Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Tús eolais ar chóras na hÉireann > Soláthar Tithe in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Soláthar Tithe in Éirinn

Eolas

Tá aistriú ó thír go tír anróiteach go leor, gan a bheith ímníoch faoi eagrú lóistín, an lá a shroicheann tú an tír. Seo é an cás , go háirithe má's go Baile Átha Cliath atá tú ag teacht, áit go bhfuil an lóistín daor agus gann. Má's féidir leat an lóistín a shocrú roimh ré, fiú don chéad cúpla lá ní bheidh tú chomh buartha. Socraigh roimh ré fanacht le cáirde, nó cuir óstán nó brú in áirithe, le seans a thabhairt duit féin féachaint thart agus scéal an íostais san áit go bhfuil tú ag maireachtáil, a mheas.

Teach a cheannach

Caithfidh tú a bheith san airdeall ar chlaonadh praghas na dtithe sa tír seo, má tá tú ag smaoineamh teach a cheannach, an modh ceannacháin agus díolacháin títhe agus na costaisí tosaigh atá i gceist.

Lóistín atá ligthe ar cíos

Tá go leor cinéail lóistincíosa ann. Beidh tú ábalta roghnú ar thíthe, árasáin, páirtíocht tithíochta agus seomraí suite codlata, ag brath céard a shásaíonn do chuid riachtanaisí féin agus do chuid airigid. Caithfidh tú fios a bheith agat cé'n chaoi a bhfuil siad seo fógraithe agus ligthe, agus céard iad do chearta agus do fhreagracht mar thionónta.

Níl aon srianta ar cheannacht nó ligean ar cíos maidir le áitreabh cónaithe nó talamh neamthalamhaíochta.

Tithíocht shóisialta

Is iad na húdaráis áitiúla is mó a chuireann tithíocht shóisialta ar fáil do dhaoine a dteastaíonn tithe uathu ach nach bhfuil in acmhainn a gcuid tithe féin a cheannach. Caithfidh náisiúnaigh neamh-Éireannacha ceart dlíthiúil chun fanacht sa Stát a bheith acu chun cáiliú iarratas ar thithíocht shóisialta a dhéanamh. Tá rialacha sonraithe sa Chiorclán Tithíochta 47/2011 Rochtain ar thithíocht shóisialta do náisiúnaigh neamh-Éireannacha (pdf).

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Threshold

21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 February 2012

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.