Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Teacht go hÉirinn > Teacht a chónaí in Éirinn > Cead isteach go hÉirinn

Print Page Send to a Friend

Cead isteach go hÉirinn

Réamhrá

Tá cead isteach go hÉirinn ag saoránaigh Éireannacha. Más náisiúnach thú den Aontas Eorpach (AE), nó de cheann de na tíortha LEE eile (An Íoslainn, Lichtinstéin agus An Ioruaidh) nó den Eilvéis, ní fhéadfaí cead isteach a dhiúltú duit ach i gcúinsí an-teoranta amháin. Tá cead isteach ag teastáil ó náisiúnaigh ó thíortha eile. Baineann na rialacha céanna le cead isteach cé acu go mbíonn ort, nó nach mbíonn ort víosa a bheith agat chun teach go hÉirinn.

Réamheolas Paisinéara

Bhí an Treoir 2004/82/EC ón gComhairle 29 Aibreán 2004 trasuite ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cumarsáid Sonraí Paisinéara) 2011 an 27 Deireadh Fómhair 2011. Iarrann na Rialacháin ar aerlínte Réamheolas Paisinéara (RP) a sholáthar. Tiocfaidh an beart nua seo atá dírithe ar rialú teorann a fheabhsú agus inimirce mhídhleathach a chomhrac, isteach roimh dheireadh 2011 agus bainfidh sé le gach eitilt isteach go hÉirinn ó lasmuigh den AE.

Rialacha

Náisiúnaigh den AE/LEE agus Náisiúnaigh na hEilvéise

Más náisiúnach thú den AE/LEE nó den Eilvéis, ní fhéadfaí cead isteach go hÉirinn a dhiúltú duit ach amháin:

  • Má bhíonn galar sonrach ag cur ort nó míchumas nó
  • Má iompraíonn tú tú féin i slí nach mbeadh ar aon dul le polasaí poiblí nó a chuirfeadh sábháilteacht phoiblí i mbaol

Ní mór duit clárú leis na húdaráis inimirce mar tá cearta sonracha ag náisiúnaigh den LEE agus den Eilvéis cónaí in Éirinn agus fostaíocht a fháil sa tír seo

Náisiúnaigh ó thíortha eile

Más náisiúnach thú ó aon tír eile, caithfidh tú cead isteach a fháil nuair a thagann tú go hÉirinn. Is féidir leis an oifigeach inimirce cead a dhiúltú duit ar cheann ar bith de mhéid áirithe cúiseanna. Mar shampla, féadfar cead isteach a dhiúltú duit má cheapann an t-oifigeach inimirce:

  • Nach féidir leat déanamh duit féin agus d'aon cleithiúnaithe a thagann isteach leat
  • Go bhfuil sé ar intinn agat fostaíocht a fháil agus nach bhfuil ceadúnas agat
  • Go bhfuil riochtaí sonracha áirithe ag cur ort, ag cur san áireamh Eitinn, galair tógálacha eile, andúil i ndruga agus mórshuaitheadh intinne (sainmhínítear é seo mar “riochtaí soiléire le suaitheadh síocóiseach le buaireamh, le rámhaille, le siabhránachtaí nó le mearbhall”)
  • Gur cuireadh coir i do leith agus gur cuireadh pionós ort bliain amháin nó níos mó a chaitheamh sa phríosún
  • Go bhfuil dualgas ort víosa a bheith agat agus nach bhfuil ceann agat
  • Go bhfuil ordú díbheartha faighte agat, ordú ionnarbtha nó ordú eile cosúil leo
  • Nach bhfuil pas bailí agat
  • Go bhfuil sé ar intinn agat taisteal go Sasana nó go dtí Tuaisceart na hÉireann agus nach bhfuil cead isteach agat ann
  • Go gcuirfí sábháilteacht náisiúnta i mbaol nó nach mbeadh sé ar aon dul le polasaí phoiblí é dá dtiocfá go hÉirinn agus dá bhfanfá anseo.

Mura dtugtar cead isteach duit caithfear cuntas scríofa a thabhairt duit ar na cúiseanna. B'fhéidir go dtabharfar cead isteach duit ach beidh coinníollacha ag gabháil leis. Mar shampla, ní thabharfar cead duit fanacht ach ar feadh tréimhse áirithe ama. Má theastaíonn uait fanacht in Éirinn ar feadh tréimhse níos faide, beidh ort cead fanachta a fháil trí chlárú a dhéanamh ag d'oifig inimirce áitiúil. Déanfar é seo ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) i mBaile Átha Cliath,agus ag ceanncheathrú réigiúnach an Gharda Síochána, lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil le ceanncheathrú réigiúnach an Gharda Síochána i do cheantar féin má tá cónaí ort lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Déan teagmháil le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce

13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.