Caithfear Cáin Chlárúcháin Feithicle (CCF) a íoc ar charranna nua agus ar charranna a thugtar isteach go hÉirinn, chomh maith le sin caithfear iad a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Má tá tú ag bogadh go hÉirinn nó má tá cónaí ort anseo cheana agus carr nó feithicil eile á iompórtáil isteach sa tír agat beidh ort trí rud a dhéanamh sular féidir leat an fheithicil a thiomáint in Éirinn:
Ní mór do gach tiománaí ceadúnas bailí tiomána a bheith á iompar aige/aici i gcónaí nuair atá sé/sí ag tiomáint in Éirinn. Féach eolas maidir le cead fhoghlaimeora, ceadúnais tiomána agus ceadúnais tiomána idirnáisiúnta anseo.
Cáin nach mór duit a íoc nuair a chláraíonn tú feithicil don chéad uair in Éirinn í Cáin Chlárúcháin Feithicle (CCF). Má tá feithicil iompórtáilte agat, ní mór duit CCF a íoc agus an teastas Clárúcháin Feithicle don fheithicil a fháil a thaispeánann go bhfuil CCF íoctha agat. Gearrfar pionóis mhóra ort as aon mhoill a bheith ort d’fheithicil a chlárú nó Cáin Chlárúcháin Feithicle a íoc – ina measc d’fhéadfaí an fheithicil a bhaint díot agus an dlí a chur ort.
Ní mór duit an carr a chlárú agus Cáin Chláraithe Feithiclí a íoc ag ionad Seirbhíse Tástála Carranna Náisiúnta - féach ‘Rialacha’ thíos. Déanfar scrúdú ar do charr chun a chinntiú go bhfuil tú ag íoc an Cháin Chláraithe Feithiclí ceart. I gcás carranna agus veaineanna beaga, tá an méid CCF iníoctha bunaithe ar chéatadán an phraghais díola atá molta, ina n-áirítear gach cáin. Praghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO) a thugtar ar an bpraghas seo. Is féidir leat meastachán den Cháin Chláraithe Feithiclí dlite a fháil ó Chóras Fiosrúcháin Ar Líne um Chlárú Feithiclí.
Má mheasann tú gur gearradh rótháille ort, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí úsáid a bhaint as an nós imeachta achomhairc do Cháin Chláraithe Feithiclí. Tá an bhileog seo ar fáil ó oifig áitiúil ar bith de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá liosta seoltaí oifigeach achomhairc ag deireadh an bhileog.
Díolúintí sealadacha
I gcásanna áirithe is féidir le duine neamhchónaitheach feithiclí atá cláraithe go heachtrach a iompórtáil go sealadach go hÉirinn gan an riachtanas chun CCF a íoc nó an fheithicil a chlárú. Duine neamhchónaitheach is ea duine a mbíonn cónaí go hiondúil air taobh amuigh d’Éirinn ar feadh 185 lá ar a laghad gach bliain agus maireann an díolúine shealadach ar feadh tréimhse suas le 12 mhí. D'fhéadhfadh duine ar tasc faid cinnte díolúine ar feadh tréimhse níos faide a bheith aige. Is féidir le mic léinn atá ag déanamh staidéir in Éirinn feithicil atá cláraithe go heachtrach a thabhairt go hÉirinn agus síneofar an teorann ama 12 mhí le críochnú a gcúrsa a chlúdach. Tá tuilleadh eolais ar fáil i leabhrán Ioncaim Feithiclí cláraithe go heachtrach Díolúintí Sealadach.
Díolúintí eile
Tá faoisimh agus díolúintí eagsúla ar fáil ó CCF a íoc. Fiú muna gá duit CCF a íoc, ní mór duit an fheithicil a íoc nuair a thagann tú go hÉirinn (féach na Rialacha thíos). Tá na grúpaí daoine seo a leanas slán ón CCF a íoc:
NÓTA: má tá tú ag bogadh go hÉirinn agus má tá tú i measc na ndaoine a bhfuil díolúine acu ón CCF a íoc ní féidir leat an fheithicil a dhíol ar feadh níos mó ná 12 mí ón am a dhéantar an fheithicil a chlárú.
