht féin. Ní féidir leis an Ionstraim Reachtúil ar aon bhealach imeacht ón rud atá leagtha síos san Acht - má dhéantar sin tugtar ultra vires air. Ciallaíonn sin "taobh amuigh den chumhacht" - i.e. níl sé de chumhacht ag an Aire an rud a bhí i gceist aige/aici a dhéanamh.
Tá go leor Ionstraimí Reachtúla ag baint le ceisteanna leasa shóisialaigh - is dóigh go mbaineann an chuid is mó acu leis an gceist sin. Tá na príomh phrionsabail leagtha síos sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus tá na riachtanais sonracha leagtha síos sna hIonstraimí Reachtúla.
Ní gá go hiondúil don Oireachtas Ionstraimí Reachtúla a cheadú. Cuirtear an IR ós comhair na Dála. Tagann sé i bhfeidhm ansin. Is féidir deireadh a chur leis taobh istigh de 21 lá - i ngníomh, ní dhéantar é sin ach go fíor annamh. (In amanna bíonn sé leagtha síos san Acht gur ceart na hIonstraimí Reachtúla a chur ós comhair na Dála roimh theacht i bhfeidhm dóibh).
Taobh amuigh de na hAirí, is féidir le húdaráis eile faoi leith, go mór mór údaráis rialaithe, foreachtaíocht a dhéanamh. I measc na n-údarás a bhfuil na cumhachtaí sin acu tá Stiúrthóir Rialacha Teileachumarsáide, an Cumann Dlí Corpraithe agus Comhchoistí Oibreachais.
Tá feidhm na nAirí leagtha síos go sonrach sa Bhunreacht agus i reachtaíocht. Tá feidhm státseirbhísigh leagtha síos i reachtaíocht agus baineann cinnithe riaracháin agus straitéisí bainistíochta leo sin freisin. Tá an phríomh reachtaíocht a bhaineann le ról na nAirí agus na Státseirbhíseach leagtha síos in Achtanna na nAirí agus na Rúnaithe, 1924-1995, Acht um Rialachán na Státseirbhíse, 1956 agus an reachtaíocht a bhaineann leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (féach thuas). Reachtaíocht nua thábhachtach é an tAcht um Bhainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Uimhir. 2) 1997, a tháinig i bhfeidhm i Meán Fómhair 1997.
Faoin mBunreacht, bíonn na Ranna stáit dhá riaradh ag baill an Rialtais (Airí) agus tá an tAire i gceannas na Roinne. Tá an tAire mar sin freagrach as an Roinn ach bíonn go leor dualgais agus feidhmeanna sa Roinn fágtha faoi chúram na státseirbhíseach.
Níl aon tábhacht faoi leith ag na dathanna ná ag na teidil! Seo a leanas an coincheap leis an bpróiseas a bhaineann le polasaithe a dhéanamh le páipéir uainí/bhána: Cáipéis le plé atá i bpáipéar uaine, scríofa go hiondúiíl ag státseirbhísigh, ina dhéantar cur síos ar cheist, roghanna éagsúla a mholadh agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na roghanna sin a leagann amach. Go ginearálta, iarrtar ar an bpobal tuairimí a chur ar fáil ar na roghanna atá molta. Nuair atá an próiseas sin curtha i gcrích déantar Páipéar Bán a chur le chéile – cuirtear polasaí an Rialtais maidir leis an gceist ar fáil anseo agus an modh oibre atá beartaithe ag an Rialtas. Déantar na moltaí sa Pháipéar Bán a chur i bhfeidhm ansin.
I dteoiric, tarlaíonn rudaí mar sin ach tá go leor bealaí éagsúla ann freisin. Anois agus arís titeann an próiseas amach mar sin ach ní bhaintear úsáid as na teidil Páipéir Uainí agus Bhána; tugtar cáipéisí le plé nó ainm den chineál sin orthu. Amanna foilsítear Páipéar Bán gan aon Pháipéar Uaine a bheith foilsithe roimhe. Amanna cuirtear an próiseas seo i bhfeidhm agus ní tharlaíonn tada tar éis don Pháipéar Bán a bheith foilsithe. Amanna déantar páipéir a fhoilsiú a bhfuil an éifeacht chéanna le Páipéar Bán acu ach tugtar cáipéisí stráitéise nó ainm den chinéal sin orthu. Baintear úsáid as modhanna oibre difriúla freisin anois agus arís le dul i gcomhairle leis an bpobal.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.