Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Teacht a chónaí in Éirinn > Ag dul ar scor in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Ag dul ar scor in Éirinn

Eolas

Má tá tú ag smaoineamh ar theacht go hÉirinn i ndiaidh duit dul ar scor, beidh ort a fháil amach faoi na praiticiúlachtaí a bhaineann le aistriú go hÉirinn ó thír eile. Tugann an fhaisnéis seo a leanas cur síos duit ar na deacrachtaí éagsúla a d’fhéadfaí a bheith ann agus tú ag tosú ar d’aistriú a phleanáil. B’fhéidir go mbeadh an t-osamharc seo úsáideach mar go gcuireann sé béim ar chuid de na saincheisteanna is tábhachtaí ar a gcaithfear machnamh a dhéanamh agus a sheiceáil agus b’fhéidir go gcuideodh sé leat aistriú gan fadhbanna ó thír thar lear chuig an tír seo.

Cearta cónaithe

Níl an ceart ag gach aon duine teacht chun cónaí in Éirinn. Braitheann an ceart atá agat chun cónaí anseo ar do náisiúntacht agus ar d’imthosca ar leith.

  • Saoránaigh LEE agus na hEilvéise: Tá ceart uathoibríoch ag saoránaigh Éireannacha atá ag filleadh ar Éirinn a bheith ina gcónaí anseo. Tá ceart ag saoránaigh LEE agus na hEilvéise a bheith ina gcónaí in Éirinn agus tá cead ag baill a dteaghlaigh a bheith ina gcónaí anseo. Tá teorainneacha leis an gceart seo, áfach. Is féidir le saoránaigh LEE agus na hEilvéise agus a dteaghlaigh fanacht in Éirinn suas le trí mhí gan teorainn. Má tá tú ar scor agus má tá tú ag beartú fanacht níos mó ná trí mhí, caithfidh go leor acmhainní a bheith agat (agus árachas sláinte) lena chinntiú nach mbeidh tú i d’ualach ar an Stát, nó caithfidh tú a bheith fostaithe nó féinfhostaithe. Léigh tuilleadh sonraí faoi chearta cónaithe shaoránaigh an EU/EEA. (Is é atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE nó EEA i mBéarla) ná ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE nó EU), an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua).
  • Saoránaigh neamh-LEE: Caithfidh saoránaigh ó roinnt tíortha neamh-LEE iarratas a chur isteach ar víosa iontrála sula dtaistealaíonn siad go hÉirinn. Is féidir leat a fháil amach má bhíonn víosa le teacht isteach in Éirinn. de dhíth ort. I ndiaidh duit Éire a bhaint amach, más amhlaidh nach saoránach LEE nó saoránach Eilvéiseach thú, caithfidh tú cead fanachta a bheith agat más mian leat fanacht níos mó ná 3 mhí. Má tá tú ag dul ar scor le bheith i do chónaí in Éirinn, caithfidh tú a bheith ábalta a chruthú go bhfuil go leor acmhainní agat le tú féin a chothabháil agus caithfidh tú cead a fháil le fanacht trí clárú le d’oifigeach cláraithe inimirce áitiúil i ndiaidh duit Éire a bhaint amach.

Tithíocht

B’fhéidir go gceapfá go bhfuil tithíochta an-chostasach in Éirinn, is cuma cé acu an bhfuil tú ag smaoineamh ar theach a fháil ar cíos nó ar theach a cheannach. Más maith leat teach a cheannach in Éirinn caithfidh tú a bheith feasach ar threochtaí praghais sa tír seo, an próiseas trína gceannaítear agus a ndíoltar tithe agus na bunchostais lena mbaineann sé. Níl aon teorainneacha ar réadmhaoin chónaitheach nó talamh a cheannach nó a fháil ar cíos. Tá a lán cineálacha cóiríochta ar cíos ann, lena n-áirítear tithe, árasáin agus leithleanna. Beidh ort a bheith ar an eolas faoi cíosanna agus tionóntachtaí.

