Tá víosa iontrála bailí de dhíth ar dhaoine ó thíortha áirithe roimh theacht isteach sa Stát dóibh, bíodh sin bealach an aeir, na farraige nó an talaimh. Is greamaitheoir é víosa a chuirtear ar do phas nó do dhoiciméad taistil le léiriú go bhfuil tú údaraithe le teacht i dtír sa Stát ar an gcoinníoll go bhfuil aon choinníollacha iontrála eile a bheith comhlíonta. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tú faoi réir rialaithe inimirce ag pointe iontrála sa Stát fiú má tá víosa agat. B’fhéidir go mbeadh ort clárú leis na húdaráis inimirce chomh maith.
Tá víosa aistrithe de dhíth ar dhaoine ó líon beag tíortha chomh maith nuair a thagann siad go hÉirinn ar a mbealach chuig tír eile – féach thíos. Ní ligeann víosa aistrithe duit an port nó aerphort a fhágáil.
Tá sainmhíniú ar liosta na dtíortha nach bhfuil víosa de dhíth orthu le teacht isteach in Éirinn i Acht Inimirce 2004 (Víosaí) Ordú 2011 (I.R. Uimh. 146 de 2011).
Clár Tarscaoilte Víosa: Cuireann Clár nua Tarscaoilte Víosa saoire agus gearrchónaithe eile ar bun do 16 de na tíortha atá víosa de dhíth ar a náisiúnaigh chun teacht isteach in Éirinn. Ritheann an Clár píolótach seo ó 1 Iúil 2011 go 31 Meán Fómhair 2012 agus ceadaíonn sé náisiúnaigh de na tír, mar shampla an India, an tSín agus Cónaidhm na Rúise le víosa gearrchónaithe RA acu teacht in Éirinn gan gá víosa Éireannach ar leith.
Más saoránach thú d’aon cheann de na tíortha atá liostaithe anseo (lena n-áirítear ballstáit LEE), níl víosa de dhíth ort le teacht i dtír in Éirinn. Is iad baill an LEE ná 27 tír an Aontais Eorpaigh (AE), maraon leis an Íoslainn, an Iorua, agus Lichtinstéin.
| Andóra | Macau (Réigiún Speisialta Riaracháin) |
| Antigua agus Barbuda | an Mhaláiv |
| an Airgintín | an Mhalaeisia |
| an Astráil | na hOileáin Mhaildíve |
| an Ostair | Málta |
| na Bahámaí | Meicsiceo |
| Barbadós | Monacó |
| an Bheilg | Nauru |
| an Bheilís | an Ísiltír, |
| an Bholáiv | an Nua-Shéalainn |
| an Bhotsuáin | Nicearagua |
| an Bhrasaíl | an Iorua |
| Brúiné | Panama |
| an Bhulgáir | Paragua |
| Ceanada | an Phólainn |
| an tSíle | an Phortaingéil |
| Cósta Ríce | an Rómáin |
| an Chróit | San Críostóir agus Nibheas |
| an Chipir | San Lucia |
| Poblacht na Seice | San Uinseann agus na Granáidíní |
| an Danmhairg | |
| Dominíca | Samó |
| an tSalvadóir | San Mairíne |
| an Eastóin | na Séiséil |
| Fidsí | Singeapór |
| an Fhionlainn | Poblacht na Slóvaice |
| an Fhrainc | an tSlóibhéin, |
| an Ghearmáin | Oileáin Sholamóin |
| an Ghréig, | An Afraic Theas |
| Grenada | An Cóiré Theas |
| Guatamala | An Spáinn, |
| an Ghuáin | An tSuasalainn |
| Hondúras | An Eilvéis |
| Hong Cong (Réigiún Speisialta Riaracháin) | |
| an Ungáir | an Téaváin |
| an Íoslainn | Tonga |
| Iosrael | Oileán na Tríonóide agus Tobága |
| an Iodáil, | Tuvalu |
| an tSeapáin | an Ríocht Aontaithe agus coilíneachtaí |
| Kiribati | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
| an Laitvia | Uragua |
| Leosóta | Vanuatú |
| Lichtinstéin | Cathair na Vatacáine |
| an Liotuáin | Veiniséala |
| Lucsamburg |
Mura saoránach de cheann de na tíortha liostaithe thuas, beidh víosa de dhíth ort nuair a thaistealaíonn tú go hÉirinn. Féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos le níos mó faisnéise a fháil.
Má tá tú ag teacht go hÉirinn ó thír eile de chuid an AE mar chleithiúnach saoránaigh de chuid an AE, agus ní saoránach thú den LEE nó de cheann de na tíortha liostaithe thuas, beidh víosa de dhíth ort nuair a thaistealaíonn tú go hÉirinn don chéad uair. Má tá plean agat fanacht níos faide ná 3 mhí, ba cheart duit clarú leis na húdaráis inimirce agus iarratas a chur isteach ar chárta cónaithe. Má fhaigheann tú cárta cónaithe, beidh víosa athiontrála de dhíth ort le taisteal go hÉirinn san am atá le teacht.
