Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Tús eolais ar chóras na hÉireann > Do chearta leasa shóisialta agus tú ag bogadh go hÉirinn

Print Page Send to a Friend

Do chearta leasa shóisialta agus tú ag bogadh go hÉirinn

Eolas

Má tá sé ar intinn agat teacht go hÉirinn chun cónaí, obair a fháil, staidéar a dhéanamh, dul ar phinsean agus araile, tá sé tábhachtach eolas a bheith agat faoin gcóras leasa shóisialta in Éirinn. Tharlódh go mbeadh difríochtaí suntasacha idir an córas in Éirinn agus an córas i do thír dhúchais, mar sin b'fhiú duit dul i dtaithí ar an gcóras roimh ré.

Rialacha an AE agus Comhaontú Leasa Shóisialta Déthaobhach

Má tháinig tú as tír atá clúdaithe ag Rialacha an AE nó as tír a bhfuil Comhaontú Leasa Shóisialta Déthaobhach ag Éirinn léi, bíonn cosaint ar do chearta pinsin ón tír eile nuair a bhogann tú go hÉirinn. B'fhéidir go mbeidh tú in ann do thaifead árachais Éireannaigh agus do thaifead ón tír eile a chur le chéile chun a bheith i dteideal pinsin nó sochar árachais shóisialaigh.

Iarratas a dhéanamh ar phinsin ón Ríocht Aontaithe nó tír LEE eile: má tá tú i do chónaí in Éirinn ach gan aon obair déanta in Éirinn agat, is féidir leat iarratas ar do phinsean ranníocach a sheoladh chuig an tír ina dhéan tú do chuid oibre, mar shampla an RA, nó iarratas a dhéanamh in Éirinn chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Ag aistriú sochar na Ríochta Aontaithe

Ma bhogann tú go hÉireann, leanfaidh roinnt Sochair na Ríochta Aontaithe (RA) ón Department of Work and Pensions (DWP) a bheith íoctha agat. Ba chóir duit dul i dteagmháil roimh ré leis an DWP International Pension Centre – féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ thíos - agus ceist a chur maidir le do shocair láithreacha RA taobh amuigh den RA a aistriú.

Cúnamh sóisialach

Muna bhfuil do dhóthain ranníocaíochtaí leasa shóisialta agat ó thír eile agus/nó Éirinn, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal íocaíochta atá bunaithe ar chúnamh a bhaineann le do chúinsí. Ní bhaineann íocaíochtaí atá bunaithe ar chúnamh le do thaifead árachais shóisialta. Ina ionad sin, scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí (atá freagrach as riaradh an chórais leasa shóisialta in Éirinn) d'fhoinsí ioncaim uilig. Má bhíonn d'ioncam níos lú ná méid áirithe, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal íocaíochta atá oiriúnach do do riachtanais. Tá riachtanais maidir le gnáthchónaí le híocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh a fháil in Éirinn.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Má bhíonn tú ag teacht as tír atá clúdaithe ag Rialacha an AE (is é sin tír de chuid an AE/LEE), ba cheart duit foirmeacha U1 (E301 roimhe seo) agus E104 a thabhairt leat. Tá na foirmeacha seo ar fáil ón ngníomhaireach leasa shóisialta chuí sa tír a bhfuil tú ag teacht aisti agus cuireann siad sonraí do thaifid árachais shóisialta ar fáil.

Nuair a thagann tú go hÉirinn, beidh Uimhir PSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí) ag teastáil uait. Is uimhir shainiúil aitheantais phearsanta í seo atá riachtanach chun iarratas a dhéanamh ar shochair stáit agus seirbhísí stáit in Éirinn. Tá tuilleadh eolais faoi íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh.

Ag déanamh iarratas ar phinsean RA nó ar phinsean LEE eile

Má tá tú i do chónaí in Éirinn ach gan aon obair déanta in Éirinn agat, is féidir leat iarratas ar do phinsean ranníocach a dhéanamh in Éirinn nó a sheoladh chuig an tír ina dhéan tú do chuid oibre agus a raibh árachas sóisialta íoctha agat

Má dhéanann tú iarratas in Éirinn caithfidh tú an fhoirm iarratais EU65 (pdf) a chomhlánú agus í a sheoladh le doiciméid ábhartha, mar shampla, teastais breith agus pósadh, chuig an Rannóg Phinsean Stáit Ranníocach na Ranna Coimirce Sóisialaí - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Seolfar d'iarratas chuig an International Pension Centre sa RA nó chuig an údarás LEE oiriúnach.

Má dhéanann tú iarratas ar do phinsean stáit RA chuig an RA agus níor sheoladh an fhoirm iarratais duit, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an International Pension Centre - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

International Pension Centre

Department for Work and Pensions
Tyneview Park
Newcastle Upon Tyne
NE98 1BA
United Kingdom

Teil:+44 191 218 7777
Facs:+44 191 218 7381
Láithreán Gréasáin: http://www.thepensionservice.gov.uk

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 June 2011

Ábhar Gaolmhar

  • Ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal
    Is féidir le comhcheangail do chuid íocaíochtaí arachais sóisialta a íocadh in Éirinn agus thar lear a chuidiú leat bheith incháilithe d'íocaíocht leasa sóisialta. Tuilleadh eolais a fháil.
  • Sula dtagann tú go hÉirinn
    Ní mór do dhaoine ar mian leo teacht go hÉirinn a bheith ar an eolas i dtaobh a dteidlíochta chun cónaí anseo agus céard is féidir leo a dhéanamh nuair a thiocfaidh siad anseo.
  • An Liúntas Breosla
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar an Scéim Náisiúnta Breosla, scéim a chuireann liúntas breosla ar fáil do líonta-tí ar ioncam íseal, nach bhfuil ábalta a riachtanais teasa a shásamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.