Más gá duit CCF a íoc, is féidir leat an fheithicil a dhíol anseo in Éirinn nuair is mian leat é sin a dhéanamh, chomh fada agus atá sé cláraithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón oifg áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má thugann tú feithicil isteach go hÉirinn ó thar lear, ní mór duit cruthúnas céannachta agus doiciméid sainithe eile a bheith agat chun clárú agus an Cháin Chláraithe Feithiclí a íoc. Tá liosta de na doiciméid riachtanacha ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ní mór duit coinne a chur in áirithe leis an gCóras Náisiúnta Tástála Carranna taobh istigh de 7 lá ón uair a thagann d’fheithicil go hÉirinn - féach ‘Conas Iarratas a Dhéanamh’ thíos. Déanfar scrúdú ar an bhfeithicil ag an gcigireacht seo chun a chinntiú go dtagann a thréithe leo siúd atá taifeadta sa doiciméad cláraithe. Íocann tú an CCF a ghearrtar tar éis do charr a scrúdú ag ionad an Chórais Náisiúnta Tástála Carranna. Ní mór an próiseas cláraithe a bheith críochnaithe taobh istigh de 30 lá ón uair a thugtar an fheithicil go hÉirinn.
Nuair atá an fheithicil cláraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus an CCF íoctha gheobhaidh tusa (nó do cheannaí mótar):
Ní mór duit an uimhir chlárúcháin a chrochadh ar an gcarr taobh istigh de 3 lá. Is coir é gan an uimhir nua chlárúcháin a chrochadh agus is féidir leis an nGarda Síochána fíneáil a ghearradh ort. Tá tuilleadh eolais inár ndoiciméad faoi phlátaí clárúcháin. Tá sé i gcoinne an dlí plátaí clárúcháin mhaisithe/pearsanta a bheith ar an bhfeithicil.
Is í an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a eisíonn an teastas clárúcháin feithicle. Cuirfear chugat sa phost é nuair atá iarratas déanta agat cáin mhótair a íoc ag Oifig Mhótarchánach an údaráis áitiúil - féach thíos.
Caithfidh tú Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc má iompórtálann tú carr nua ó thír eile de chuid an AE, agus is ag am a chláraithe a íoctar é sin de ghnáth. Is ionann carr nua agus carr nár úsáideadh ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí nó nár tiomáineadh níos faide ná 6,000 ciliméadar. Ní foláir CBL a íoc fiú má d'íoc tú CBL sa tír eile.
Ní mór CBL (agus dleacht chustaim) a íoc má tá tú ag iompórtáil carr nua nó carr réchaite ó thír lasmuigh den AE - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Faoi dhlí na hÉireann ní mór duit árachas mótair a bheith agat más mian leat feithicil a thiomáint in áit phoiblí.
Gearrann Rialtas na hÉireann cáin mhótair ar fheithiclí mótair. Baintear úsáid as an airgead a bhailítear mar cháin mhótair leis na bóithre a chothú agus a uasghrádú. Níl cáin le n-íoc ar gach feithicil.
Má tá an fheithicil sin 4 bliana d’aois nó níos mó, ní mór d’fheithiclí a chur faoin Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG ) láithreach. Baineann an riail seo le feithiclí ar déanadh tástáil orthu ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt nó aon tástáil feithicle eile thar lear. Beidh an teastas tástála bailí go dtí an chéad dáta teastais dlite. Má tá an fheithicil fós in Éirinn beidh tástáil le déanamh arís uirthi. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár doiciméad faoin Tástáil Náisiúnta Gluaisteán.
Más mian leat carr a dhiúscairt toisc é a bheith sean (idir 12 -14 bliana d’aois de ghnáth) nó toisc go ndearnadh an-damáiste dó i dtimpiste, ní mór é a dhiúscairt ag saoráid ceadúnaithe cóireála. Tá tuilleadh eolais le fáil inár ndoiciméad faoi conas feithicil a bhfuil a ré caite a dhiúscairt.
