Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Tús eolais ar chóras na hÉireann > Cúram sláinte in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Cúram sláinte in Éirinn

Eolas

Cúram sláinte phoiblí do dhaoine a thagann go hÉirinn

Más saoránach den AE tú, de cheann de bhallstáit eile an LEE nó den Eilvéis, nó má tá gnáthchónaí ort in Éirinn, tá tú i dteideal an leibhéil chéanna cúram sláinte atá ar fáil do shaoránaigh Éireannacha. Ag brath ar d'ioncam, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal cárta leighis a chuireann an réimse iomlán seirbhísí leighis ar fáil duit saor in aisce.

Más saoránach neamh-LEE tú beidh tú ina theideal cuid de na seirbhísí a fháil in aisce agus beidh ort íoc as an gcuid eile.

Má tá tú ag teacht chun cónaí, oibriú, staidéir nó ar phinsean go hÉirinn is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le bheith i dteideal seirbhísí leighis phoiblí anseo. Más ar saoire atá tú in Éirinn nó ar chuairt ghairid (i.e. ar ghnó) is féidir tuilleadh eolais a fháil ar sheirbhísí leighis do chuairteoirí anseo.

Cúram sláinte phríobháideach do dhaoine a thagann go hÉirinn

Sa bhreis ar an gcóras sláinte phoiblí is féidir le daoine in Éirinn teacht ar réimse leathan seirbhísí leighis phríobháideacha. Má roghnaíonn tú cúram sláinte phríobháideach beidh ort íoc as an gcúram ina iomlán.

Tá líoon chomhlacht a chuireann árachas sláinte phríobháideach ar fáil in Éirinn - VHI, Laya Healthcare (Quinn-healthcare roimhe seo) agus Hibernian Aviva. Más saoránach den AE/LEE nó den Eilvéis thú nó má tá gnáthchónaí ort in Éirinn tá tú i dteideal na sochar céanna ó cheachtar den dá chomhlacht árachais sláinte phríobháideach seo agus a fhaigheann saoránach ar bith Éireannach eile.

Tá faoiseamh cánach ag an ngnáthráta (20%) ar fáil ar an táille a íocann tú ar árachas sláinte phríobháideach. Cuireann an comhlacht árachais an faoiseamh cánach ar fáil iad féin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 May 2012

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.