5 nó 6 bhliana go hiondúil atá sa chóras meánscolaíochta in Éirinn. Tosnaíonn páistí sa mheánscoil thart ar dhá bhliain déag d'aois agus críochnaíonn siad ag 17 nó 18, tar éis dóibh dhá scrúdú stáit a dhéanamh sa tréimhse sin.
Más ag teacht go hÉirinn don chéad uair duit nó ag teacht ar ais go hÉirinn tar éis tréimhse thar lear d'fhéadfá a bhrath go bhfuil an córas oideachais Éireannaigh an-dírithe ar scrúduithe. Ach, tá go leor athruithe agus feabhasucháin déanta ar an gcóras oideachais le blianta anuas agus tá rogha ábhar i bhfad níos leithne ar fáil do na mic léinn ná mar a bhíodh cheana.
Baineann cuid de na scoileanna deis as an Idirbhliain le sos a thabhairt do na mic léinn ó na scrúduithe Stáit tar éis dóibh an chéad trí bhliain a chur i gcrích. Tugann seo seans don mhac léinn breathnú ar na hábhair eile neamh-acadúla, bíodh siad sóisialta, cruthaitheacha nó bainteach le saol an ghnó. Tugann sé deis dóibh breathnú timpeall orthu féin agus fáil níos aibí roimh dul ar aghaidh chuig an gclár sinsearach agus an scrúdú deireanach don Ardteistiméireacht.
Tá athrú tagtha freisin ar an gcóras scrúduithe. Tháinig an Teastas Sóisearach, atá níos solúbtha, in áit an scrúdaithe don Mheánteistiméireacht agus tá trí chlár don Ardteistiméireacht gur féidir leis na mic léinn a rogha ceann a phiocadh. Is féidir leo dul síos an bóthar traidisiúnta acadúil nó is féidir leo an Clár Gairimiúil don Ardteistiméireacht nó an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a roghnú. Cuireann an dá chlár sin béim ar chumas praiticiúil nó teicniúil an mhic léinn.
Tosnaíonn an bhliain scoile don dara leibhéal ón gcéad tseachtain i Meán Fómhair go dtí an chéad tseachtain sa Mheitheamh. Má tá do pháiste ag dul isteach i rang an Teastais Shóisearaigh nó i rang na hArdteistiméireachta ní chríochnóidh sé/sí go dtí deireadh an Mheithimh mar beidh na scrúduithe le déanamh ag an am sin.
Meánscoileanna, scoileanna gairmoideachais, scoileanna pobail agus cuimsitheacha agus scoileanna príobháideacha iad na scoileanna dara leibhéil. Bíonn formhór páistí na hÉireann ag freastal ar meánscoileanna a bhfuil úinéirí príobháideacha acu agus atá dhá bhainistiú agus rite ag oird rialta, ach is iondúil gur múinteoirí tuata iad an fhoireann. Níl aon táillí le n-íoc le formhór na meánscoileanna ach tá cuid mhaith scoileanna príobháideacha gur gá táillí a íoc leo freisin ann.
Níl aon táillí le n-íoc le gairmscoileanna ná le scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Cuireann na scoileanna seo oideachas acadúil agus teicniúil ar fáil agus go minic bíonn siad ag cur oideachais bhreise ar fáil do dhaoine atá ag fágáil na scoile agus do dhaoine fásta sa phobal áitiúil.
Tá roinnt bheag scoileanna idirnáisiúnta príobháideacha in Éirinn ina measc scoil Francach, scoil Seapánach agus scoil Ghearmánach.
Is féidir liosta scoileanna na hÉireann de réir condae a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Ba cheart duit an oiread eolais agus is féidir leat a fháil faoi na scoileanna a bhfuil spéis agat iontu. Is féidir difríochtaí móra a bheith idir scoileanna ina módhanna oibre agus sa bhéim a leagann siad ar scrúduithe, spóirt, ealaín, forbairt phearsanta, creideamh, gnóthaí sóisialta, teangacha na hEorpa, scileanna praiticiúla.
Labhair le múinteoirí agus más féidir le tuismitheoirí eile le breathnú an bhfuil an scoil le bheith feiliúnach do na riachtanais atá ag do pháiste.
Beidh liosta feithimh ag roinnt scoileanna. Beidh tús áite dhá thabhairt acu do pháiste a bhfuil gaol acu ag freastal ar an scoil nó a d'fhreastail uirthi. Bíonn roinnt scoileanna ag tabhairt tús áite do pháistí ó bhunscoileanna áirid agus ní mór duit an polasaí iontrála atá ag an scoil a fhiosrú agus d'fhéadfadh sé a bheith riachtanach go ndéanfaidh tú clárú do pháiste i do rogha scoil a phleanáil cuid mhaith roimh an am.
Má tá sé i gceist agat féin fanacht thar lear agus do pháiste a chur chuig scoil Éireannach mar mhac léinn ón iasacht, is féidir leat rogha a dhéanamh idir réimse scoileanna cónaithe nó do pháiste a chlárú mar mhac léinn lae le scoil a dhéanann socruithe maidir le lóistín baile agus caomhnú mar is cuí.
Más mian le do pháiste freastal ar ollscoil nó ar institiúid tríú leibhéil eile, is gá dó/dí dóthain pointí a fháil i scrúdú na hArdteistiméireachta. Tá pointí ar fáil don 6 ghrád is fearr a fhaigheann mac léinn agus na pointí is airde ar fáil don ghrád A1 i scrúdú ag an Ard leibhéal. Go hiondúil déanann na mic léinn staidéar ar 7 ábhar san Ardteistiméireachta.
Braitheann na pointí a theastaíonn don tríú leibhéal ar an ábhar staidéir a roghnaíonn an mac léinn. Má tá spéis ag mac léinn i gceann de na cúrsaí is mó a bhfuil spéis iontu beidh breis agus 500 pointe ag teastáil. 600 an t-uasmhéid pointí gur féidir a bhaint amach sa scrúdú.
Féach córas iarratais agus riachtanais iontrála chun tuilleadh eolais faoi oideachas tríú leibhéil a fháil.
Tá an oideachas sa meánscoileanna maoinithe ag an Stáit saor in aisce.
Bíonn an-difríocht idir na táillí a ghearann meánscoileanna príobháideacha. Ní mór an cás a phlé leis an scoil atá i gceist.
Pé scoil a roghnaíonn tú, beidh ort leabhair scoile a cheannach agus culaith éadaigh nuair is gá a cheannach freisin. Go hiondúil bíonn táille le n-íoc ar aon imeachtaí taobh amuigh den ghnáthchuraclam.
Cuir iarratas díreach chuig an scoil a bhfuil speis agat inti, go maith in am roimh tús na scoilbhliana ach fáigh cóip den pholasaí iontrála atá ag an scoil. Beidh liosta feithimh ag cuid acu agus má tá nasc le bunscoil faoi leith ag meánscoil, d'fhéadfadh sí tús áite a thabhairt do pháistí a thagann ón mbunscoil sin. Bíonn scrúdú iontrála ag roinnt scoileanna don pháiste agus beidh táille le n-íoc don scrúdú seo a dhéanamh.
Tá eagrais ann a dhéanann socruithe maidir le páiste a chur chuig meánscoil in Éirinn, seirbhís ar tháille í seo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.