Más eisimirceoir níos sine thú, a rugadh in Éirinn agus atá i do chónaí i gcóiríocht ar cíos, agus má tá tú ag smaoineamh ar fhilleadh go hÉirinn tá scéim ann darb ainm Clár um Shábháilteacht sa Bhaile.

Seirbhísí sláinte

Má bhíonn tú i do chónaí in Éirinn de ghnáth, tá tú i dteideal réimse seirbhísí sláinte atá saor ó chostas nó atá fordheonaithe ag Rialtas na hÉireann. Má tá tú ag beartú dul ar scor in Éirinn ba cheart duit fáil amach faoi teidlíocht do sheirbhísí sláinte poiblí. Ag brath ar d’ioncam, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe do cárta leighis lena bhfuil tú i dteideal seibhísí áirithe sláinte gan chostas. Le Cártaí Cuartaíochta Gnáthdhochtúra tá tú i dteideal cuairteanna gnáthdhochtúra saor in aisce. Beidh ort eolas a bheith agat ar an dóigh a n-eagraítear seirbhísí sláinte poiblí in Éirinn.

Le cois an chórais sláinte phoiblí, is féidir le daoine in Éirinn réimse seirbhísí príobháideacha cúraim shláinte a úsáid. Caithfidh tú costais iomlána na cóireála a íoc má roghnaíonn tú cúram sláinte príobháideach. Tá roinnt cuideachtaí árachas sláinte príobháideach in Éirinn. Má tá tú i do chónaí de ghnáth in Éirinn, tá tú i dteideal na leasa céanna a fháil ó d’árachas príobháideach cúraim shláinte le haon saoránach Éireannach eile. Bíonn faoiseamh cánach ar do phréimh don árachas príobháideach sláinte ag an ráta caighdeánach (20%).

Teidlíochtaí Slándála Sóisialaí

Má tá tú ag smaoineamh ar theacht anseo ar scor, tá sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas faoin córas slándála sóisialaí in Éirinn. B’fhéidir go mbeadh difríochtaí suntasacha idir an córas anseo agus i do thír bhaile, agus mar sin b’fhiú duit eolas a fháil faoi aon difríochtaí roimh ré. Caithfidh tú níos mó a fháil amach faoi aistriú go hÉirinn agus do theidlíochtaí slándála sóisialaí. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhfuil riachtanais chónaithe le bheith incháilithe d’íocaíochtaí slándála shóisialaigh in Éirinn ann.

Pinsin

Is féidir an chuid is mó de na pinsin ranníocaíocha cosúil le pinsin seanaoise nó pinsin bhaintreachta a íoc in aon tír agus mar sin is féidir leat do phinsin ó thír eile a fháil íoctha in Éirinn. Tá faisnéis ar fáil faoi pinsin in Éirinn. Má bhí tú ag obair i níos mó ná aon tír AE/LEE nó i dtír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éire léi is féidir le do thréimhsí árachais a bheith curtha le chéile le hárachas Éireannach lena fheiceáil an mbeifeá i dteideal pinsean a fháil ó gach tír. Má tá tú ag fáil pinsin faoi rialacháin AE nó faoi Chomhaontú Déthaobhach b’fhéidir go mbeifeá incháilithe do shochair bhreise an Pacáiste Sochar Teaghlaigh.

Cánachas

Má tá tú ag aistriú go hÉirinn caithfidh tú a bheith ar an eolas faoi cónaí chun críocha cánach. Is féidir leat a fháil amach faoi creidmheasanna agus faoisimh cánach ioncaim agus conas a ghearrtar cáin ar phinsin. Tá roinnt socruithe speisialta cánach do dhaoine atá 65 bliana d’aois nó níos móagus tá faoiseamh cánach ar fáil do roinnt de chostais mhíochaine lena n-áirítear costais tithe altrachta.