Níl víosa de dhíth ort le teacht i dtír in Éirinn más amhlaidh:
Más saoránach thú de cheann de na tíortha seo a leanas, beidh víosa bailí aistrithe Éireannaigh de dhíth ort agus tú ag teacht i dtír sa Stát:
| an Afganastáin | an Liobáin |
| an Albáin | an Mholdóiv |
| Cúba | Montainéagró |
| Poblacht Dhaonlathach an Chongó | an Nigéir |
| an Eiritré | an tSeirb |
| an Aetóip | an tSomáil |
| Gána | Srí Lanca |
| an Iaráin | an tSiombáib |
| an Iaráic |
Níl an chéad víosa a eisíodh duit bailí ach d'aon iontráil amháin isteach sa Stát. Más mian leat an Stát a fhágáil ar feadh tréimhse ghearr caithfidh tú cur isteach ar víosa athiontrála. Baineann sé seo freisin leis an taisteal go Tuaisceart Éireann; beidh gá agat le víosa athiontrála le teacht ar ais sa Stát. Le go bhféadfaidh tú víosa athiontrála a fháil ní mór duit a bheith cláraithe le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI).
Má chuireann tú isteach ar víosa aon turais, ní bheidh sé seo bailí ach d'aon iontráil amháin isteach sa Stát faoi cheann 90 lá ón dáta eisithe. Má chuireann tú isteach ar víosa ilturais beidh sé bailí ón dáta ar eisíodh é go dtí an dáta éaga ar do chárta BNGSI nó go dáta éaga do phas, cibé ceann is luaithe. Cuirfidh sé seo ar do chumas teacht is imeacht ón Stát chomh minic agus is maith leat le linn do do víosa a bheith bailí.
Tá níos mó faisnéise ar fáil faoi cineálacha víosaí chomh maith le ceadanna fostaíochta, víosaí turasóireachta, víosaí gnó and víosaí mac léinn. Tá mionfaisnéis faoi na nósanna imeachta iarrtais ar shuíomh na Seirbhíse Eadóírsithe agus Inimirce. Moltar duit comhairle a fháil ón suíomh gréasáin seo sula ndéanann tú iarratas ar do víosa, le bheith cinnte go bhfuil an fhaisnéis is nuashonraithe agat. Tá liosta ceisteanna coitianta faoi víosaí ann freisin.
| Víosa aonturais | €60 |
| Víosa ilturais | €100 |
| Víosa aistrithe | €25 |
B’fhéidir go mbeadh táillí cumarsáide ann i roinnt cásanna. Tá faisnéis faoi na táillí seo, agus faoin táille san airgead áitiúil s’agatsa, ar fáil ó d’Ambasáid nó Consalacht Éireannach áitiúil.
Ní bheidh ar iarratasóirí áirithe táille a íoc. Cuimsíonn sé seo céilí a bhfuil víosa de dhíth orthu agus baill teaghlaigh áirithe de chuid saoránaigh LEE (lena n-áirítear saoránaigh Éireannacha) ar an gcoinníoll go gcuirtear cruthúnas den ghaol ar fáil leis an iarratas. Lena chois sin, níl riachtanas ar iarratasóirí ó thíortha áirithe táille a íoc. Ós rud é go n-athraíonn sé seo ó am go ham, ba cheart duit seiceáil le hAmbasáid áitiúil nó le Consalacht áitiúil na hÉireann, nó le hOifig na Víosaí – féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'
Caithfidh tú cur isteach ar an víosa ar líne mura bhfuil tú i do chónaí in Éirinn agus ag déanamh iarratais ar víosa athiontrála - féach thíos. Tá faisnéis le fáil faoi mar is féidir iarratas ar-líne a chomhlánú i mBéarla (pdf) agus in Araibis (pdf), i Sínis (pdf), i Rúisis (pdf), i bhFraincis (pdf), i dTuircis (pdf) agus in Urdais (pdf).
Ba cheart duit an t-iarratas a dhéanamh 8 seachtain ar a laghad roimh an dáta a bhfuil rún agat teacht go hÉirinn. Tá mionsonraí faoi na doiciméid a theastóidh agus faoi na riachtanais maidir le grianghraif ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).
Achomhairc: Má tá d'iarratas diúltaithe is féidir achomharc a dhéanamh chuig an oifeagach achomharc sa Rannán Víosaí - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas thíos.'
Sonraí bithmhéadracha: Tosaíonn Rialtas na hÉireann sonraí bithmhéadracha ó iarratasóirí víosa áirithe a bhailiú. Ó Márta 2010 ní mór do gach iarratasóir víosa atá os cionn aois 6 agus ina chónaí sa Nigéir, méarloirg a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi shonraí bithmhéadracha ar fáil sa liosta ceisteanna coitianta ar an suíomh gréasáin SEIÉ.
Sula ndéanfaidh tú socrú taistil ar bith, ní mór duit iarratas a dhéanamh le hOifig Víosaí SEIÉ ag baint úsáide duit as an bhfoirm iarratais ar víosa athiontrála (pdf).
Ambasáidí agus consalachtaí na hÉireann
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
R-phost: visamail@justice.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.