Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Tús eolais ar chóras na hÉireann > An córas polaitiúil ag leibhéal aitiúil

Print Page Send to a Friend

An córas polaitiúil ag leibhéal aitiúil

Eolas

Tá córas rialtas áitiúil in Éirinn. S'iad páirtithe an rialtais áitiúil ná na Comhairlí Contae, Comhairlí Chathrach, na Bardáis agus Comhairlí Ceantair Uirbeach.

Na hÚdaráis Aitiúla

Tá 29 Comhairle Contae agus 5 Údarás Chathrach ag leibhéal Contae/Cathrach. Soláthraíonn siad seo seirbhísí rialtais ar fud na tíre.

D'fhéadfadh líon áirithe ceantair Comhairle Bhuirge nó Bhaile a bheith laistigh de cheantar riarthach na Comhairle Contae. D'fhéadfadh an Chomhairle Chontae agus na Comhairlí éagsúla Buirge agus Baile feidhmeanna an údaráis áitiúil a chomhdhéanamh nó a dhéanamh as a stuaim féin.

Tá sé de dhualgas ar na hÚdaráis áitiúla ionadaíocht a dhéanamh ar shon pobail áitiúla agus déanamh cinnte de go nochtfar a gcuid tuairimí agus a gcuid riachtanais. Bíonn toghcháin áitiúla ar siúl agus bíonn ionadaithe tofa ar an Údarás. Tá an cumhacht ag na hionadaithe seo, vótáil ar son nó in aghaidh forbairtí go mbeidh tionchar acu ar an bpobal áitiúil.

Tá sé de dhualgas ar an Údarás áitiúil réimse leathan seirbhísí a sholáthar ina gceantar féin. Seo liosta de chuid do na seirbhísí a sholáthraíonn siad:

  • Tithíocht
  • Pleanáil
  • Bóithre
  • Soláthar Uisce agus Séarachas
  • Forbairt brostaithe agus ceannsaithe
  • Cosaint timpeallachta, aibhneacha, lochanna, aer agus torann san áireamh
  • Áiseanna caitheamh aimsire agus taitneamhacht áite

Féach an rannán ar an suíomh seo faoi rialtas áitiúil agus réigiúnach chun tuilleadh eolais a fháil (mar shampla, toghcháin áitiúla, riarachán rialtais áitiúil agus soláthair seirbhísí).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 June 2010

Ábhar Gaolmhar

  • Toghcháin Áitiúla
    Reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach 5 bhliain agus toghann baill den phobal áitiúil seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an phobail sna húdaráis áitiúla.
  • Rialtas Áitiúil
    Tá an soláthar maidir le rialtas áitiúil in Éirinn leagtha síos sa dlí. Conas a oibríonn an próiseas rialtais ar leibhéal áitiúil agus cad a bhíonn sé comhdhéanta.
  • Coistí údaráis áitiúil
    Tugann an Cháipéis seo cur síos ar fheidhmeanna coistí údaráis áitiúil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.