Ag obair agus tú ar scor

B’fhéidir go mbeadh roinnt daoine ann atá ar scor agus nár scoir ach ó aon phost amháin. Mar gheall air sin, b’fhéidir go bhféachfá ar an scor mar athrú poist in áit tarraingt siar ar fad ón mhargadh saothair. B’fhéidir nach mbeadh i ndul ar scor ón obair, mar sin, ach athrú ar shlí bheatha. Níl cead uathoibríoch ag gach duine a bheith ag obair in Éirinn – mar sin, déan seic roimh réidh an mbeidh cead de dhíth ort le bheith ag obair in Éirinn.

Níl uasteorainn aoise ag baint leis an gcuid is mó den reachtaíocht a bhaineann le cosaint fostaithe in Éirinn. Ciallaíonn sé seo, má tá tú ag obair agus tú ar scor, ansin tá na cearta fostaíochta céanna agat agus atá ag aon duine eile. Má shocraíonn tú a bheith ag obair go páirtaimseartha, is féidir leat a fháil amach faoi cearta fostaíochta d’oibrithe páirtaimseartha.

Tiomáint, carranna agus iompar

Aithnítear ceadúnais iomlána tiomána ó gach ballstát eile den AE (agus ó roinnt tíortha eile) le húsáid in Éirinn. Ba chóir duit a fháil amach an féidir leat do cheadúnas a aistriú chuig ceadúnas Éireannach ag do cheadúnas tiomána a aistriú chuig ceann Éireannach. Más mian leat do charr a thabhairt go hÉirinn beidh ort a bheith ar an eolas faoi carr a thabhairt isteach sa tír agus na himpleachtaí don Cháin Chláraithe Feithicle (VRT). Má tá tú os cionn 66 agus i do chónaí go buan in Éirinn tá tú i dteideal taisteal saor in aisce ar iompar poiblí bus agus iarnróid.

Saincheisteanna eile do dhaoine atá ag aistriú go hÉirinn

Tá rialacháin dochta ann maidir le peataí a onnmhairiú ó áit thar lear go hÉirinn, agus mar sin de beidh ort a fháil amach faoi na nósanna imeachta chun do pheata a thabhairt go hÉirinn.

rialacháin chustaim faoi onnmhairiú earraí srianta nó coiscthe agus tá cumhacht ag oifigigh Chustaim agus Mháil cuardaigh a dhéanamh ar bhagáiste daoine atá ag taisteal go hÉirinn.

Tá ceart vótála ag saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí in Éirinn i ngach toghchán agus reifreann. Má tá tú i do chónaí in Éirinn ach ní saoránach Éireannach thú, is féidir leat vótáil i dtoghcháin áirithe. Is féidir leat a fháil amach faoi do cheart vótála agus Clár na dToghthóirí. B’fhéidir gur spéis leat a fhoghlaim faoin an Córas Rialtais Náisiúnta agus an Córas Polaitiúil ag leibheal aitiúil.

Is coincheap é scor gníomhach atá ag éirí níos coitianta in Éirinn agus tá réimse eagraíochtaí anseo a chuireann oideachas agus gníomhaíochtaí fóillíochta do dhaoine ar scor chinn, lena n-áirítear roinnt iar-oibrithe Lúfara.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sula dtagann tú go hÉirinn
    Ní mór do dhaoine ar mian leo teacht go hÉirinn a bheith ar an eolas i dtaobh a dteidlíochta chun cónaí anseo agus céard is féidir leo a dhéanamh nuair a thiocfaidh siad anseo.
  • Saoránaigh Éireannacha ag teacht nó ag filleadh go hÉirinn
    Faisnéis do shaoránaigh Éireannacha nár chónaigh in Éirinn riamh agus do dhaoine Éireannacha atá ag filleadh ar Éirinn i ndiaidh duit a bheith i do chónaí thar lear.
  • Ag teacht ón AE/LEE chun oibriú
    Cur síos ar cheart na náisiúnach AE agus na náisiúnach neamh-AE chun oibriú in Éirinn agus áirítear a gcearta fhostaíochta. Ina theannta sin leagtar amach agus áirítear teidlíochtaí saoránach Éireannaigh a thagann ar ais in Éirinn, go háirithe na daoine dífhostaithe.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.