Tá Cáin Chlárúcháin Feithicle bunaithe ar 'an Praghas Díolacháin ar an Margadh Oscailte (PDMO). Braitheann an PMDO ar luachanna an mhargaidh ag an am, aois na feithicle, méid an innill agus riocht d’fheithicle ar an mbóthar.
Tar éis don chigireacht a bheith déanta ar an bhfeithicil, ríomhann na Coimisinéirí Ioncaim an ráta Cáin Chláraithe Feithiclí. Bailíonn an Córas Náisiúnta Tástála Carranna an Cáin Chláraithe Feithiclí thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat íoc le dréacht bainc (iníoctha leis an gCóras Náisiúnta Tástála Carranna), cárta Laser (cárta dochair) nó cárta creidmheasa. Más cárta dochair Laser atá in úsáid agat, ní féidir leat ach €1,500 a íoc in aon lá amháin. Má tá an CCF iníoctha níos mó ná seo, is féidir leat an fuílleach a íoc le hordú bainc.
Ó 1 Iúil 2008 níl CCF do charranna (cineál A) bunaithe ar mhéid innill ach ar leibhéil astaithe CO2 ón gcarr. Féach an láithreáin gréasáin Údarás Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann chun leibhéil astaithe CO2 do samplacha charranna difriúla a fheiceáil.
Rátaí CCF do fheithiclí Cineál A ó Iúil 2008
| Leibhéil astaithe CO2 | Rátaí CCF | |
| Banda A | faoi bhun 120 graim sa chiliméadar | 14% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €280) |
| Banda B | 121-140 graim sa chiliméadar | 16% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €320) |
| Banda C | 141-155 graim sa chiliméadar | 20% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €400) |
| Banda D | 156-170 graim sa chiliméadar | 24% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €480) |
| Banda E | 171-190 graim sa chiliméadar | 28% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €560) |
| Banda F | 191-225 graim sa chiliméadar | 32% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €640) |
| Banda G | os cionn 225 graim sa chiliméadar | 36% den PDMO, (faoi réir ag íoscháin de €720) |
Rátaí Cáin Chlárúcháin Feithicle do gach cineál eile
| Cineál | Feithicil | Costas CCF |
| B | Veaineanna dhíorthaithe ó carranna agus jípeanna | 13.3% den PDMO (faoi réir ag íoscháin de €125) (Ó 1 Eanáir 2011, muirearófar feithiclí tráchtála éadrom a raibh muirearaithe táille Catagóir C roimhe sin, táille Catagóir B.) |
| C | Feithclí eile m.sh. tarrachora, veaineanna móra, carranna seanré (os cionn 30 bliain), mionbhus (íosmhéid 12 suíochán) |
Ó 1 Bealtaine 2011 bunráta €200 (bhí sé bunráta €50). |
| Carbháin mótar/mótarthithe | 13.3% de PDMO ó Eanáir 2011 | |
| Gluaisrothair (nua) | €2 in aghaidh cc suas go dtí 350cc agus €1 an cc ina dhiaidh sin | |
| Gluaisrothair (dara láimhe) | Mar an gcéanna le cinn nua. Déantar an méid iomlán a laghdú de chéatadán ansin ag brath ar aois. (Os cionn 30 bliana 100% laghdú) | |
| Feithiclí leictreacha croschineálacha agus breosla solúbtha* | Faoiseamh CCF suas le €2,500 maidir le roinnt feithiclí baisctháirgthe áirithe go dtí 31 Nollaig 2010. Bíonn méid an faoiseamh CCF ag brath ar aois na feithicle. Fadaítear tréimhse na scéime suas go 31 Nollaig 2012 le faoiseamh CCF suas go €1,500. | |
| Feithiclí hibride leictreacha plugála** | Faoiseamh CCF suas le €2,500 maidir le roinnt feithiclí baisctháirgthe áirithe go dtí 31 Nollaig 2012. Bíonn méid an faoiseamh CCF ag brath ar aois na feithicle | |
| Feithiclí agus gluaisrothair leictreacha*** | Díolúine ó CCF go dtí 31 Nollaig 2012 |
*Feithicil a fhaigheann cumhacht ó mhótar leictreach agus ó inneall dócháin inmhéanaigh í feithicil leictreach croschineálach. Is féidir í a thiomáint ar leictreachas amháin ar feadh cuid mhaith den ghnáth thréimhse tiomána. Is féidir le inneall feithiclí breosla solúbtha cumasc petril agus eatánól (íosmhéid 80%) a usáid.
**Ciallaíonn feithicil leictreach hibrideach plugála feithicil sraith-tháirgthe a fhaigheann a cumhacht mhótair ó mheascán de mhótar leictreach agus inneall dócháin inmheánaigh, áit a bhfaigheann an mótar leictreach a chumhacht ó cheallra is féidir a luchtú ón inneall dócháin inmheánaigh agus ó phríomlíonra leictreachais srutha ailtéarnaigh (AC) agus is féidir a thiomáint ar leictreachas amháin ar feadh cuid mhaith dá ghnáth-thimthriall tiomána.
***Tá feithiclí agus gluaisrothair leictreacha a thiomáint ar leictreachas amháin.
Ní mór duit do charr a thabhairt chuig d’ionad áitiúil ainmnithe de chuid an Chórais Náisiúnta Tástála Carranna chun clárú agus an Cháin Chláraithe Feithiclí a íoc (tá 22 díobh seo ar fud na tíre). Ní mór duit coinne a chur in áirithe leis an gCóras Náisiúnta Tástála Carranna taobh istigh de 7 lá ón uair a thugtar an carr go hÉirinn. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gcóras cláraithe ar fáil ar láithreán gréasáin an Chórais Náisiúnta Tástála Carranna. Ag an gcigireacht, ní mór duit Dearbhú maidir le Clárú Feithicle/Gluaisrothair Nua nó Athláimhe (pdf) a thabhairt leat agus é a chur i láthair leis na doiciméid seo a leanas:
Má tá tú ag clárú feithicil nua (níos óige ná 3 mhí d’aois nó a thaisteal níos lú ná 3,000km) ní mór duit Deimhniú Comhréireachta Cineáil Feithicle Iomláin AE nó Deimhniú Comhréireachta IVA NASSTA a thabhairt leat freisin. (Coinneoidh an Córas Náisiúnta Tástála Carranna an doiciméad, mar sin ba chóir duit cóip de a choinneáil)
Má tá tú ag clárú feithicil athláimhe (os cionn 3 mhí nó 3,000km) ní mór duit fianaise de chlárú roimhe seo a thabhairt leat, mar shampla dearbhú eachtrach cláraithe, dearbhú onnmhairithe buan nó dearbhú díchláraithe. (Coinneoidh an Córas Náisiúnta Tástála Carranna an doiciméad, mar sin ba chóir duit cóip de a choinneáil)
Má tá díolúine ó Cháin Chláraithe Feithiclí á éileamh agat, ní mór duit an dearbhú díolúine a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt leat.
Nuair atá fiosrúchán á dhéanamh agat maidir le rátaí den Cháin Chláraithe Feithiclí, ní mór duit faisnéis ar leith a sholáthar maidir le d’fheithicil. Tá treoir maidir le CCF ar liosta é de cheisteanna coitianta maidir le CCF in Éirinn curtha le chéile ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin. Tá bileog ar an gcóras CCF bunaithe ar CO2 foilsithe acu chomh maith.
Má tá ceist agat maidir le díolúintí CCF nó achomhairc, tá na sonraí teagmhála Revenue liostaithe anseo.
CBL
Má tá tú ag iompórtáil carr nua ó thír eile de chuid an AE ní mór CBL a íoc mar aon le Cáin Chláraithe Feithiclí - féach ‘CBL’ thuas. Íocann tú é seo nuair a chláraíonn tú an carr. Ní mór duit CBL agus dleacht chustaim a íoc má tá tú ag iompórtáil carr nua nó réchaite ó thír lasmuigh den AE. Íoctar dleacht chustaim ag an bpointe iontrála nuair a thagann an feithicil isteach san AE don chéad uair. Ní mór duit cruthúnas a bheith agat faoi seo nuair atá tú ag clárú an chairr in Éirinn.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.